Anailís ar Shábháilteacht an Ghréasáin

TII Publication: TII GE-STY-01022

An Próiseas Anailíse ar Shábháilteacht an Ghréasáin

Próiseas í Anailís ar Shábháilteacht an Ghréasáin a ndéantar cur síos uirthi i bhFoilseacháin TII faoi TII GESTY-01022. Úsáideann Anailís ar Shábháilteacht an Ghréasáin sonraí faoi imbhuailtí agus faoi chiliméadair feithicle a taistealaíodh le measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht bóithre náisiúnta agus le láithreacha a shainaithint ina dtiteann go leor imbhuailtí amach ar an ngréasán bóithre náisiúnta. Cuirtear aschur na hanailíse seo ar imbhuailtí i dtreo díriú ar bhearta réitigh bliantúla um shábháilteacht ar bhóithre. Cuirtear gnás foirmiúil ar fáil sa Treoir ón AE maidir le Sábháilteacht an Bhonneagair Bóthair a Bhainistiú (EU RISM) le haghaidh Anailís ar Shábháilteacht an Ghréasáin, cé gur cuireadh a mhacasamhail de mhodhanna i bhfeidhm in Éirinn ó na 1970idí ar aghaidh. Is féidir teacht ar thorthaí ó iaranailís trí Thairseach Sonraí Oscailte TII. Tá na meánrátaí imbhuailtí ón anailís is déanaí ar fáil anseo freisin.

Is féidir amharc ar chaighdeán Anailíse ar Shábháilteacht an Ghréasáin TII GE-STY-01022 anseo.

Sonraí Imbhuailtí

Déanann an Garda Síochána sonraí imbhuailtí a thaifeadadh. Úsáideann an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (an RSA) agus Bonneagar Iompair Éireann (TII) na sonraí seo ar mhaithe le cuspóirí taighde. Is féidir amharc ar shonraí imbhuailtí bailíochtaithe ar leathanach Imbhuailtí ar Bhóithre RSA Ireland. Tugann TII faoi TII GE-STY-01022 ar bhonn bliantúil trí úsáid a bhaint as na trí bliana is déanaí de shonraí imbhuailtí.

Anailís ar Imbhuailtí

Úsáidtear sonraí imbhuailtí agus ciliméadair feithicle a taistealaíodh le meastachán a dhéanamh ar mhinicíocht imbhuailtí agus ar rátaí imbhuailtí don ghréasán bóithre náisiúnta.

Sanntar daonraí tagartha do bhóithre náisiúnta don Anailís ar Shábháilteacht an Ghréasáin. Tá na bóithre i ngach catagóir den chineál céanna agus, ar an ábhar sin, bíonn súil leis go n-éiríonn mar an gcéanna leo ó thaobh sábháilteachta. Ríomhtar an meánráta imbhuailtí agus an mheánmhinicíocht imbhuailtí do gach daonra tagartha.

Roinntear an gréasán bóithre ansin ina stráicí atá thart ar 1 chiliméadar ar fad. Ríomhtar an ráta imbhuailtí agus an mhinicíocht imbhuailtí do gach stráice 1 chiliméadar agus cuirtear na torthaí i gcomparáid lena chéile in aghaidh an mheánráta imbhuailtí agus na meánmhinicíochta imbhuailtí maidir leis an daonra tagartha.

Sainaithnítear Láithreacha Ard-Imbhuailtí ina dhiaidh sin trí shuíomhanna a thagarmharcáil in aghaidh leibhéil tairsí (rátaí imbhuailtí agus minicíocht imbhuailtí) a bunaíodh do gach daonra tagartha faoi leith. Tá na tairseacha reatha a úsáidtear le láithreacha ardimbhuailtí a shainaithint ar fáil trí na Nósanna Imeachta Anailíse ar Shábháilteacht an Ghréasáin atá ar fáil i bhFoilseacháin TII.

Athbhreithniú ar an Suíomh

Déanann foireann inniúil athbhreithnithe athbhreithniú ar gach láthair ardimbhuailtí. Déantar grinnscrúdú ar na taifid maidir le himbhuailtí ag láithreacha ardimbhuailtí mar chuid den phróiseas seo. Tugtar sonraí san eolas seo faoi na saghsanna imbhuailtí a tharla agus úsáidtear iad lena chabhrú a dheimhniú an léir nó nach léir aon phatrún ar leith imbhuailtí. Cabhraíonn an chigireacht seo ar stair imbhuailtí an tsuímh, sa mhullach ar an gcuairt ar an suíomh, sa chás gur cuí, lena dheimhniú an bhfeabhsóidh nó nach bhfeabhsóidh frithbheart innealtóireachta feidhmíocht sábháilteachta na láithreach.