Léarscáileanna Scéil

Tá an teicneolaíocht léarscáilithe is déanaí in StoryMaps (Léarscáileanna Scéil) anuas ar théacs insinte, íomhánna, agus ábhar ilmheán le scéalta an-spéisiúla a insint. Uirlis an-oiriúnach iad leis an tseandálaíocht a dtagtar orthu a chur in iúl agus úsáideadh iad i roinnt tionscadail TII.

 

Nóta: lena cheadú ábhar ilmheán a úsáid agus teacht, dár bharr, ar an ábhar uile ar an leathanach gréasáin seo, beidh ort do thoiliú d’fhianáin a nuashonrú chun glacadh leis na fianáin go léir.

The People of Medieval Killeagh

This Story Map is about the people of medieval Killeagh as uncovered by the exciting archaeological discoveries made in advance of construction works associated with the N25 Killeagh Pavement Strengthening scheme in east County Cork. Archaeologists from Rubicon Heritage Services Ltd uncovered evidence of a suspected fifth or sixth-century ecclesiastical site, with connections to a mysterious saint who, some feel, might be more exotic than previously thought!  Overlying the enclosure were more than 200 burials discovered in poorly preserved condition outside the modern boundary of Killeagh's parish church graveyard. A combination of osteoarchaeological, isotopic and ancient DNA analyses has revealed telling insights into this medieval population. The Story Map was created by TII, in collaboration with Cork County Council and Rubicon Heritage Services Ltd, to coincide with Heritage Week 2023.

Baile Chláir sa Mheánaois: an t-oileán a ligeadh i ndearmad

Agus fothrach na mainistreach meánaoisí agus forbhallaí túrthí athchóirithe sa chúlra, d’éirigh le himscrúduithe tástála seandálaíochta a rinne TVAS (Ireland) Ltd roinnt leideanna mealltacha a nochtadh faoi shaol na chéad daoine a chónaigh i mBaile Chláir, i lonnaíocht sráidbhaile phleanáilte a bhunaigh an barún Angla-Normannach John de Cogan ar Abhainn an Chláir go luath sa 13ú haois. Thit na tochailtí tástála amach in 2020 agus 2021 ag láthair lochán maolúcháin a bhí beartaithe (le rith chun srutha ón mbóthar a chóireáil trí úsáid a bhaint as scagadh nádúrtha), a bhí mar chuid de Scéim Feabhsúchán N83 Shráidbhaile Bhaile Chláir. Rinneadh an obair thar ceann Chomhairle Contae na Gaillimhe agus chistigh Bonneagar Iompair Éireann é. Déantar cur síos sa Léarscáil Scéil nua seo ar thorthaí na tochailte tástála ag Baile Chláir, ach leantar leis an scéal tar éis tochailt iomlán a dhéanamh ar an láithreán in 2023.

An Reilig a Ligeadh i nDearmad

Nocht seandálaithe i samhradh 2015 iarsmaí de lios nach raibh taifead air roimhe seo i mbaile fearainn Ranelagh, fad gearr lastuaidh de Bhaile Ros Comáin. I rith na bliana ina dhiaidh sin, nochtadh i dtochailtí láithreán a ghabhann siar go dtí an ceathrú haois mar áitreabh feirme simplí cosanta, ach ar tháinig fairsingiú suntasach agus athrú béime air leis na céadta blianta ar aon dul le riachtanais a chónaitheoirí. D’fheidhmigh an t-imfhálú freisin i rith na tréimhse seo, agus ina dhiaidh, mar reilig do na daoine seo agus dá dteaghlach sínte.

Is annamh a chruthaíonn aon láithreán amháin íomhá chomh cuimsitheach seo de chomhdhéanamh sochaíoch luath-mheánaoiseach agus meánaoiseach. Rinneadh sonraí maidir le cothú agus cleachtais feirmeoireachta, sláinte phearsanta, toircheas agus cúram leanaí, cóir leighis a chur ar dhaoine aosta agus breoite, an pobal agus inimirce, déantán a dhéantúsú agus tionscal éadrom, agus caillteanas pearsanta agus cleachtas adhlactha go léir a nochtadh. Ní hamháin go ndéanann an Léarscáil Scéil is déanaí seo, agus an monagraf a ghabhann leis i Sraith Oidhreachta TII a bhfuil an t-ainm céanna air, scéal láithreán Ranelagh a insint, ach insíonn sé scéal a chónaitheoirí mar ghrúpa, agus mar dhaoine aonair.

Switching Lenses: focusing on archaeologists in a time of change

Léarscáil Scéil é Switching Lenses: focusing on archaeologists in a time of change a thugann taispeántas grianghraf i bpearsan agus fíorúil le John Channing le Archaeological Management Solutions Ltd (AMS) isteach. Sraith portráidí de na seandálaithe a rinne Gort na Cranncha, Contae Ros Comáin – láithreán ar thángthas air sular tógadh tionscadal bóthair an N5 ó Bhealach an Doirín go Scramóg, atá sa taispeántas seo dar teideal ‘Unmasked: portrait of Gortnacrannagh’. Beartaítear gan tochailt a dhoiciméadú, ach na daoine a léiriú a bhí bainteach i dtochailt i rith príomhthráth stairiúil amháin. In ainneoin go bhfuil siad ceilte laistiar de mhaisc Covid, nochtar sna portráidí greann, pearsantacht agus mothúcháin ‘na scéalaithe’.

Tá an taispeántas ar taispeáint faoi láthair go fisiciúil ag Ionad Cuairteoirí Ráth Cruachan, Tuilsce, Contae Ros Comáin, áit ar seoladh é agus ar cuireadh ar scáileán go digiteach é mar chuid den chlár do Chomhdháil Laoch Ghort na Cranncha a d’eagraigh an tIonad, AMS, Comhairle Contae Ros Comáin agus TII. Is féidir féachaint air freisin i nDánlann 3D Fhíorúil. Féach an Léarscáil Scéil ‘Through Bog and Meadow’ thíos chun teacht ar bhreis sonraí faoi na tochailtí ar scéim an N5 ó Bhealach an Doirín go Scramóg.

Tionscadal an M28 ó Chorcaigh go Rinn an Scidígh

Tá fad 12.5 ciliméadar de bhóthar nua i dTionscadal an M28 ó Chorcaigh go Rinn an Scidígh a thógfar idir Cathair Chorcaí agus ceann Leithinis Rinn an Scidígh. Tá an tionscadal á thabhairt chun cinn ag Comhairle Contae Chorcaí (CCC) thar ceann Bhonneagar Iompair Éireann (TII). Faoi mar a dhéantar le gach scéim nua bóthair, déantar breithniú cúramach ar thionchar seandálaíochta agus tá Rubicon Heritage Services Ltd i gcomhar le TVAS Ireland Ltd ag tabhairt faoi obair allamuigh seandálaíochta roimh an tógáil.

Déantar cur síos sa Léarscáil Scéil seo ar na himscrúduithe seandálaíochta ar tugadh fúthu mar chuid de dhearadh na scéime agus den mheasúnacht tionchair timpeallachta. Cuirtear léargas ginearálta cuimsitheach ar fáil ann freisin ar na hoibreacha seandálaíochta reatha (a tosaíodh in Eanáir 2022).

Forging Links on Old Turnpike Road

Cuirtear i láthair sa Léarscáil Scéil The Forging Links on Old Turnpike Road na rudaí ar thángthas orthu ar Chora Chnoc an Charria ar an N72. Cheap Comhairle Contae Chiarraí seandálaithe ó Archaeological Management Solutions i samhradh 2020 chun tabhairt faoi mheasúnú seandálaíochta réamhthógála ar an talamh a fuarthas don N72 idir an Ráth Mhór agus Cill Airne. Thángthas i rith tochailtí ar iarsmaí sé láithreán seandálaíochta nach rabhthas eolach orthu roimhe sin. Ceárta cois bóthair a bhí sa cheann ba thábhachtaí, ina bhféadfaí crúite nua a chur ar chapaill lucht taistil nó ina bhféadfaí a gcarranna agus a gcarráistí a dheisiú san 18ú/19ú haois. Tugadh faoi na tochailtí seandálaíochta i gcomhréir le ceadúnais a d’eisigh Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta de chuid na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus rinne seandálaithe ó Bhonneagar Iompair Éireann (TII) maoirseacht orthu.

Wessex Gold, Irish Lives

Sa Léarscáil Scéil seo a eisíodh le déanaí, tugann Rubicon Heritage Services Ltd athchuairt ar thochailt 2006 ar adhlacadh créamtha ón Muclach, Contae Uíbh Fhailí, ina raibh beirt daoine, a sealúchais, agus scéal taistil nó ceirde ón gCré-umhaois. Rinne seandálaithe nasc uathúil Cré-umhaoise a shainaithint idir Contae Uíbh Fhailí, i lár na hÉireann, ag an Muclach 2, a tochlaíodh mar chuid de Sheachbhóthar N52 Thulach Mhór, agus Wessex, i ndeisceart Shasana, trí earra óir agus meana binne ar thángthas orthu laistigh d’adhlacadh créamtha duine fhásta agus linbh. Baineann an scéal athearraíocht as taighde faoinar thug foireann seandálaithe cnámh agus pailéachomhshaoil Rubicon, a foilsíodh i dtosach in ‘Offaly Heritage: Journal of the Offaly Historical and Archaeological Society’ le Carmelita Troy agus Susan Lalonde (2011 ‘Bronze Age Bling—Wessex gold in an Offaly burial’) agus a cuireadh i láthair mar phóstaer (Wessex Gold, Irish Lives) le Carmelita, Susan agus Karen Stewart.

Good Land Makes Good Stories: archaeological discoveries from the N80 Maidenhead Road Realignment Scheme, Co. Laois

Tá torthaí ar dhá thochailt seandálaíochta agus ar imscrúdú pailéachomhshaoil (pailin) a rinneadh i mbailte fearainn na nGarrán agus Bhaile na nGall i gContae Laois sular tugadh faoi Scéim Ailínithe Bóthair N80 na nGarrán sa Léarscáil Scéil The Good Land Makes Good Stories. Rinne Irish Archaeological Consultancy Ltd agus an Dr Karen Molloy leis an Aonad Taighde Pailéachomhshaoil, NUIG, na himscrúduithe seo i limistéar a bhfuil mánna torthúla dea-dhraenáilte mar shaintréithe de agus ina bhfuil droimníní breactha ann. Bhí láithreán ó thráth déanach sa mheánaois ag Baile na nGall 1 agus coimpléasc iltréimhse ag na Garráin 1 i gceist leis na tochailtí; a thug fianaise ar ghníomhaíocht dhaonna i gcaitheamh 3,000 bliain. Nochtadh sa staidéar pailine, a rinneadh i lochán beag ar a dtugtar ‘Órán Dubh’, idir Baile na nGall agus na Garráin, stair fásra an cheantair áitiúil i rith tréimhse ama 800 bliain.

Léarscáil Scéil chomhoibritheach é Slite Maireachtála Roimhe Seo i Lár Tíre na hÉireann

Léarscáil Scéil chomhoibritheach é Slite Maireachtála Roimhe Seo i Lár Tíre na hÉireann a chuir ACSU Ltd le chéile agus rannchuidigh IAC Ltd, Colm Flynn Archaeology agus an tIonad Seandálaíochta Turgnamhaí agus Cultúir Ábhartha sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath leis. Léirítear torthaí ann ar oibreacha seandálaíochta a rinneadh ar Chéimeanna 1 agus 2 de Scéim Feabhsúcháin Bóthair an N52 ón gClochán go Baile na mBilí i gContae na hIarmhí. Cuirtear i láthair, trí thorthaí ó na tochailtí agus anailís iarthochailte a rinne trí chuideachta sheandálaíochta a chur le chéile, na torthaí uile seo le chéile den chéad uair.

Through Bog and Meadow: the archaeology of the N5 Road, County Roscommon

Fiosraítear sa Léarscáil Scéil The Through Bog and Meadow na 101 láithreán seandálaíochta ar thángthas orthu i rith na réamhoibreacha seandálaíochta ar thionscadal bóthair an N5 ó Bhealach an Doirín go Scramóg. Sínfidh an stráice nua seo de bhóthar ar feadh beagán faoi bhun 35 ciliméadar trí thuaisceart Ros Comáin agus trasnóidh sé droimníní beaga, portaigh dhoimhne, agus féarach saibhir. Roghnaíodh bealach nua an N5 le tírdhreach íogair seandálaíochta Ráth Cruachan, áit chónaithe na Banríona finscéalaíochta Maedhbh, a sheachaint. Ach is cuma cén áit a ngearrann tú trí thírdhreach cosúil le Ros Comáin Thuaidh, is cinnte go dtiocfaidh tú ar iarsmaí seandálaíochta. Tá tochailt déanta anois ar gach ceann de na 101 láithreán, ina gcuimsítear 8,000 bliain de lonnaíocht ón tréimhse Mhéisiliteach go dtí an fichiú haois, agus tosaíodh an chéim iarthochailte agus scríofa.

Luíochán Chúil na Cathrach, Iarthar Chorcaí, Éire

Déantar comóradh céad bliain sa Léarscáil Scéil seo, a d’fhoilsigh Bonneagar Iompair Éireann i gcomhar le Comhairle Contae Chorcaí, ar an luíochán i gCogadh na Saoirse a thit amach an 25 Feabhra 1921 ag Cúil na Cathrach, in Iarthar Chontae Chorcaí. Thit an luíochán, ina ndearna Óglaigh Cholún Reatha an IRA ionsaí in aghaidh bhaill Rannóg Chúnta Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, amach ag stráice casta de sheanbhóthar an N22 i mbaile fearainn Chúil na Cathrach, thart ar 11 chiliméadar laistiar de Bhaile Mhaigh Chromtha. Leagtar amach sa Léarscáil Scéil comhthéacs stairiúil an luíocháin agus cuirtear scéal ar fáil ann faoi conas a roghnaíodh suíomh an luíocháin, straitéis an luíocháin, agus conas a thit an luíochán amach – feall amhrasta le sabaitéir san áireamh. Cuirtear sonraí ar fáil chomh maith ar an mbeirt cheannasaithe a bhí in adharca a chéile a bhí i gcoimhlint faoi airm ag cinniúint na staire. Tá grianghraif stairiúla, léarscáiliú idirghníomhach agus naisc sa Léarscáil Scéil le léitheoireacht agus acmhainní breise, anuas ar vignette suntasach de stair scannán na hÉireann.

Seo an dara Léarscáil Scéil a foilsíodh maidir le scéim an N22 ó Bhaile Bhuirne go Maigh Chromtha (féach thíos)

 
 

Forging a Future: tales of archaeological discovery along the N73 road corridor in north County Cork, Ireland

Thug athailíniú an N73 idir Baile Mhistéala agus Mala i dTuaisceart Chontae Chorcaí an deis do sheandálaithe fiosrú a dhéanamh i gcroílár Mhachaire na Mumhan, áit ar saothraíodh a hithreacha torthúla ar feadh na mílte blianta. Thángthas i rith na dtochailtí ar bhunsraith foirgnimh a thóg duine de na chéad teaghlaigh feirmeoireachta i Machaire na Mumhan beagnach 6,000 bliain ó shin sa Tréimhse Neoiliteach Luath. Thángthas ar shéadchomharthaí a mharcáil áiteanna adhlactha mhuintir phobal na Cré-umhaoise a d’imigh ar shlí na fírinne 3,000-4,000 bliain ó shin, ag Claonúir Theas. Tá bóthar an N73 bunaithe ar fhorbairtí bóthair a rinneadh sa 17ú agus san 18ú haois. Bhunaigh gabha fiontrach ag an tráth sin ceárta cois bóthair i gClaonúir Theas chun freastal ar fheirmeoirí áitiúla agus ar dhaoine a bhí ag taisteal faoi bhráid ar theastaigh crúite óna gcapaill nó a gcóistí nó a gcarranna a dheisiú. Tá na rudaí seo agus rudaí eile ar thángthas orthu feadh an N73 sa Léarscáil Scéil Forging a Future a d’ullmhaigh TII agus Comhairle Contae Chorcaí i gcomhar le TVAS (Ireland) Ltd.

From Milltown’s First Farmers to Landed Gentry: the archaeology of the N70 Kilderry Bends Road Improvement Scheme in County Kerry

Tháinig seandálaithe idir Meán Fómhair 2017 agus Bealtaine 2018 ar fhianaise ar ghníomhaíocht dhaonna i rith tréimhse 5,600 bliain feadh stráice gearr 2 chiliméadar ar athailíniú bóthair an N70 ar imill Bhaile an Mhuilinn, Contae Chiarraí. Áiríodh leis seo ceann saighde Neoiliteach breochloiche agus coirnín cloiche, fulacht fia ón gCré-umhaois, agus iarsmaí de theachín ón 19ú haois. Ach b’fhéidir gurbh é an rud ba thábhachtaí ná an tochailt pháirteach a rinneadh ar lios trí mhúr, ar a dtugtar Lios an Uisce, atá ar cheann den dornán suíomhanna in Éirinn ina bhfuarthas fianaise dhíreach ar phróiseáil luath lín sa mheánaois. Cuirtear na rudaí seo ar thángthas orthu i láthair sa Léarscáil Scéil ilmheán seo a chuir Archaeological Consultancy Services Unit Ltd le chéile thar ceann Chomhairle Contae Chiarraí agus Bhonneagar Iompair Éireann. Cliceáil anseo chun teacht ar an Léarscáil Scéil From Milltown's First Farmers to Landed Gentry.

Living Between the Lakes: the archaeology of the N55 Road (Corduff to South of Killydoon Section A, County Cavan)

Is é Living Between the Lakes, a chruthaigh Archaeological Consultancy Services Unit Ltd in Iúil 2020, an Léarscáil Scéil is déanaí ina dtaispeántar torthaí imscrúduithe seandálaíochta ar scéim bóthair náisiúnta. Cuireadh le chéile é thar ceann Chomhairle Contae an Chabháin agus TII agus baineann an Léarscáil Scéil le cúig láithreán a shainaithint agus a thochailt idir Meán Fómhair 2016 agus Feabhra 2017 sular tógadh scéim bóthair an N55 ón gCorr Dhubh go laisteas de Killydoon (Stráice A). Is féidir teacht ar an Léarscáil Scéil The Living Between the Lakes anseo.

Digging Around Listowel: the archaeology of the N69 Bypass

Rinne seandálaithe ó Archaeological Management Solutions imscrúdú i samhradh 2019 ar bhealach N69 Sheachbhóthar Lios Tuathail thar ceann Chomhairle Contae Chiarraí agus TII sular tosaíodh leis an mbóthar a thógáil. Chruthaigh Archaeological Management Solutions an Léarscáil Scéil ilmheán seo i mBealtaine 2020 le torthaí éagsúla a n-iarrachtaí a thaispeáint. Cliceáil anseo, le do thoil, chun teacht ar an Léarscáil Scéil Digging Around Listowel.

The Archaeology of the N22 Baile Bhuirne to Macroom Road Development, in West Cork, Ireland

Tugtar cuntas sa Léarscáil Scéil seo ar roinnt rudaí ar tháinig seandálaithe Rubicon Heritage Services Ltd agus TVAS (Ireland) Ltd orthu feadh bhealach fhorbairt bóthair bheartaithe an N22 ó Bhaile Bhuirne go Maigh Chromtha in Iarthar Chorcaí. Rinneadh na himscrúduithe thar ceann Chomhairle Contae Chorcaí agus TII. Rinne an seandálaí de chuid TII, Ken Hanley, an Léarscáil Scéil The N22 Baile Bhuirne to Macroom a chur le chéile i Lúnasa 2019 agus is féidir teacht air trí chliceáil anseo.

Between the Lines: the archaeology of Luas Cross City

Tuairiscíodh in The Irish Times i Lúnasa 2017 ar ghnéithe oidhreachta cultúrtha thionscadal Luas Traschathrach i gCathair Bhaile Átha Cliath, in alt dar teideal ‘The Lost History of Dublin Uncovered by Luas Works’. Chuir an Léarscáil Scéil Between the Lines: the archaeology of Luas Cross City a chruthú leis an alt seo, inar cuireadh bealach úrnua ar fáil do léitheoirí an méid ar thángthas air agus ar tuairiscíodh air a fhiosrú níos mó.

An Archaeological Journey Along the Carlow Bypass

Rinne Rubicon Heritage Services caoga a seacht tochailt seandálaíochta feadh bhealach M9 Sheachbhóthar Cheatharlach thar ceann TII (tugadh an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta air roimhe seo) agus Chomhairle Contae Chill Dara. Chruthaigh Rubicon Heritage Services an Léarscáil Scéil seo in 2015 ina scrúdaítear roinnt de na rudaí ar thángthas orthu, ina bpléitear iad ó bhaile fearainn go baile fearainn, ag taisteal ón deisceart go dtí an tuaisceart, agus ina bhfiosraítear roinnt de na sainteicnící a úsáideadh i rith na hanailíse iarthochailte. Cliceáil anseo chun teacht ar an Léarscáil Scéil Seachbhóthar Cheatharlach.

Tionscnamh de chuid Thionscadal Sheachtain na hOidhreachta de chuid TII a bhí i gcruthú an leathanaigh gréasáin seo.

Nuashonrú deireanach an 07/07/2023.