N25 Seachbhóthar Ros Mhic Thriúin

Tá an tionscadal seo á thógáil agus meastar go gcríochnófar é faoin tríú ráithe de 2019. Cuimsíonn Tionscadal an N25 Seachbhóthar Ros Mhic Thriúin tógáil stráicí an N25 agus an N30 araon. Is éard a bheidh sa tionscadal CPP ná oibreacha ar 13.6km de dhébhealach (bealaí an N25 agus an N30) agus 1.2km de charrbhealach singil (bealach an N30 Ros Mhic Thriúin). Cuimsíonn an tionscadal droichead easdroma 900m le trí thúr thar an Bhearú freisin, chomh maith le droichead iarnróid agus aon droichead bóthair déag.
Tá na costais dearaidh agus tógála tosaigh á mhaoiniú ag an gcuideachta CPP, agus ansin tabharfaidh BIÉ íocaíochtaí (ar a dtugtar Íocaíochtaí Aonadacha nó Íocaíochtaí Infhaighteachta) don chuideachta CPP thar an tréimhse oibríochtúil 25 bliana de théarma an chonartha.
Bronnadh Conradh CPP an N25 Seachbhóthar Ros Mhic Thriúin in mí Eanáir 2016 ar New Ross N25 By-Pass DAC, cuibhreannas ina gcuimsítear BAM PPP PGGM Infrastructure Coöperatie U.A. agus Iridium Concesiones de Infrastucturas S.A.
DÁTA BHRONNADH AN CHONARTHACONRADH BRONNTA ARCINEÁL CPPCLÁR POLASAÍSTÁDAS
Eanáir 2016 New Ross N25 By-Pass DAC Íocaíochtaí Infhaighteachta Clár Spreagthaí Bonneagair 2012 ⁊ Tógáil ar Théarnamh: Infheistíocht Bhonneagair agus Chaipitil 2016-2021 Á thógáil