Tionscadail & Feabhsúcháin
Ó láinseáladh é, cuireadh feabhas leanúnach ar Luas chun seirbhísí níos fearr a thabhairt dá phaisinéirí.
Ó cuireadh tús leis an tseirbhís in 2004, críochnaíodh trí shíneadh leis na línte Luas a bhí ann chean féin. Ba iad sin:
• Síneadh ar Líne Dhearg Luas Iarthar na Cathrach
• Síneadh ar Líne Ghlas Luas Choill na Silíní
• Síneadh ar Líne Dhearg Luas na nDugthailte
Ó osclaíodh ar dtús iad rinneadh an dá líne a shíneadh agus a dheighilt ina gcraobhacha éagsúla. Tá 54 stáisiún sa chóras faoi láthair agus 36.5 chiliméadar (22.7 míle) de rian seirbhíse.
Cumas Breise na Líne Deirge & Síneadh Iosta na Bó Deirge
Lainseáladh Luas sa bhliain 2004 le 40 tram: ceithre thram déag 40m ar fhaid ar Líne Ghlas Luas bunaithe in Iosta Átha an Ghainimh agus fiche sé thram 30m ar fhaid ar Líne Dhearg Luas bunaithe in Iosta na Bó Deirge.
Theastaigh ón nGníomhaireacht um Fháil Iarnród an líon áiteanna do phaisinéirí a mhéadú trí na 26 Citadis 301 a bhí acu a athchóiriú ina 26 Citadis 401. Theastaigh Carr Idirmheánach Leictreach (MIC) agus Carr Croctha (CS) le haghaidh gach feithicle, b'in uasghrádú ó thramanna trí mhódúl go tramanna cúig mhódúl. Cuireadh a thuilleadh le líon na n-áiteanna do phaisinéirí ar na tramanna seo nuair a feistíodh Barraí Ladhracha (Spider Bars) do phaisinéirí atá ina seasamh i lár an charáiste agus suíocháin fillte breise.
I mí na Nollag 2005 cheadaigh an Roinn Iompair an €41m de mhaoiniú a bhí ag teastáil agus gheall an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród go ndéanfaí athchóiriú go feithicil níos faide gach dhá sheachtain go leith. De réir a chéile tógadh tram amháin as seirbhís agus cuireadh síneadh leis. Chlúdaigh an maoiniú an costas a ghabh le síneadh a chur le hIosta na Bó Deirge agus lánaí stáblaíochta chun slí a thabhairt don bhflít nuashínithe 40 méadar. Tosaíodh ar síneadh a chur le Tramanna na Líne Deirge i mí Feabhra 2007 agus críochnaíodh in am é laistigh dá bhuiséad i mí na Bealtaine 2008.
Tramanna Breise
Ar an 31 Márta 2007 chuaigh an Ghníomhaireacht i gconradh €51m le haghaidh 18 bhfeithicil breise Luas. Tar éis don Bhord Pleanála Ordú um Iarnród a dheonú do luas Iarthar na Cathrach (Líne A1), mhéadaigh an Ghníomhaireacht ar an ordú bunaidh go dtí 26 tram tar éis dóibh 8 gcinn eile a chur leis ar chostas breise de €22m. Ceannaíodh na tramanna seo lena chinntiú go gcoinneodh an Ghníomhaireacht an mhinicíocht seirbhíse chéanna, bunaithe ar an gclár ama, ar an Líne Dhearg agus ar an Líne Ghlas araon. Tar éis don 26 thram nua a bheith curtha le flít Luas tá líon iomlán tramanna de 66.