Taighde Comhoibrithe

Tá an-tairbhe le baint as an taighde comhoibrithe agus is féidir rochtain a fháil, gan mórán infheistíochta, ar thionscadail mhóra agus ar shaineolas. Slí éifeachtach is ea an comhoibriú chun eolas a aistriú agus tugann sé deis úsáid a bhaint as taighde ar ardchaighdeán agus teicneolaíocht agus eolaíocht cheannródaíoch.

Scóip Thaighde TII

Rannchuidíonn baill foirne TII óna dteastaíonn taighde trí phríomhlimistéir thosaíochta taighde a shainaithint. Cabhraíonn siad le hábhair thaighde a fhorbairt lena gcur san áireamh sa chlár taighde bliantúil agus gníomhaíonn siad mar chomhairleoirí teicniúla do na tionscadail taighde a choimisiúnaítear. Tá siad freagrach freisin as conclúidí agus aschur an taighde a chur i bhfeidhm.

Taighde a choimisiúnaigh TII

Mar gheall nach bhfuil aon acmhainn intí ag TII, déanann sé a thaighde a choimisiúnú ó sholáthraithe seachtracha taighde trí úsáid a bhaint as glaoch oscailte ar thograí ar aon dul le beartais soláthair TII. Cuimsítear na tionscadail taighde a choimisiúnaíonn TII go príomha i dtrí shaghas:

  • Taighde Acadúil

Coimisiúnaíonn TII an saghas seo taighde mar thionscadail Chomhaltachta Taighde ar leibhéal Dochtúireachta agus Iardhochtúireachta. Poiblítear é mar Chlár Comhaltachta TII agus dírítear ann ar ollscoileanna agus institiúidí a chumasú cur isteach ar thacaíocht airgeadais do chláir PhD agus iardhochtúireachta ina gcuimsítear ábhair a bhaineann le haidhmeanna TII. Baineann an Glaoch ar Thograí go sonrach le hábhair thaighde a shainaithin TII, cé gur féidir breithniú a dhéanamh ar ábhair eile a chuirtear isteach. Maireann cláir PhD de ghnáth 3/4 bliana agus d’fhéadfadh cláir iardhochtúireachta maireachtáil idir bliain amháin agus trí bliana.

  • Taighde Tráchtála

Coimisiúnaíonn TII an saghas seo taighde mar thionscadail taighde níos gearrthéarmaí ag freagairt do riachtanais shonracha ghnó TII. Coimisiúnaítear na tionscadail cibé acu mar chuid de ghlaoch TII ar thograí ar bhonn ad-hoc i gcaitheamh na bliana mar fhreagairt do riachtanais láithreacha ghnó. Tá amlínte níos giorra ag na tionscadail seo ná mar atá ag taighde acadúil agus díríonn siad ar réitigh a sholáthar ar fhadhb ar leith atá ar fhoireann TII.

  • Taighde Comhoibritheach

Comhoibríonn TII le roinnt eagraíochtaí náisiúnta agus Eorpacha le tionscadail taighde a chomhchistítear a sholáthar. I gcásanna áirithe, bíonn foireann BIÉ bainteach go díreach leis an taighde a theastaíonn a shonrú – sampla de seo is ea Clár Taighde Trasnáisiúnta CEDR a ndéantar cur síos air sa chéad mhír eile. I gcásanna eile, ní ghníomhaíonn TII ach mar chomhpháirtí tionscail, a sholáthraíonn eolas agus/nó comhairle theicniúil agus/nó cistiú do thionscadal is díol spéise. Baintear tairbhe shuntasach as taighde comhoibritheach mar gheall gur féidir teacht ar thionscadal mór nó ar shaineolas speisialtóra gan ach ranníocaíocht airgeadais sách beag a íoc. Cuireann sé bealach an-éifeachtach ar fáil freisin le heolas a aistriú agus an deis leas a bhaint as taighde ardchaighdeáin agus as eolaíocht agus teicneolaíocht cheannródaíoch. Spreagtar taighde comhoibritheach mar gheall go mbaineann sé luach ar airgead i bhfad níos mó amach trí acmhainní a chur le chéile agus dúbláil a sheachaint.

Clár Taighde Trasnáisiúnta CEDR

D’fhorbair an Chomhdháil do Stiúrthóirí Eorpacha Bóithre (CEDR) straitéis taighde le comhoibriú a chur chun cinn idir a baill lena riachtanais oibríochtúla a shásamh i dtaobh gréasán bóithre sábháilte, éifeachtúil agus inbhuanaithe a reáchtáil. Príomhghné den straitéis seo is ea Clár Taighde Trasnáisiúnta (TRP) CEDR a oibríonn trí shraith glaonna bliantúla taighde ar ábhair a théann i ngleic le riachtanais údaráis bhóithre Eorpacha. Bhí baint mhór ag TII i nósanna imeachta an TRP a fhorbairt ó 2008 nuair a seoladh an chéad chlár.

Is í aidhm an TRP taighde ardchaighdeáin a fháil agus aschur a sholáthar ar féidir le gach ball den CEDR é a chur i bhfeidhm le cur le gréasán bóithre sábháilte, inbhuanaithe agus éifeachtúil ar fud na hEorpa. Cistíonn baill an CEDR TRP an CEDR ar bhonn deonach. Bíonn amscála 4 bliana ag gach clár taighde, de ghnáth. Is iad aidhmeanna foriomlána an TRP:

  • Chun cabhrú le baill an CEDR lena bhfadhbanna agus a ndúshláin
  • Comhairle a sholáthar ar shaincheisteanna taighde ar iarraidh na NRAanna
  • Cur chun cinn a dhéanamh ar chláir chomhoibritheacha agus maoiniú trasnáisiúnta agus taighde ar bhóithre a fháil idir balltíortha an CEDR
  • Scaipeadh torthaí ón TRP agus ó chláir thaighde eile a chur chun cinn.

Ghlac TII páirt mar mhaoinitheoir in 18 de na 29 clár a eagraíodh go dtí seo agus d’fheidhmigh sé mar bhainisteoir clár do na 13 chlár a eagraíodh in 2012, 2013 agus 2015.

Is féidir teacht ar eolas breise ar an TRP agus ar an gclár taighde faoinar tugadh go dtí seo anseo.

Taighde a chur i bhfeidhm

Príomhghné de Chlár Taighde TII é an t-aschur taighde a chur i bhfeidhm agus is é an príomhtháscaire a úsáidtear leis an rath atá ar thionscadal taighde a thomhas. Lena chinntiú gur féidir an t-aschur taighde sin a chur i bhfeidhm, teastaíonn sonraíocht dhea-shainithe tionscadail ag a bhfuil cur síos soiléir ar na bunspriocanna inghnóthaithe ionchasacha a mbíonn súil leo. Bíonn súil leis go n-áirítear le gach togra taighde plean um chur i bhfeidhm a chur san áireamh lena thabhairt le fios conas is féidir le TII na torthaí a úsáid.

1.1.1 Córas Clár Píolótach agus Trialacha TII

D’fhorbair TII córas Clár Píolótach agus Trialacha le meicníocht a sholáthar chun ábhair, táirgí nó próisis nuálacha ar a ghréasáin a bheartú, a thosú agus a mhaonatóiriú. Soláthraítear sa chóras cur chuige foirmiúil i leith faomhadh a fháil chun tabhairt faoi chlár píolótach nó triail agus bealach struchtúrach le monatóireacht agus taifeadadh a dhéanamh ar na torthaí le torthaí foghlama a uasmhéadú. Úsáidtear na torthaí ar chlár píolótach nó triail chun eolas a chur ar fáil do chaighdeáin, sonraíochtaí nó treoir theicniúil nua nó leasaithe a fhorbairt. Is féidir an córas a úsáid le fianaise dhoiciméadach a sholáthar le faomhadh táirgí nó próiseas a éascú nuair nach bhfuil marcanna CE orthu. Tugtar cuntas i gcáipéis treoirlíne RE-PTP-07003 ar na próisis maidir le bainistiú a dhéanamh ar thionscadail Phíolótacha agus Trialach trí úsáid a bhaint as suíomh gréasáin tiomnaithe a d’fhorbair TII.

1.1.2. Leibhéil Ullmhachta don Teicneolaíocht

Tá sraith Leibhéil Ullmhachta don Teicneolaíocht (TRL) á bhforbairt ag TII mar uirlis chun cabhrú le nuálaíocht a chur chun feidhme ar a ghréasáin iompair. Méadracht chórasach iad TRLanna chun tacú le measúnú a dhéanamh ar aibíocht teicneolaíochta ar leith sula gcuirfear chun feidhme í. Úsáideann TII TRLanna mar mheicníocht le haghaidh:

  • Trédhearcacht a chinntiú i gcur chun feidhme nuálaíochtaí;
  • Éifeachtúlacht a chinntiú trí rannpháirtíocht i margaí a chuíchóiriú; agus
  • An baol roimh TII a shainaithint agus a bhainistiú i dtaobh teicneolaíochtaí nuálacha a chur chun feidhme ar a ghréasáin.

Tá an córas TRL agus an creat dá úsáid á bhforbairt faoi láthair mar chuid de straitéis nuálaíochta foriomlán do TII: tá na cáipéisí gaolmhara le foilsiú faoi dheireadh 2019.

 

Comhoibriú

Aithnítear rannpháirtíocht agus comhoibriú éifeachtach leis na páirtithe leasmhara go léir i Straitéis Chorparáideach TII mar bhealach lena chuspóirí corparáideacha a bhaint amach. Áirítear leis na modhanna comhoibrithe laistigh de TII:
  • Teagmháil le comhlachtaí Náisiúnta in Éirinn, cosúil le SFI (Fondúireacht Eolaíochta Éireann), an IRC (an Chomhairle um Thaighde in Éirinn), an RSA (an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre) agus an NSAI (an tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann);
  • Baint i ngrúpaí oibre agus coistí Eorpacha, cosúil leis an CEDR (an Chomhdháil do Stiúrthóirí Eorpacha Bóithre), an FEHRL (Cónaidhm Shaotharlanna Taighde Mórbhealaí Náisiúnta na hEorpa), an ERTRAC (an Chomhairle Chomhairleach Eorpach um Thaighde ar Iompar ar Bóthar) agus an PIARC (an Cumann Domhanda Bóithre);
  • Rannpháirtíocht i dtaighde atá cistithe ag an AE (e.g., Horizon2020).
  • Rannpháirtíocht i dtionscadail taighde a chomhchistítear, cosúil le Clár Taighde Trasnáisiúnta an CEDR.

Tá an tÚdarás i dteagmháil leis na heagraíochtaí seo agus tá ina bhall de roinnt eagraíochtaí de chuid an AE lena n-áirítear CEDR, FEHRL, ERA-NET ROAD, ERTRAC agus PIARC lena chinntiú go bhfuil sé ar an eolas maidir le ghniomhaíochtaí idirnáisiúnta taighde san iompar bóthair agus maidir le deiseanna comhoibrithe le heagraíochtaí eile.

Slí éifeachtach chun taighde a fháil is ea an comhoibriú agus is slí é ar cheart é a spreagadh toisc go dtugann sé luach ar airgead trí athdhéanamh agus dúbailt a sheachaint. I measc bhuntáistí an chomhoibrithe tá:

  • Cur i bhfeidhm dea-chleachtais idirnáisiúnta.
  • Dúbailt laghdaithe ar thaighde.
  • Cáilíocht feabhsaithe taighde
  • Iomaíochas níos mó agus scálaí ama níos giorra
  • Rogha níos leithne soláthraithe
  • Malartú eolais le comhpháirtithe Eorpacha
  • Luach níos fearr ar airgead.