An N6 ó Ghaillimh go hOirthear Bhéal Átha na Sluaighe

Forbraíodh tionscadal an N6 ó Ghaillimh go hOirthear Bhéal Átha na Sluaighe mar Chomhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí. Síneann an scéim ar feadh 57.6 ciliméadar, tosaíonn sí i nGaillimh agus tá timpeallán ag Dabhach Uisce, ar dhébhealach reatha an N6, laisteas den R339, agus críochnaíonn sí i Ros Comáin agus tá timpeallán ann faoi láthair ar an N6 ag an mBeitheach, lastoir de Bhéal Átha na Sluaighe. Tá 56 ciliméadar de dhébhealach agus 1.6 ciliméadar de charrbhealach singil ag a bhun thoir agus 7 gciliméadar de nasc carrbhealaigh shingil le Seachbhóthar Bhaile Locha Riach sa scéim. Tá 4 acomhal ilairde ann ag Gleann an Scáil, ar an N18; ag an Áth Nua, siar ó dheas de Bhaile Átha an Rí; ag an gCeathrú Chaol, lastuaidh de Bhaile Locha Riach agus ag Breacarnach, siar ó dheas de Bhéal Átha na Sluaighe. Ceadófar don trácht ar an N6 nua Órán Mór, Creachmhaoil, Baile Locha Riach, Cill Rícill, Eachroim agus Béal Átha na Sluaighe a sheachaint agus soláthróidh sé teacht díreach ar Bhaile Átha an Rí.

Bronnadh an conradh CPP in Aibreán 2007 ar N6 (Concession) Limited ina gcuimsítear FCC Construction S.A. agus Itinere Infraestructuras, cuideachtaí móra araon ón Spáinn, agus PJ Hegarty and Sons ó Éirinn.

DÁTA BRONNTA CONARTHACONRADH BRONNTA ARSAGHAS AN CPP CLÁR RIALTAIS STÁDAS
Aibreán 2007 N6 (Concession) Ltd. Lamháltas An Plean Forbartha Náisiúnta 2000-2006 Osclaíodh é in 2009

Cliceáil anseo, le do thoil, chun dul go dtí suíomh gréasáin na scéime.

Gnéithe Airgeadais Chonradh CPP an N6 ó Ghaillimh go Béal Átha na Sluaighe

Cuideachta Lamháltais

The N6 Galway to Ballinasloe PPP contract was awarded to (N6 Concession) Limited in April 2007. ICON comprises FCC Construction S.A. and Itinere Infraestructuras, both major companies from Spain, and PJ Hegarty & Sons from Ireland.

Dualgais agus oibleagáidí na Cuideachta Lamháltais

Príomhchuid den phlean leis an ngréasán bóithre foriomlán don tír a uasghrádú é débhealach an N6 ó Ghaillimh go Béal Átha na Sluaighe. Rachaidh sé chun mórshochair Réigiún an Iarthair agus cuirfidh sé feabhas, mar phríomhghné den ghréasán idiruirbeach, ar cheangail iompair ar bóthar idir Iarthar agus Oirthear na tíre.

Is í an scéim seo an dara scéim bóthair is mó faoi Transport 21, agus is é mótarbhealach an M3 ó Chluain Aodha go Ceanannas an ceann is mó.

Gabhann an bealach ó imill Chathair na Gaillimhe go Baile Átha an Rí, áit a dtrasnaíonn sé líne iarnróid na Gaillimhe/Bhaile Átha Cliath, Abhainn na Gráige agus líne iarnróid Bhaile Átha an Rí/Luimnigh. Leanann an bealach as sin soir ó dheas chuig acomhal na Ceathrún Caoile óna ngabhann nascbhóthar Bhaile Locha Riach ó dheas go Seachbhóthar Bhaile Locha Riach. Leanann an bealach ó Acomhal na Ceathrún Caoile soir ó thuaidh go dtí an Dola-Phlás a bheartaítear i ngar do Cheapaigh an tSeagail. Gabhann an bealach ansin lastuaidh de shráidbhaile Eachroma, agus leanann sé soir arís trasna Abhainn na Suca go dtí a cheann scríbe ag Tul Rois lastoir de Bhéal Átha na Sluaighe, áit a gceanglaíonn nascbhóthar leis an N6 reatha ag an mBeitheach i gContae Ros Comáin.

Tá cúig acomhal ilairde sa Scéim – ag Gleann an Scáil, Baile Átha an Rí, an Cheathrú Chaol, Béal Átha na Sluaighe Thiar agus Béal Átha na Sluaighe Thoir. Tá Dola-Phlás agus fóntais ghaolmhara i ngar do shráidbhaile Cheapaigh an tSeagail, ar an débhealach idir tardhroichid Ghort na hUamhan agus Bhaile na Cloiche. Tá 9 dtimpeallán ar nascbhóithre, 1 thrasrian mór abhann, 3 thrasrian iarnróid, 30 droichead bóthair agus droichead coisithe ann freisin. Tá struchtúir chóiríochta d’úinéirí talún, taobh-bhóithre agus tóchair ann freisin.

Tá ar ICON tabhairt faoi na tascanna seo a leanas:

  • Dearadh
    • Dearadh mionsonraithe iomlán a dhéanamh ar gach gné nuathógála;
    • CNa measúnuithe riachtanacha ar struchtúir a dhéanamh ag céimeanna éagsúla i rith na tréimhse lamháltais
  • Tógáil
    • Na hoibreacha nua go léir a thógáil;
    • Glacadh le freagracht as dálaí talún, monatóireacht agus réiteach seandálaíochta, athlonnú fóntais agus tírdhreachú.
  • Cothabháil
    • Pábháil bhóthair, struchtúir, tírdhreachú, comharthaí, líniú, soilsiú, bacainní sábháilteachta, fálú agus gach gné eile den bhóthar a chothabháil;
    • Tabhairt faoi chothabháil chuimsitheach geimhridh, patróil, sailleadh réamhchúramach, agus glanadh sneachta san áireamh.
  • Oibriú
    • An bóthar a bhainistiú i dtaobh sábháilteachta, bainistíocht tráchta, eolais don úsáideoir bóithre, doirteadh ola, timpistí;
    • An córas dolaí a oibriú i leith na leibhéal riachtanach seirbhíse agus é a uasghrádú mar is gá chun freastal ar éileamh;
  • Ath-infheistiú
    • Sula dtabharfar ar ais don earnáil phoiblí é ag deireadh an lamháltais, na háiseanna go léir a uasghrádú is gá (e.g. athdhromchlú, athlíniú bóthair) chun an tsaolré riachtanach iarmharach a sholáthar don bhóthar.
    • Maidir le struchtúr an bhóthair, tá ar an lamháltóir é a thabhairt ar ais agus saolré bhreise 10 mbliana aige sula mbeadh aon neartú struchtúrach ag teastáil.
  • Airgeadas
    • Airgeadas a thiomsú don scéim agus freagracht a ghlacadh as na haisíocaíochtaí go léir;
    • An baol i leith róchaiteachas costais a láimhseáil.

An Tréimhse Lamháltais

Síníodh an conradh an 4 Aibreán 2007. Sínfidh an conradh ar feadh 30 bliain ón dáta sin. Ceaptar go nglacfaidh an tógáil thart ar 3 bliana, agus críochnófar í in 2010, agus beidh ICON freagrach as dolaí a bhailiú ar feadh tréimhse thart ar 27 bliain.

Costas an tionscadail

Measann an tÚdarás, dá dtabharfadh sé féin faoi na tascanna uile dearaidh agus tógála ar gá do ICON tabhairt fúthu gurbh ionann a bheadh an costas agus thart ar €475m (gan costais talún agus réamhdhearaidh a áireamh) de réir Glanluach Reatha Eanáir 2007.

Anuas air sin, b’ionann a bheadh na costais ar na bóithre tógtha a oibriú agus a chothabháil agus thart ar €130m (Glanluach reatha, luachanna Eanáir 2007) i rith na tréimhse 30 bliain.

Maidir le talamh agus réamhdhearadh, measann an tÚdarás gurb ionann a bheidh an costas talún, réamhstaidéar/dearaidh a theastaíonn leis an mbealach a shainaithint, cáipéisí reachtúla a ullmhú (Ráiteas Tionchair Timpeallachta), réamh-imscrúdú talún, tástáil agus réiteach tosaigh seandálaíochta, agus maoirseacht ar a tógáil agus thart ar €270m agus is é an tÚdarás a íocfaidh as. Baineann na costais seo, gan aird ar bhealach an chonartha a úsáidtear leis an scéim a sholáthar.

Maoiniú ICON

Cistiú fiachais é tromlach an chistithe agus shocraigh ICON cistiú ó thrí fhoinse:

  • Cistiú fiachais ó Bhanc Ríoga na hAlban ("RBS"), Banesto, Fortis agus MCC SpA (gné den cheathrú grúpa baincéireachta is mó san Iodáil);
  • An Banc Eorpach Infheistíochta (“EIB”) – banc faoi úinéireacht bhallstáit an Aontais Eorpaigh a infheistíonn i mbonneagar riachtanach AE; agus
  • Cistí ó bhaill an chuibhreannais

Ar an iomlán, tiomsaíodh fiachas bainc iomlán thart ar €250m leis an scéim a chistiú. Is é ICON an páirtí atá freagrach as na fiachais go léir seo a aisíoc agus gan a bheith ar an Stát iad a íoc

Tá cistiú substainteach á infheistiú ag ICON féin isteach sa tionscadal seo trí ghnáthscaireanna €30m ó na cuideachtaí atá sa chuibhreannas.

Íocaíochtaí ón Údarás le ICON

Tá íocaíochtaí an Údaráis le ICON seasta agus íocaíochtaí €136m (Ainmniúil) i gcaitheamh na tréimhse tógála atá iontu, a scaoiltear ar chríochnú sásúil príomhghnéithe tógála, agus íocaíocht €137m (Glanluach Reatha de réir luachanna Eanáir 2007) i rith thréimhse an oibrithe. (Nóta: Tá íocaíochtaí oibríochtúla faoi réir innéacsú ar aon dul leis an bpraghasinnéacs tomhaltóirí.)

Íocaíochtaí ó ICON leis an Údarás

Íocfaidh ICON sciar leis an Údarás, ag brath ar an leibhéal tráchta ar an mbóthar, de na hioncaim ó dholaí a bhailítear. Oibreofar an socrú seo Sciar Ioncaim mar mheicníocht le cosaint in aghaidh brabúis iomarcacha á dtuilleamh ag an Lamháltóir i gcás go dtiocfaidh méaduithe gan choinne ar líonta feithiclí.

Íocaíochtaí ó ICON leis an Stát

Anuas ar an sciar ioncaim a íocfaidh sé leis an Údarás, beidh oibleagáid ar ICON na híocaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Rátaí tráchtála: I gcomhréir leis an Acht Luachála, 2001, DirectRoute a bheidh in áititheoir réadmhaoine inrátáilte mar gheall ar na saoráidí dola a bheidh á n-oibriú acu. Ceanglófar ar DirectRoute, ag brath ar na líonta feithiclí agus a ríomhtar i gcomhréir le modheolaíocht a leagann an Oifig Luachála amach, rátaí a íoc leis an údarás áitiúil/na húdaráis áitiúla a ngabhann an bóthar trína limistéar riaracháin;
  • Cáin chorparáide; agus
  • CBL ar fháltais neamh-inghnóthaithe

Léargas Ginearálta Achomair

Íocfaidh an Stát, i dtaobh bonneagair ar a bhfuil costas measta €605m (tógáil agus oibríochtaí agus cothabháil leanúnach), gan costais talún/phleanála/dearaidh ullmhúcháin a áireamh, €136m (gan costais talún/ullmhúcháin a áireamh) i rith na tréimhse tógála 3 bliana anuas ar €137m sa bhreis i rith na tréimhse oibríochtúla. Forchúiteoidh an Stát airgead trí sciar ioncaim, rátaí agus cánacha.