Clár Comhaltachta TII

Tá TII tiomanta don taighde fadtéarmach a fhorbairt.

Tá TII tiomanta don taighde fadtéarmach a fhorbairt. Chun é seo a éascú chuir an tÚdarás tús in Aibreán 2007 le Clár Comhaltachtaí Taighde mar chuid thábhachtach dá Straitéis Taighde. Leis an gClár cuirtear ar a gcumas d'Ollscoileanna agus d'institiúidí cur isteach ar thacaíocht airgid le haghaidh cláir iardhochtúireachta agus PhD ar ábhair a bhaineann le haidhmeanna TII. Tá an ghairm ar thograí sonrach do thopaicí taighde a d'aithin BI‏É, cé gur féidir topaicí lasmuigh díobhsan a chur faoi bhráid lena measúnú.  De ghnáth is cláir PhD trí bliana a bhíonn i gceist agus cláir iardhochtúireachta aon bhliain amháin go trí bliana ar fhaid.

Déantar an ghairm a phoibliú go bliantúil i nuachtáin náisiúnta, in irisí teicniúla agus ar shuíomh gréasáin TII (Féach leathanach na dtairiscintí le haghaidh gairmeacha reatha). Bíonn sonrúchán speisialta sa Ghairm ar Thaighde le haghaidh topaicí taighde ar leith atá aitheanta ag foireann TII. Déantar an Ghairm ar Thograí gach Márta/Aibreán le dáta tosaithe don tionscadal i mí Dheireadh Fómhair. Rinneadh an chéad cheann in Aibreán 2007. Is féidir breathnú ar an gClár Comhaltachtaí Taighde ar shuíomh gréasáin TII: féach Próifil Taighde.

Measúnú agus Roghnú

Tar éis don TII na hiarratais a mheasúnú bronnfar comhaltachtaí ar an institiúid acadúil. Déanfar na hiarratais a athbhreithniú agus a mheasúnú faoi na ceannlínte seo a leanas:

(a) Teist na maoirseoirí
(b) Caighdeán na n-iarratas
(c) An bhaint atá ag an iarratas leis na spriocanna a aithníodh sa chur síos ar thopaicí

Cuirfear costais an tionscadail san áireamh freisin maidir lena bhfuil ar fáil i mbuiséad TII.

Déanfaidh Bainisteoir Taighde TII measúnú na dtionscadal a chomhordú. Déanfaidh baill foirne oiriúnacha TII an measúnú teicniúil: is féidir athbhreithniú seachtrach a dhéanamh freisin ar rogha TII. Ar bhonn an athbhreithnithe seo, déanfar na haighneachtaí a rangú agus a roghnú lena gcur ar an gclár.

I ndiaidh an phróisis roghnaithe seo tionólfar cruinniú le foireann an tionscadail a rangaíodh sa chéad áit chun mionsonraí an tionscadail a phlé, chun cuspóirí an tionscadail a shoiléiriú agus chun costais agus scálaí ama a chomhaontú. Féadfaidh TII cuireadh go dtí an cruinniú a thabhairt do pháirtithe leasmhara eile más cuí. I ndiaidh an chruinnithe déanfar an togra taighde a athbhreithniú más gá. Tabhair do d'aire, nach gcuirfear tionscadail ar an gclár ach amháin na cinn atá i gcomhlíonadh le riachtanais TII maidir le cáilíocht, costas agus scála ama. Féadfaidh TII na haighneachtaí bunaidh a athmheas más cuí.

Foirm Aighneachta

Glacfar le haighneachtaí ó thaighdeoirí acadúla a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu in ollscoileanna nó in institiúidí taighde eile is comhionann leo. Déanfar na haighneachtaí ar fhoirm chaighdeánach, dréachtaithe ag TII, ina mbeidh an méid seo a leanas:

  • Cur síos ar an tionscadal ina luaitear cuspóirí, fírinniú, plean oibre agus scála ama;
  • Modheolaíocht;
  • Torthaí lena bhfuiltear ag súil;
  • Briseadh síos ar mhaoiniú;
  • CVanna na foirne ábhartha (príomhiarratasóir, maoirseoir, mac léinn, etc.).

Ní mór an t-iarratas a dhéanamh in éineacht le hinstitiúid tríú leibhéal a bhfuil taithí ábhartha acu agus ar a bhfuil dea-theist sa réimse atá roghnaithe. Beidh na Comhaltachtaí á maoirsiú ag saineolaithe cuí san ollscoil/institiúid agus ag baill foirne ábartha TII nuair is cuí.

D'fhéadfaí na costais a bhaineann go díreach le bunú an tionscadail a chur san aighneacht. Mar chuid den iarratas soláthrófar buiséad bliantúil, ina bhfuil stipinn sheasta, móide costais inghlactha, le haghaidh gach Comhaltachta.  Meastar gur stipinn ionann is thart faoi €20,000 in aghaidh na bliana a bheidh ann le haghaidh PhD agus €40,000 le haghaidh Comhaltacht iardhochtúireachta. D'fhéadfadh TII féachaint arís ar an stipinn seo chun freastal ar struchtúir phá laistigh d'institiúidí aonair.

Ar na costais a bhféadfaí glacadh leo tá:

  • Táillí mac léinn
  • Trealamh atá de dhíth chun an tionscadal a dhéanamh.
  • Costais taistil agus chothaithe a bhainean leis na torthaí a chur i láthair
  • Táillí comhdhála (faoi réir cheadú TII)
  • Forchostais a thabhaigh an ollscoil/institiúid.

Breis Eolais

Déan teagmháil le Albert Daly, Bainisteoir Taighde TII, ag adaly@tii.ie