Faisnéis maidir le rianta Luas agus soláthar cumhachta

Rianta agus Soláthar Cumhachta

Leithead na rianta is ea 1,435mm. Ráille eitrithe Ri59N a úsáidtear sa chuid is mó de na codanna a ritheann ar an tsráid agus ag stadanna agus úsaidtear ráille S49 i limistéir eas-sráide. Ta páirteanna freisin ar a bhfuil ráille Ri60N.  Is é 25 méadar ga íosta an riain ar línte reatha.


Ag na codanna ar shráid a chomhroinneann Luas, trácht bóthair agus coisithe bíonn cineáil éagsúla dromchla orthu, lena n-áirítear asfalt, seiteanna eibhir agus coincréit ionphriontaithe.  Tá dromchla de choincréit ionphriontaithe ar na rianta tríd na stadanna ar fad. Rian traidisiúnta nó ballastach atá ar fhormhór na gcodanna eis-sráide den chóras seachas codanna gearra de rianta féir. Baintear úsáid as rian ballastach ar mhórchuid den Líne Uaine agus ag na hiostaí.


Déanann TII maoirsiú ar oibríochtaí laethúla chonraitheoir oibríochta Luas lena chinntiú go gcloítear le comhaontuithe maidir le; minicíocht, sceideal, amchlár agus ticéid. 

Soláthar Cumhachta

Tagann soláthar cumhachta Luas ó fostáisiúin leictreachais ag 750 volta DC trí Chóras Caitéine Lasnairde (OCS). Tá cuaillí mar thaca don OCS, nó tá sé daingnithe d'fhoirgnimh taobh leis an iarnród. Tiontaítear an DC 750 volta a sholáthraítear do na tramanna go sruth AC chun cumhacht a thabhairt do thrí bhógaí innealta ar gach tram. Críochnaítear an ciorcad ansin leis na ráillí reatha a thugann cosán don sruth fillte.


Tagann cumhacht go dtí fostáisiúin ón eangach náisiúnta ag 10 kV AC. Tá 20 fostáisiún tarraingithe sa chóras, seacht gcinn acusan faoin talamh.

Má tá ceist agat faoi oibríochtaí an Luas nach bhfreagraítear anseo, tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin an Luas, nó is féidir ríomhphost a sheoladh chuig info@luas.ie.