Cigireacht ar Bhearta Sealadacha Sábháilteachta

TII Publication: CC-STY-04002

Nós imeachta sábháilteachta í Cigireacht ar Bhearta Sealadacha Sábháilteachta (TSMI) d’oibreacha bóthair a thug TII isteach leis an Treoir ón AE maidir le Sábháilteacht an Bhonneagair Bóthair a Bhainistiú (EU RISM) a chomhlíonadh. Riachtanas de chuid EU RISM faoi Airteagal 6 é TSMI, a iarrann freisin go gcuirtear Cigireachtaí ar Shábháilteacht ar Bhóithre i bhfeidhm.

Is féidir Cigireacht ar Bhearta Sealadacha Sábháilteachta TII CC-STY-04002 a íoslódáil ó shuíomh gréasáin chaighdeáin TII anseo. Is féidir amharc anseo ar an bhfoirm chigireachta atá le líonadh do gach Cigireacht ar Bhearta Sealadacha Sábháilteachta.

Cigireacht é TSMI ar shuíomhanna oibreacha bóthair ar an ngréasán bóithre náisiúnta. Is é cuspóir TSMI a chinntiú go bhfuil caighdeáin bhearta sealadacha sábháilteachta á gcur i bhfeidhm i gceart ag suíomhanna oibreacha bóthair agus le tionchair fhéideartha oibreacha bóthair ar shábháilteacht an tsrutha tráchta a chur i dtaifead.

Is féidir na treoirlínte maidir le bearta sealadacha sábháilteachta ag oibreacha bóthair a íoslódáil ó shuíomh gréasáin na Roinne Iompair, Turasóireachta agus Spóirt tríd an nasc leis an Lámhleabhar Comharthaí Tráchta (Caibidil 8) agus an Treoir maidir le hOibreacha Tráchta agus Bóthair a Rialú agus a Bhainistiú.

Riachtanais Chigireachta ar Bhearta Sealadacha Sábháilteachta

Liostaítear thíos na comhlachtaí ábhartha a thugann faoi TSMI:

  • TII - TSMI ar thionscadail a cheadaíonn nó a sholáthraíonn TII
  • Údaráis Áitiúla - TSMI ar thionscadail a cheadaíonn agus/nó a sholáthraíonn an t-údarás áitiúil
  • Gealltóir Reachtúil nó Oibreoir Bóthair - TSMI ar thionscadail faoina mbainistiú

Tugann TII chomh maith faoi chigireachtaí fánacha ar bhearta sealadacha sábháilteachta Údaráis Áitiúil, Gealltóra Reachtúil agus Oibreora Bóthair lena chinntiú go bhfuil riachtanais TII CC-STY-04002 á sásamh.

Cigireacht ar Bhearta Sealadacha Sábháilteachta

I rith TSMI, déantar cigireacht ar na stráicí oibreacha bóthair a imríonn tionchar díreach ar úsáideoirí bóithre. Seiceáiltear sa TSMI go bhfuil caighdeáin bhearta sealadacha sábháilteachta ábhartha á gcomhlíonadh agus tionchair oibreacha bóthair ar shábháilteacht an tsrutha tráchta.

Minicíocht Chigireachtaí ar Bhearta Sealadacha Sábháilteachta

Bunaítear minicíocht TSMI ar fhad na n-oibreacha bóthair. Tugtar cuntas sa tábla seo a leanas ar na riachtanais íosta do TSMI.

FAD OIBREACHA BÓTHAIR% NA SUÍOMHANNA A BHFUIL CIGIREACHTAÍ LE DÉANAMH ORTHU SA BHLIAINMINICÍOCHT NA CIGIREACHTA
Níos faide ná 1 bliain ar fad Cigireacht le déanamh ar 100% de na suíomhanna Ráithiúil
Idir 6 mhí agus 1 bhliain ar fad Cigireacht le déanamh ar 100% de na suíomhanna Dhá Chigireacht
Idir 1 mhí agus 6 mhí ar fad Cigireacht le déanamh ar 50% de na suíomhanna Cigireacht Amháin
Níos faide ná 1 lá, níos giorra ná 1 mhí Cigireacht le déanamh ar idir 10% agus 20% de na suíomhanna Cigireacht Amháin
1 lá ar fad Fánach Cigireacht Amháin

B’fhéidir gur gá tabhairt faoi chigireachtaí níos minice ar bhóithre gnóthacha nó nuair a rinneadh athruithe móra ar bhearta sealadacha sábháilteachta ag suíomh. Cinnfidh TII minicíocht aon chigireachtaí breise.