Bainistíocht Taighde

Tá TII tiomanta do bhuiséad taighde, a úsáidfear chun Clár Taighde leanúnach a mhaoiniú, a bhunú agus a chothabháil.

Cuirfear an Clár Taighde le chéile gach bliain agus déanfar foráil do thionscadail ghearrthéarmacha gnó chun freastal ar riachtanais ar leith agus ar thaighde bunúsach atá níos fadtéarmaí.  Clúdóidh an clár gach gné de leasa an Údaráis. Déanfaidh Bainisteoir Taighde TII an buiséad taighde a bhainistiú agus tabharfaidh saineolaithe an Údaráis comhairle theicniúil agus bhainistíochta.

Téamaí Polasaí

Úsáideadh Iompar 21 agus an Plean Forbartha Náisiúnta chun roinnt "téamaí polasaí" leathana a fhorbairt le haghaidh straitéis taighde a chur le chéile chun cabhrú le TII a spriocanna straitéiseacha a bhaint amach. Beidh na téamaí seo dírithe ar an ngá le bheith ag iarraidh i gcónaí éifeachtúlacht, inbhuanaitheacht agus sábháilteacht a fheabhsú i ngach réimse gníomhaíochta de chuid an Údaráis agus baineann siad le hábhair, caighdeáin agus nósanna imeachta i gcomhthéacs togáil, cothabháil agus oibríocht bóithre. Is iad na téamaí polasaí;

  • Ábhair: Ábhair nua thógála a fhorbairt; úsáid níos éifeachtúla a bhaint as ábhair atá ann cheana; ábhair nádúrtha atá tearc a chaomhnú; ábhar in-athchúrsáilte a úsáid; marthanacht, deisiú agus cothabháil.
  • Caighdeáin agus sonrúcháin: Caighdeáin suas chun dáta a choinneáil; caighdeáin agus sonrúcháin nua a fhorbairt bunaithe ar fhorbairtí nua; nuálaíocht a spreagadh.
  • Timpeallacht/Tógáil inbhuanaithe: Cuimhneamh ar cheisteanna timpeallachta; tionchair athrú aeráide; bealaí chun ídiú fuinnimh a laghdú; acmhainní nádúrtha a chaomhnú; malairt foinsí fuinnimh; réitithe "glasa"; cuimhneamh ar ídiú fuinnimh sa chiall is leithne dála leagan amach acomhail etc; tionchair teicneolaíocht feithiclí agus breoslaí malartacha a thuiscint; marthanacht bhóithre agus droichead; modhanna agus nósanna imeachta monatóireachta agus cigireachta a fhorbairt mar chuid de chóras inbhuanaithe bainistíocht sócmhainní.
  • Sábháilteacht. Páirt an bhonneagair i dtaismigh agus básanna; sábháilteacht fheabhsaithe d'úsáideoirí bóithre; friotaíocht in aghaidh sciorradh; idirghníomhaíocht idir bóthar, feithicil agus tiománaí; iompar an tiománaí a thuiscint; sábháilteacht struchtúir a fheabhsú; sábháilteacht éigníomhach a fhorbairt; rioscaí a bhaineann le torann agus truailliú cothaithe ag an trácht; bainistíocht eachtraí.
  • Luach ar airgead: Feabhas ar iomaíochas domhanda; modhanna soláthair; aithint agus dáileadh riosca; nósanna imeachta níos éifeachtaí um bainistíocht sócmhainní; úsáid níos fearr as an mbonneagar atá ann cheana; réimis chothabhála dhírithe; múnlú agus pleanáil fheabhsaithe tráchta.
  • Iompar agus úsáid talún: Tuartha fáis ar thrácht; Glacadh talún ag acomhail scartha; tionchar a imirt ar iompar tiománaithe; múnlaí tráchta a fhorbairt; córais chliste iompair; córais chomhtháite iompair; staidéir idirmhódúil.
  • Oidhreacht: Tionchar na mbóithre ar an tsochaí a mheas, chomh maith le modhanna le haghaidh iniúchtaí seandálaíochta agus ceisteanna sóisialta eile.

Tugtar leis na téamaí polasaí seo creat inar féidir gníomhaíochtaí taighde an Údaráis a chur ar siúl. Tugann siad bunús forbartha don Chlár Taighde Bliantúil, arbh é a phríomhaidhm cúnamh a thabhairt d'fhoireann TII córas bóithre náisiúnta a sholáthar ar bhealach níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí.

Cumarsáid

Forbraíodh córas cumarsáide san Údarás chun malartú faisnéise a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde a éascú. Is é is cuspóir leis ná riachtanais agus smaointe taighde a bhailiú, moltaí a mheasúnú, tús áite a thabhairt do thionscadail, bainistíocht theicniúil níos éifeachtaí a sholáthar, agus torthaí an Chláir Taighde a scaipeadh.

Cuireadh an gréasán taighde le chéile chun cur chuige barr go bun agus bun go barr araon a chothú. Leis an gcur chuige barr go bun, forbrófar tionscadail phóitéinsiúla a éiríonn as spriocanna ardleibhéil an Údaráis. Leis an gcur chuige bun go barr, aithneoidh saineolaithe teicniúla an Údaráis, tionscadail taighde chun fadhbanna áirithe a réiteach nó chun cúnamh a thabhairt maidir le próisis a chur i ngníomh ar bhealach níos éifeachtaí. Sa dá chás, beidh na spriocanna ardleibhéil mar bhonn faoi na gníomhaíochtaí taighde agus beidh mar údar dóibh.

Déanfaidh an Bainisteoir Taighde cúrsaí cumarsáide a bhaineann leis na gníomhaíochtaí taighde a bhainistiú le cúnamh ó na Tacaitheoirí Taighde i réimsí éagsúla teicniúla. Bainfear úsáid as inlíon TII chun an fhaisnéis a scaipeadh san Údarás.

Tá gá le cumarsáid chun páirtithe leasmhara a chur ar an eolas (baill den phobal, ollscoileanna, institiúidí, sainchomhairleoirí, conraitheoirí, comhlachtaí leasmhara eile) maidir le Straitéis Taighde an Údaráis agus an fhianaise agus an réasún atá mar bhonn faoi. Tá sé i gceist gréasán seachtrach a fhorbairt le go mbeifear in ann eolas faoi na gníomhaíochtaí taighde a scaipeadh go forleathan. Úsáidfear suíomh gréasáin TII chun poiblíocht a thabhairt don Chlár Taighde agus chun torthaí an taighde a sholáthar. Cuirfear torthaí an taighde chun cinn freisin le hirisí, le léirithe ag seimineáir agus ag comhdhálacha.

Eagraíocht Inmheánach

Is é Bainisteoir Taighde TII atá  freagrach go díreach as Clár Taighde an Údaráis agus is é a bhainistíonn an Clár Taighde ó lá go lá. Faigheann an Bainisteoir Taighde tacaíocht ar bhonn páirtaimseartha ó shainfhoireann a fheidhmíonn i réimsí éagsúla san Údarás agus a chuireann comhairle theicniúil agus bhainistíochta ar fáil.

Bainisteoir Taighde

Post lánaimseartha is ea é seo atá tiomanta don Chlár Taighde a bhainistiú. Folaíonn ról an Bhainisteora Taighde:

  • Straitéis Taighde an Údaráis a fhorbairt
  • Topaicí  don Chlár Taighde Bliantúil a aithint agus tús áite a thabhairt dóibh (le Saineolaithe TII agus páirtithe leasmhara).
  • Feidhmíocht agus seachadadh na dtionscadal taighde a bhainistiú le comhairle theicniúil ó Shaineolaithe TII
  • Caidreamh leis na páirtithe leasmhara a fhorbairt
  • Caidreamh leis na soláthraithe taighde a fhorbairt (ollscoileanna, sainchomhairleoirí etc)
  • An Bord agus TII ar fad agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí taighde
  • Teagmháil a choinneáil leis an AE agus le tionscnaimh taighde náisiúnta; bheith rannpháirteach in eagraíochtaí idirnáisiúnta ar nós FEHRL agus CEDR.

Meantóirí Taighde

Tá sé riachtanach go mbeadh Clár Taighde neadaithe i gceart i gcroíghníomhaíochtaí an Údaráis agus go scaipfear torthaí an taighde agus na comhairleorachta ar chóid, ar chaighdeáin agus ar chleachtais, agus go mbeidh ceangal soiléir idir an Clár Taighde agus an fhoireann atá freagrach as caighdeáin agus as réimsí áirithe sainiúlachta san Údarás. Mura ndéanfar clár taighde urraithe agus sainchomhairle theicniúil TII a chomhtháthú i gceart i ngnéithe éagsúla de chroíghníomhaíochtaí an Údaráis, laghdófar go mór ar leasa cláir dá leithéid.

Chun an ceangal idir taighde agus croíghníomhaíochtaí a bheith ann, bunaíodh gréasán inmheánach de Mheantóirí Taighde. Is iad príomhfheidhmeanna na Meantóirí Taighde:

  • Coinneáil suas leis an eolas ar threochtaí domhanda sa taighde ina réimsí féin speisialachais
  • Coinneáil suas leis an eolas ar fhoilseacháin taighde a cuireadh amach le gairid in irisí, ag comhdhálacha etc.
  • Tosaíochtaí taighde a aithint ina réimsí freagrachta féin.
  • Obair go dlúth leis an mBainisteoir Taighde maidir le tionscadail taighde agus sainchomhairle, lena n-áirítear athbhreithniú agus tráchtaireacht ar dhréachthuarascálacha agus measúnú ar fheidhmíocht soláthraithe seirbhísí.
  • Cur i bhfeidhm agus scaipeadh éifeachtach na dtorthaí taighde trí chaighdeáin agus trí fhoilseacháin an Údaráis a chinntiú.

Clúdaíonn an liosta seo formhór de phríomhréimsí spéise an Údaráis. Cuirfear leis áfach chun freastal ar éilimh, agus d'fhéadfaí Meantóirí seachtracha a thabhairt isteach más cuí, e.g. eolaíochtaí iompraíochta.

Táscairí Feidhmíochta

Is deacair caighdeán taighde a thomhas toisc go dtógann sé na blianta uaireanta sula gcuirtear i bhfeidm iad agus go bhfeictear na leasa atá le baint. Ní mór foireann taighde den scoth a bheith ann chun taighde den scoth a chinntiú. Sa phróiseas roghnaithe, cuirfear béim ar theist na foirne taighde agus ábharthacht a dtorthaí taighde ó thaobh spriocanna an Údaráis de. Cinnteofar luach ar airgead tríd an iomaíocht agus an trédhearcacht sa phróiseas measúnaithe agus roghnaithe.

Tá an Bainisteoir Taighde agus an Meantóir Taighde freagrach as gach tionscadail aonair a bhainistiú. Déanann coiste Iniúchóireachta Bhord TII monatóireacht ar dul chun cinn an Chláir Taighde. Tomhaistear feidhmíocht tríd na nithe seo a leanas a thuairisciú:

  • Líon na dtionscadal a coimisiúnaíodh
  • Líon na dtionscadal a seachadadh
  • Líon na dtuarascálacha agus na bpáipéar a foilsíodh
  • Cáilíocht na dtorthaí taighde
  • Cur i bhfeidhm na dtorthaí taighde

Soláthar

Lorgóidh an tÚdarás léirithe spéise i dtionscadail taighde faoi théamaí leathana polasaí a ndéantar cur síos orthu in Téamaí Polasaí. Laistigh de gach réimse ábhair d'fhéadfadh roinnt tionscadal aonair taighde a bheith ann le cuspóirí ar leith, spriocanna ar leith le soláthar agus scála ama. Is féidir na tionscadail  a sholáthar mar choimisiúin aonair nó le chéile i bpacáistí: más i bpacáistí iad na topaicí taighde tabharfaidh sé deis don Údarás díriú ar an sainchomhairle is fearr dá bhfuil ar fáil i ngach sainréimse ábhair.

Déanfar soláthar tríd gnáthchleachtais soláthair TII. Roghnófar na solátharaithe roghnacha seirbhísí ar bhonn comórtais oscailte a fhógrófar ar shuíomh gréasáin an TII, in irisí násiúnta agus idirnásiúnta agus san Iris Eorpach, faoi mar is cuí. Cinnteoidh an iomaíocht, atá bunaithe ar cháilíocht agus ar phraghas, idir na soláthraithe go bhfaighfear luach ar airgead.

I gcásanna áirithe d'fhéadfadh sé bheith oiriúnach próiseas difriúil soláthair a úsáid. Samplaí is ea:

  • Más leanúint ar obair a rinneadh cheana é an tionscadal, agus gur gá cloí leis an bhfoireann chéanna, d'fhéadfadh sé a bheith oiriúnach institiúid nó duine ar leith a choimisiúnú chun an obair a dhéanamh,
  • Tionscadail Comhoibrithe, más comh-mhaoinitheoir é an tÚdarás nó má tá an tÚdarás ag tabhairt maoiniú "breisithe" do thionscadal atá ann cheana féin.

Sna cásanna seo lorgófar ceadú ón bpríomhfheidhmeanach don mhodh soláthair atá molta.

Bainistíocht Taighde

Déantar an taighde arna choimisiúnú ag an Údarás a bhainistiú faoi threoir na bprionsbal seo a leanas:

  • Clár Taighde bliantúil atá spriocdhírithe agus dea-eagraithe, ina dtugtar ráiteas soiléir maidir leis na torthaí agus na leasa lena bhfuiltear ag súil.
  • Próiseas aitheantais agus roghnaithe lena chinntiú go bhfuil na tionscadail ailínithe le cuspóirí an Údaráis.
  • Tús áite tugtha do thionscadal aonair ar bhonn riachtanais reatha agus maoiniú a bheith ar fáil.
  • De ghnáth soláthrófar maoiniú ar bhonn iomaíoch chun trédhearcacht agus luach ar airgead a chinntiú.
  • Díreofar an taighde ar réitithe ar spriocanna gearrthéarmacha chun freastal ar riachtanais reatha ghnó, ach ní dhéanfar faillí ar bhunthaighde atá dírithe ar leasa fadtéarmacha.
  • Corprófar sna tionscadail taighde aonair plean scaipthe, lena chinntiú go bhfuil na conclúidí agus na torthaí ábhartha don Údarás, agus go gcuirfear iad i bhfeidhm go héifeachtach agus go tráthúil.

Glacfar le próiseas um Bainistíocht ar Luach nuair a bheidh an Clár Taighde á chur le chéile. Stíl bhainistíochta é seo chun daoine a spreagadh, scileanna a fhorbairt agus sineirgí agus nuálaíocht a chur chun cinn agus é mar aidhm an fheidhmíocht fhoriomlán a uasmhéadú. Is é céad chéim an phróisis go n-aithneoidh foireann TII téamaí agus topaicí ginearálta le cabhair agus comhairle ó pháirtithe leasmhara seachtracha más cuí. Déanfar na téamaí agus na topaicí a mheasúnú de réir théamaí polasaí agus chuspóirí straitéiseacha an Údaráis mar a léirítear sa doiciméad seo iad. Ar bhonn an mheasúnaithe seo roghnófar topaicí le cur ar an gClár. Ullmhófar coimre ar an tionscadal i gcomhair topaicí roghnaithe, ina dtabharfar cúlra na faidhbe atá le réiteach, cuntas ar chuspóirí an tionscadail agus cur síos ar an toradh lena bhfuil an tÚdarás ag súil. Cabhróidh sé seo chun an tionscadal a dhíriú ar spriocanna straitéiseacha ardleibhéil an Údaráis agus chun a dheimhniú conas agus cé leis ar cheart an taighde a choimisiúnú. Tabharfar tús áite agus gráda ansin do thopaicí ar bhonn riachtanas reatha agus an mhaoinithe atá ar fáil. Roghnófar na tionscadail d'ardleibhéil agus lorgófar cead iad a chur ar an gClár Taighde bliantúil.

Déanfar na topaicí a chatagóiriú lena dheimhniú go mbeadh sé oiriúnach an taighde a dhéanamh le clár iardhochtúireachta/PhD nó arbh oiriúnaí an taighde a choimisiúnú le meicníocht mheicniúla. Bunófar an cinneadh ar roinnt toscaí lena n-áirítear, an gá le hionchur acadúil, leibhéal nuálaíochta, cathain a bheidh na torthaí ag teastáil etc. Más cuí, soláthrófar an taighde tríd an gClár Comhaltachtaí Taighde (féach Cuid 5)

Coimisiúnófar tionscadail ghearrthéarmacha, má táthar ag súil go gcríochnófar an obair laistigh de roinnt seachtainí nó míonna, trí thairiscintí a lorg ó ollscoileanna, eagraíochtaí tráchtála taighde agus sainchomhairleoirí de réir mar is cuí. Ba cheart tionscadail den tsaghas seo a bheith críochnaithe laistigh de cheithre bliana. Go hiondúil coimisiúnófar tionscadail fhadtéarmacha tríd Clár Comhaltachtaí Taighde TII. Cuirfear mórthionscadail amach le haghaidh tairiscintí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le rialacháin an AE. Beidh an fhormáid agus ábhar na haighneachta san iarratas ar thairiscintí. I ngach cás, lorgófar togra atá iomlán costáilte le sceideal dá bhfuil insoláthartha.

Déanfar tograí a athbhreithniú i gcomhréir le critéir dheimhnithe mheasúnaithe a áireofar sa choimre tionscadail.  Is é an Bainisteoir Taighde agus an Meantóir Taighde a dhéanfaidh an measúnú. Is féidir arthbhreithniú seachtrach a dhéanamh freisin de réir mar is rogha leis an TII. Cuirfear Réamhchlár Taighde le chéile roimh gach bliain airgeadais chun na buiséid le haghaidh tionscadail nua agus leanúnacha agus na cláir ama a shainiú. I gcoitinne coimisiúnófar tionscadail Chomhaltachtaí ionas go dtosófar iad ag tús mí Dheireadh Fómhair. D'fhéadfadh tioncadail teacht ar líne ag amanna éagsúla ag brath ar shainriachtanais agus ar thosaíochtaí.