Sábháilteacht Bóithre agus Tollán

Tá an TII tiomanta do bhóithre náisiúnta atá sábháilte agus éifeachtúil a sholáthar.

Má dhéantar bóithre a fheabhsú agus deireadh a chur le himbhuailtí beidh córas iompair i bhfad níos éifeachtúla ann. Aithnítear an tOideachas, an Forfheidhmiú agus an Innealtóireacht i Straitéis um Shábháilteacht ar Bhóithre an Rialtais (2013-2020) mar thrí thoisc riachtanacha chun imbhuailtí agus básanna ar na bóithre a laghdú. Tá iarrachtaí TII gréasán bóithre náisiúnta atá níos sábháilte a chur ar fáil dírithe go príomha ar an Innealtóireacht.

Tá TII fós ag cur feabhais ar an ngréasán bóithre náisiúnta le mótarbhealaí agus débhealaí a thógáil, a bhfuil rátaí níos ísle imbhuailtí orthu ná na codanna den bhóthar náisiúnta dhá lána a bhí ann. Oibríonn TII freisin chun fadhbanna sábháilteachta ar na bóithre náisiúnta atá ann cheana féin a mhaolú.

Straitéis um Shábháilteacht ar Bhóithre

Leagadh síos i Straitéis um Shábháilteacht ar Bhóithre an Rialtais 2007-2012 spriocanna maidir leis an líon imbhuailtí a laghdú.  Bhí baint an-mhór ag TII leis an ngné den straitéis sábháilteachta a bhain leis an innealtóireacht. Ba é príomhaidhm na Straitéise líon na mbásanna ar na bóithre a laghdú go dtí uasmhéid 25 in aghaidh an mhilliúin agus líon na ngortuithe tromchúiseacha go huasmhéid 60 in aghaidh an mhilliúin. Sáraíodh an sprioc seo agus tá TII anois ag obair ar chuspóirí Straitéis um Shábháilteacht ar Bhóithre an Rialtais 2007-2012 a bhaint amach. Téigh go dtí suíomh gréasáin an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre le haghaidh breis eolais faoin Straitéis um Shábháilteacht ar Bhóithre.

Treoir ón AE maidir le Bainistiú Sábháilteachta Bonneagair Bhóithre

Tá clár sábháilteachta ar bhóithre an-fhairsing ag an TII atá dírithe ar líon na n-imbhuailtí ar an ngréasán bóithre násiúnta a laghdú. Trasuíodh Treoir ón AE maidir le Bainistiú Sábháilteachta Bonneagair Bhóithre (BSBB AE) i nDlí na hÉireann trí I.R.Uimh. 472 de 2011. Tugann BSBB AE córas chun sábháilteacht ar an ngréasán bóithre náisiúnta a bhainistiú. Baineann cuid mhaith de Shábháilteacht TII le cur i bhfeidhm riachtanais BSBB AE.
 

Íoslódáil an Treoir BSBB AE 2008/96/CE

Treoir ón AE 2004/54/CE maidir le Ceanglais Íosta Sábháilteachta le haghaidh Tollán sa Líonra Bóithre Tras-Eorpach.

Tá Sábháilteacht TII i mbun monatóireacht leanúnach ar tholláin Bhaile Átha Cliath, Chorcaí agus Luimnigh lena chinntiú go gcuirtear chun feidhme ina hiomláine Treoir AE 2004/54/CE agus a thrasuí i nDlí na hÉireann trí I.R.Uimh. 213 de 2006.

Foráiltear sa Treoir do cheanglais íosta le haghaidh tollán ar an GTE-I atá níos faide ná 500m, agus leagtar síos na ceanglais:

  • Déanfaidh an tÚdarás Riaracháin (TII) tástáil agus iniúchadh rialta ar na tolláin agus cuirfear scéimeanna eagraíochta agus oibríochta i bhfeidhm (lena n-áirítear pleananna práinnfhreagartha) le haghaidh thraenáil agus threalmhú na seirbhísí éigeandála.
  • Déanfaidh bainisteoir an tolláin (an comhlacht a bhainistíonn gach tollán) deimhin de go ndéanfar aon eachtra sa tollán a fhiosrú agus a thuairisciú mar is ceart.
  • Oibreoidh Oifigeach Sábháilteachta gach tolláin go dlúth leis na seirbhísí éigeandála agus glacfaidh páirt i gcleachtaí pleanála.
  • Cinnteoidh an tAonán Cigireachta go ndéanfar iniúchtaí, measúnachtaí agus tástálacha ar an Tollán atá neamhspleách ón mbainisteoir.

Tá gá freisin le cigireachtaí tréimhsiúla agus anailís riosca ar gach tollán.

Anuas ar cheanglais na Treorach seo déanfaidh TII freisin:

  • Cigireachtaí tréimhsiúla sábháilteacht bóithre ar na tolláin de réir mar atá leagtha síos in TII HD 17 agus treoir BSBB AE.
  • Anailís ar shonraí imbhuailtí mar atá leagtha síos in TII HD 15 agus an treoir BSBB AE.

Íoslódáil an Treoir BSBB AE 2004/54/CE

Lámhleabhar Deartha le haghaidh Caighdeáin Tollán agus Droichead.

Sraith caighdeán do dhearadh, tógáil agus cothabháil an ghréasáin bóithre náisiúnta is ea Lámhleabhar Deartha le haghaidh Caighdeáin Tollán agus Droichead TII (TII DMRB).  Comhlíonann Sábháilteacht TII ceanglais Threoir ón AE maidir le Bainistiú Sábháilteachta Bonneagair Bhóithre leis na caighdeáin TII DMRB seo:

  • Rangú Sábháilteacht Gréasáin TII HD15
    Is éard is Rangú Sábháilteacht Gréasáin ann ná próiseas chun sonraí imbhuailtí a úsáid chun sábháilteacht an ghréasáin bóithre a rangú agus suíomhanna a mbíonn líon ard imbhuailtí orthu a aithint.  Bailíonn an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre sonraí na n-imbhuailtí don phróiseas seo, cliceáil anseo don léarscail sonraí is déanaí d'Éirinn. Tá na meánrátaí imbhuailtí ar na cineáil éagsúla bóithre (mótarbhealach, débhealach uirbeach agus tuaithe, agus bóthar dhá lána tuaithe agus uirbeach) ar fáil anseo.
  • TII HD16 Cigireacht ar Bhearta Sealadacha Sábháilteachta
    Déantar Cigireachtaí ar Bhearta Sealadacha Sábháilteachta ar oibreacha bóthair lena chinntiú go bhfuiltear ag cloí le treoirlínte maidir le bearta sábháilteachta.
  • TII  HD17 Cigireacht Sábháilteachta ar Bhóithre
    Déantar Cigireachtaí Sábháilteachta ar Bhóithre ar bhóithre náisiúnta atá ann cheana féin chun guaiseacha sábháilteachta a aithint agus a réiteach.
  • TII  HD18 Measúnú Tionchair ar Shábháilteacht ar Bhóithre
    Déantar Measúnaithe Tionchair ar Shábháilteacht ar Bhóithre ar scéimeanna bóithre náisiúnta chun tionchair shábháilteachta na roghanna éagsúla pleanála le haghaidh scéimeanna nua a dheimhniú nó nuair a bhíonn athruithe suntasacha á ndéanamh ar scéimeanna atá ann cheana féin. 
  • TII  HD19 Iniúchadh Sábháilteachta ar Bhóithre
    Measúnú is ea Iniúchadh Sábháilteachta ar Bhóithre ar scéimeanna bóthair ag na céimeanna deartha, tógála agus deiridh chun guaiseacha d'úsáideoirí bóithre a aithint. 

Straitéis um Shábháilteacht ar Bhóithre

Tá Rannán Sábháilteachta TII páirteach i dtaighde fairsing ar shábháilteacht bóithre atá dírithe ar phátrúin na n-imbhuailtí ar an ngréasán bóithre náisiúnta a thuiscint. Baineann cuid mhór den taighde ar shábháilteacht bóithre le hanailís ar shonraí spáis. Chomh maith le hanailís siarghabhálach a dhéanamh ar shonraí imbhuailtí, thosaigh an Rannán ag déanamh cigireachtaí réamhghníomhacha agus anailís ar ghuaiseacha cois bóthair.

Déanann an Rannán measúnú freisin ar bhearta feabhsúcháin sábháilteacht bóithre agus ar scéimeanna maolaithe tráchta atá maoinithe ag TII. Téigh go dtí TII HD15 agus go dtí na codanna den ghréasán seo a bhaineann le Rangú Sábháilteacht Gréasáin agus Maolú Tráchta chun féachaint ar thuarascálacha measúnaithe a críochnaíodh roimhe seo.

Glacann Rannán Sábháilteachta TII páirt ghníomhach i gcláir taighde trasnáisiúnta ar shábháilteacht bóithre. Nuair a oibrítear go dlúth le húdaráis bóithre agus le grúpaí taighde lasmuigh d'Éirinn déantar eolas, taithí agus smaointe a mhalartú atá chun tairbhe d'obair Rannán Sábháilteachta TII.

D'aontaigh TII agus Lucht Riaracháin Bóithre Náisiunta na hEorpa ó 2006 go ndéanfaidís a dtosaíochtaí maidir le taighde bóithre a chomhroinnt agus a gcuid buiséad taighde a oscailt trí Chomhdháil Stiúrthóirí Bóithre na hEorpa. I measc éachtaí eile, bhí siad ábalta glaonna ráthúla trasnáisiúnta ar thaighde a eagrú, a thug tionscadail taighde den scoth ina ndírítear ar riachtanais TII.

Taobhanna So-mhaiteacha Bóthair

Is eilimint iad na taobhanna so-mhaiteacha bóthair de Chur Chuige na gCóras Sábháilte i leith sábháilteacht ar bhóithre. Is iad na trí phrionsabal a ghabhann le Cur Chuige na gCóras Sábháilte:

  • Iompraíocht an Duine
  • Laige an Duine
  • Córais Sho-mhaiteacha

Is é an coincheap atá laistiar de na Taobhanna So-mhaiteacha Bóthair ná iarmhairtí na n-earráidí tiomána a íoslaghdú seachas deireadh a chur leo. Leis an gcur chuige seo tá sé i gceist dul i ngleic le tuairteanna tromchúiseacha ina bhfágann an carr an bóthar, trí bhóithre agus taobhanna bóthair níos sábháilte a sholáthar a:

  • íoslaghdaíonn an riosca go bhfágfaidh feithiclí an débhealach ( e.g. trí dhealú)
  • thugann dóthain spáis chun ceartú i gcásanna ina bhfágann feithiclí an bóthar
  • chinntíonn i gcás imhbhuaileadh ar thaobh an bhóthair go mbuailtear rud éigin a mhaolaíonn ar an bhfórsa dóibh siúd atá san fheithicil ionas go mbíonn aon ghortú a bhaineann leis ag leibhéal íseal (ní fhaigheann aon duine bás ná ní bhíonn aon duine gortaithe go dona).

Tá Treoir Deartha do Thaobhanna Bóthair So-mhaiteacha in Éirinn foilsithe ag TII a chuireann le hobair a rinne Grúpa Teicniúil ar Shábháilteacht ar Bhóithre CEDR (Cónaidhm Stiúrthóirí Bóithre na hEorpa), faoi Chathaoirleacht na hÉireann, nuair a choimisúnaigh siad tionscadal sábháilteachta bóithre ar an ábhar. Ba thoradh ar thionscadal CEDR é Treoir Deartha do Thaobhanna Bóthair So-mhaiteacha. Déantar cur síos sa doiciméad treorach ar ghuaiseacha coitianta ar thaobh an bhóthair agus moltar dea-chleachtas chun déileáil leo chun taobh bóthair sábháilte a chur ar fáil.

Athbhreithniú ar Shonraí Imbhuailtí in Éirinn

Tá sonraí imbhuailtí thar a bheith tábhachtach don taighde ar shábháilteacht ar bhóithre agus chun díriú ar bhearta chun sábháilteacht a fheabhsú in Éirinn. Choimisiúnaigh TII taighde ar shonraí imbhuailtí in Éirinn le déanaí. Tháinig dhá thuarascáil as an tionscadal taighde seo ar féidir iad a íoslódáil ag na naisc thíos.

Sa chéad tuarascáil déantar athbhreithniú ar bhailiú na sonraí imbhuailtí in Éirinn agus déantar cineál na sonraí imbhuailtí a bhailíonn an Garda Síochána a fhiosrú. Déantar measúnú sa tuarascáil freisin ar na sonraí i gcomparáid lena gcomhionann in ocht tír Eorpacha eile.

24.02.2014 Irish Collision Data Collection and International Benchmarking

Sa dara tuarascáil féachtar ar thosca rannpháirteacha imbhuailte mar a thaifead An Garda Síochána iad. Sa tuarascáil seo cuirtear na sonraí i gcomparáid le torthaí taighde eile dá leithéid ó na Stáit Aontaithe agus ón Ríocht Aontaithe chun tuairim a thabhairt faoi conas is fearr easnaimh ó thaobh tosca rannpháirteacha a líonadh.

24.02.2014 Tosca Rannpháirteacha Imbhuailte


Déantar achoimre ar an dá thuarascáil seo in alt dar teideal "Collision Data Helps Engineers to Prevent Road-Traffic Accidents" a foilsíodh in EngineersJournal.ie.