Tramanna agus Iostaí

Tá trí chineál tram á oibriú ar líonra an Luas agus tá trí iosta ann a thacaíonn le cothabháil fhlít na dtramanna.

Tramanna

Tá 40 tram Alstom Citadis 401, 26 thram Alstom Citadis 402, agus 7 dtram Alstom Citadis 502 á oibriú ar líonra an Luas. 
 
Oibríonn 35 thram Alstom Citadis 401 ar an Líne Dearg. Oibríonn 5 thram Alstom Citadis 401, 26 thram Alstom Citadis 402, agus 7 dtram Alstom Citadis 502 ar an Líne Uaine. 
 
Tá tramanna Luas 401 40.8m ar fad, 2.4m ar leithead, agus tá 70% den urlár íseal. 
Tá tramanna Luas 402 43.6m ar fad, 2.4m ar leithead, agus tá 100% den urlár íseal.
Tá tramanna Luas 502 54.7m ar fad, 2.4m ar leithead, agus tá 100% den urlár íseal. 
 
Ba thramanna Alstom Citadis 301 ar dtús iad gach ceann de na 40 tramanna Alstom Citadis 401 atá ann anois, ach fadaíodh iad chun tramanna Alstom Citadis 401 a chruthú.
 
Tá an leithead rianta céanna ag an Líne Dearg agus an Líne Uaine, agus aistrítear tramanna idir na línte ó am go ham ar chúiseanna oibríochta.
 

Freastalaíonn 40 tram de chineál Alston Citadis 401, 40.8 m ar fhaid agus 2.4m ar leithead ar an Líne Dhearg. Tramanna le hurláir ísle is ea 70% díobh. Freastalaíonn 26 tram de chineál Alston Citadis 402, 43.6 m ar fhaid agus 2.4m ar leithead ar an Líne Uaine. Tramanna le hurláir ísle is ea 100% díobh.

 

Cuireadh tramanna de chineál 401 i seirbhís in 2004 ar an Líne bhunaidh Dhearg agus Uaine. Cuireadh tramanna de chineál 402 i seirbhís in 2009 ar an Líne Uaine amháin. Bogadh na tramanna de chineál 401 ar fad go dtí an Líne Dhearg toisc gur tugadh isteach na tramanna de chineál 402 ar an Líne Uaine.

Iostaí

Tá iostaí suite ag an mBó Dhearg don Líne Dearg, agus in Áth an Ghainimh agus Droichead Broome don Líne Uaine.
 
Cuimsíonn Iosta na Bó Deirge foirgneamh cothabhála agus deisiúcháin, áiseanna seirbhísithe agus níocháin agus limistéar mór stáblaíochta a bhfuil slí ann do suas le 47 dtram. San iosta seo tá an lársheomra rialaithe, oifigí riaracháin an oibritheora, agus príomhoifigí cothabhála na bhfeithiclí agus an bhonneagair.
 
Cuimsíonn Iosta Áth an Ghainimh foirgneamh cothabhála agus deisiúcháin, áiseanna seirbhísithe agus níocháin agus limistéar meánmhéide stáblaíochta a bhfuil slí ann do suas le 32 dtram. Tá áiseanna rialaithe áitiúil áirithe agus spás oifige teoranta ann chomh maith.
 
Cuimsíonn Iosta Áth an Ghainimh foirgneamh cothabhála agus deisiúcháin, áiseanna seirbhísithe agus níocháin agus limistéar beag stáblaíochta. Tá áiseanna rialaithe áitiúil áirithe agus spás oifige teoranta ann chomh maith.
 
Má tá ceist agat faoi oibríochtaí an Luas nach bhfreagraítear anseo, tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin an Luas, nó is féidir ríomhphost a sheoladh chuig info@luas.ie.