Rogha Réiteach Iompair Thionscadal an N/M20 ó Chorcaigh go Luimneach

Tá forbairt thionscadal an N/M20 ó Chorcaigh go Luimneach á thabhairt chun cinn ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, a sainaithníodh mar infheistíocht tosaíochta i bPlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 an Rialtais, i gcomhar le Comhairle Contae Chorcaí, Comhairle Cathrach Chorcaí, Bonneagar Iompair Éireann agus an Roinn iompair.

Cuireadh próiseas comhairliúcháin ar bun go déanach in 2020/go luath in 2021, a fuair aiseolas poiblí suntasach ar roinnt roghanna bótharbhunaithe agus iarnródbhunaithe agus ar an straitéis taistil ghníomhaigh. Tar éis breithniú a dhéanamh ar an aiseolas poiblí agus breithmheas mionsonraithe a dhéanamh air, sainaithníodh an rogha réiteach iompair lena n-áirítear bonneagar taistil ghníomhaigh do shiúl agus rothaíocht, feabhsúcháin ar iompar poiblí, bonneagar nua agus feabhsaithe sábháilte bóthair agus comhtháthú timpeallachta do phobail feadh chonair iompair an N20 idir Corcaigh agus Luimneach.

Bonneagar Nua agus Feabhsaithe

  • Soláthróidh tionscadal an N/M20 80 ciliméadar de bhóthar nua agus feabhsaithe débhealaigh idir Cathair Chorcaí agus Tobar Phádraig, Luimneach a sholáthróidh seachbhóithre ar bhailte Mhala, Chill na Mallach agus na Rátha agus athúsáidfear idir 30% agus 40% de shócmhainn reatha bhóthair an N20.
  • Forbrófar an dearadh bóthair, an trasghearradh, saghas an bhóthair (Bóthar nó Mótarbhealach Cosanta), straitéis acomhail agus oibreacha cóiríochta i rith na chéad chéime eile den tionscadal, laistigh den rogha is fearr 500m ar leithead, agus foilseofar iad ar www.corklimerick.ie.
  • Tosófar an rogha bhótharbhunaithe is fearr ó dhébhealach reatha an N20 idir Cathair Chorcaí agus an Bhlarna agus leanann sé ar aghaidh ar an líne agus an N20 reatha go dtí Mainistir na Móna á athúsáid. Gabhann an rogha as líne ansin agus ar sheachbhóthar lastoir de Mhala, Tigh Nua an Dá Phota agus Cill na Mallach. Téann an rogha ar líne arís agus an N20 reatha lastuaidh de Chill na Mallach á athúsáid, agus gabhann sé as líne arís ansin ar sheachbhóthar laistiar de Bhealach Átha, an Ráth agus Bánóg. Gabhann an rogha ar líne arís agus N20 reatha sheachbhóthar Chromadh á athúsáid agus ceanglaítear é le Mótarbhealach reatha an M20 ag Áit Tí Flainn i ngar do Thobar Phádraig. Leanann an rogha bhótharbhunaithe is fearr iarscéim an M20 ó Chorcaigh go Luimneach 2010 go mór mór.
  • Soláthróidh an tionscadal fad 80 ciliméadar de bhonneagar taistil ghníomhaigh chlaochlaithigh (siúl agus rothar), a cheanglaíonn pobail Chorcaí, na Blarnan, Ghreanaí, na Rátha Duibhe, Mhala, Thigh Nua an Dá Phota, Chill na Mallach, na Rátha, Bhrú Rí, Bhánóige, Chromadh, Thobar Phádraig agus Luimnigh le chéile.

Sábháilteacht

  • Fuair ar a laghad 62 duine bás le 25 bliain anuas ar an N20, ar a bhfuil ráta imbhuailte marfach ceithre huaire níos mó den mheán náisiúnta.
  • D’fhéadfadh 80km de dhébhealach roinnte a sholáthar 200 imbhualadh marfach / tromghortaithe a shábháil i rith na tréimhse breithmheasa 30 bliain.
  • Déanfaidh fad 80km de shiúlán / rotharbhealach a sholáthar sábháilteacht do choisithe agus rothaithe a fheabhsú go suntasach agus spreagfaidh sé taisteal gníomhach sláintiúil feadh chonair an N20.

Iompar Poiblí

  • Bainfidh an tionscadal coigiltí ama aistir idirchathrach a mhéid le 30 nóiméad do mhearsheirbhísí bus idir Corcaigh agus Luimneach agus feabhsóidh sé amanna aistir agus iontaofacht ama aistir do sheirbhísí bus áitiúla feadh chonair an N20.
  • Scrúdaigh an tionscadal réimse roghanna iarnródbhunaithe agus moladh ann go bhforbrófaí seirbhís iarnróid bhreise “gan athrú” gach uair an chloig idir an dá chathair, trí Ghabhal Luimnigh, a laghdóidh amanna aistir iarnróid idirchathrach 20 nóiméad idir Corcaigh agus Luimneach. Tá an tseirbhís iarnróid nua á moladh ag an bhfoireann tionscadail lena breithniú laistigh den Athbhreithniú Straitéiseach Iarnróid Uile-Oileáin.
  • Éascóidh an tionscadal feabhsúcháin ar nascacht trí sheirbhísí bus áitiúla agus mearsheirbhísí bus le cómhalartuithe iompair phoiblí (Moil Soghluaisteachta), e.g. comhtháthú le stáisiúin iarnróid Mhala agus na Rátha agus na suíomhanna beartaithe páirceála agus taistil sa Bhlarna agus sa Ráithín.

Comhtháthú Comhshaoil

An tIonad Rialaithe Oibríochtaí Mótarbhealaigh

  • Bainfidh seachbhóithre Mhala, Thigh Nua an Dá Phota, Chill na Mallach, na Rátha agus Bhánóige trácht agus feithiclí earraí troma straitéiseacha ó na pobail seo, a fheabhsóidh cáilíocht an aeir go suntasach, a laghdóidh leibhéil torainn, agus a thacóidh níos mó le feabhsúcháin ar an ríocht phoiblí, iompar inbhuanaithe agus pobail bheoga.
  • Dearadh an Plean Forbartha Náisiúnta (an NDP) lena chinntiú go dtacaíonn sé le huaillmhianta aeráide an Rialtais. Mar phríomhthionscadal an NDP, rinneadh breithnithe athraithe aeráide a chuimsiú go hiomlán isteach i bpróiseas measúnaithe an N/M20 go dtí seo. Úsáidfear treoir chothrom le dáta ón Institiúid Bainistíochta agus Measúnaithe Comhshaoil chun measúnú a dhéanamh ar an mbrath ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar athrú aeráide agus ar oiriúnú an réitigh iompair is fearr.

Conair Gheilleagrach

  • Chuir an easpa nascacht ardchaighdeáin idir na réigiúin laistigh de Chonair Gheilleagrach an Atlantaigh (AEC) bac mór ar an ngeilleagar réigiúnach a fhorbairt mar chúiteamh do Bhaile Átha Cliath agus don chósta thoir. Nasc ríthábhachtach in easnamh atá i dtionscadal an N/M20 ó Chonair Gheilleagrach an Atlantaigh, a chuireann feabhas ar nascacht agus inrochtaineacht réigiúnach feadh bhord farraige an iarthair.

Comhairliúchán Poiblí

  • Sainaithníodh an réiteach iompair is fearr tar éis breithmheas mionsonraithe a dhéanamh ar líon mór roghanna éagsúla le trí bliana anuas. Áiríodh go leor comhairliúcháin leis an bpobal, soláthraithe iompair, gníomhaireachtaí rialtais agus príomhpháirtithe leasmhara eile leis an bpróiseas seo. Leanfar leis an bpróiseas comhairliúcháin seo trí na chéad chéimeanna eile.

Cad é an chéad rud eile a tharlóidh?

Forbraíodh ardán taispeána poiblí ar líne ar shuíomh gréasáin an tionscadail, www.corklimerick.ie. Soláthróidh an t-ardán ar líne seo seomra fíorúil taispeána a cheadóidh don phobal agus páirtithe leasmhara eile amharc air agus idirghníomhú le heolas agus léarscáileanna an tionscadail don rogha réiteach iompair. Beidh eolas agus léarscáileanna an tionscadail ar fáil freisin in Oifig Tionscadail an N/M20 i dTeach Lios an Fháltaigh, Tuar an Daill, Luimneach agus ag roinnt oifigí poiblí Comhairle agus leabharlanna poiblí idir Corcaigh agus Luimneach.

Tugadh fógra sa phost d’úinéirí réadmhaoine feadh na rogha is fearr agus tugadh cuireadh dóibh dul i gcomhairle leis an bhfoireann tionscadail, cibé acu i bpearsan i Luimneach nó i Mala, nó trí chruinnithe ar líne nó gutháin i rith na chéad chéime den tionscadal. Cuirfidh an fhoireann tionscadail roinnt seimineáir ghréasáin phoiblí ar líne ar siúl ag 7pm an 6 agus an 13 Aibreán, agus tá sonraí breise ar fáil ar láithreán gréasáin an tionscadail.

Is éard atá sa chéad chéim eile den tionscadal, Meastóireacht Dearaidh agus Comhshaoil, ná forbairt bhreise ar an tionscadal, an bóthar, lánaí rothar agus acomhail a dhearadh, an talamh a theastaíonn a shainaithint, measúnú mionsonraithe comhshaoil agus Tuarascáil Mheasúnachta Tionchair Timpeallachta agus Cás Gnó a ullmhú. Faoi réir fhaomhadh an Rialtais, déantar an aighneacht fhoirmiúil phleanála leis an mBord Pleanála ansin. Chun teacht ar eolas breise, tabhair cuairt ar www.corklimerick.ie nó déan teagmháil ar Oifig Tionscadail an N/M20 ag info@corklimerick.ie nó cuir glaoch ar (061) 973730.

 

Our Transport Solution
Map of N/M20 Preferred Route