An Clár um fheabhsú Seirbhísí Oibríochta Mótarbhealaigh (eMOS)

Léargas Ginearálta

Tá clár eMOS ceaptha sábháilteacht, athléimneacht agus inbhuanaitheacht an ghréasáin mótarbhealaí a chosaint.

Tá trí shnáithe ann:

1. Foirgneamh Rialaithe Thollán Bhaile Átha Cliath reatha a fhairsingiú le hionad rialaithe oibríochtaí mótarbhealaigh nua den chéad scoth a sholáthar a dhéanann an timpeallacht ina mbainistíonn TII an gréasán mótarbhealaí a nuachóiriú agus a dhéanann timpeallacht di a sheasfaidh an aimsir.

2. Teicneolaíocht agus trealamh Córais Iompair Chliste (ITS) a chur chun feidhme ar an M50, comharthaí rialaithe lánaí, comharthaí teachtaireachtaí athraitheacha (VMS) agus clúdach CCTV san áireamh.

3. Córas uileghabhálach oiriúnaitheach a chur i bhfeidhm a dhéanann eolas a fháil agus a phróiseáil ó ghléasanna iolracha monatóireachta tráchta cois bóthair a cheadaíonn d’oibreoirí comharthaí a chur in airde ar an M50 agus seirbhís bainistíochta bóthair níos comhtháite a sholáthar d’úsáideoirí bóithre.

Tá an clár á thabhairt isteach ar bhealach céimnithe incriminteach le ham a thabhairt d’úsáideoirí bóithre cur amach a bheith acu ar na comharthaí nua sula dtabharfar luasteorainneacha rialála isteach.

Tá clár eMOS á sholáthar ag Bonneagar Iompair Éireann thar ceann na Roinne Iompair.

 

Cuspóirí an chláir

Cuirfidh clár eMOS ar chumas TII:

  • freagairt d’eachtraí fíor-ama ar an ngréasán;
  • luasanna níos ísle a thaispeáint ar chomharthaí digiteacha nua a chuirfear in airde ar dhroichid shoilsithe lasnairde mar fhreagairt do dhálaí ar an mótarbhealach;
  • cur leis na cosaintí d’fhreagróirí éigeandála atá ag déileáil le teagmhais ar an M50; agus
  • úsáideoirí bóithre a choimeád ar an eolas níos fearr faoi theagmhais rompu agus conas is féidir leo difear a dhéanamh dá n-aistear.

Cúlra

Nascann an M50 an t-aerfort is mó in Éirinn, Aerfort Bhaile Átha Cliath, agus an calafort is mó sa tír, Calafort Bhaile Átha Cliath, le ceantar Bhaile Átha Cliath agus leis na mótarbhealaí a ghabhann go cathracha eile fud fad na tíre.

Léiríodh an méid seo a leanas i bhfigiúirí tráchta ar an M50 roimh phaindéim Covid-19:

  • Tháinig méadú iomlán 40% ar thurais ar an M50 i rith na tréimhse ó 2011 go 2019;
  • Rinneadh breis agus 400,000 turas ar an M50 sa lá, ar an meán;
  • Rinneadh thart ar 40% de na turais laethúla i rith bhuaicuaireanta an chloig;
  • Ba é an stráice ba ghnóthaí idir acomhal an N2 (Fionnghlas) agus acomhal an N3 (Caisleán Cnucha);
  • Rinne feithiclí earraí troma (HGVanna) 10,000-15,000 (7-10%) de na turais sa bhuaicthréimhse ar an stráice ba ghnóthaí.
  • Bhí 44% de na turais ar an M50 níos lú ná 20km ar fad agus bhí 70% níos lú ná 30km.

Réiteach

An tIonad Rialaithe Oibríochtaí Mótarbhealaigh

Tógadh an tIonad Rialaithe Oibríochtaí Mótarbhealaigh mar chuid d’uasghrádú ar agus síneadh le Foirgneamh Rialaithe Thollán Bhaile Átha Cliath reatha ar Bhóthar an Phoirt Thoir. Áis den chéad scoth í ina bhfuil an teicneolaíocht is déanaí lena cheadú monatóireacht fíor-ama a dhéanamh ar an ngréasán mótarbhealaí. Tá dearadh an tsínidh dhá stór suite timpeall ar an bpríomhsheomra rialaithe, áit a suíonn oibreoirí mótarbhealaigh agus tolláin taobh le taobh, agus monatóireacht á déanamh acu ar mhótarbhealach an M50 agus ar na bóithre a ghabhann chomh fada leis, an N40 i gCorcaigh, Tollán Bhaile Átha Cliath agus the Tollán Jack Lynch i gCorcaigh. Taispeántar na fothaí fíor-ama ó ghréasán ceamaraí CCTV an mhótarbhealaigh ar fhísbhalla 3m ar airde, 15m ar leithead, 4.2 milliún picteilín. Ceadaíonn an físbhalla seo d’oibreoirí teagmhais atá ag forbairt a thabhairt faoi deara, radhairc ar theagmhais a mhéadú fad a tharlaíonn siad, agus staidéar mionsonraithe a dhéanamh ar íomhánna CCTV sula ndéantar cinntí.

Tá seomra bainistíochta teagmhas ann atá scartha ón bpríomhsheomra rialaithe ag painéal gloine airde iomláine ar a bhfuil ceithre scáileán le píosaí scannáin CCTV a roghnaítear a thaispeáint. Tugann sé radharc soiléir don fhoireann ar an seomra rialaithe agus a phríomhthaispeáintí agus feidhmíonn sé mar an láthair chun an fhreagairt do theagmhais mhóra ar an ngréasán bóithre a chomhordú.

Cuireadh tús le hoibreacha i Samhain 2018 agus críochnaíodh iad i mí na Nollag 2020.

Teicneolaíocht chórais iompair chliste (ITS)

Tá mar aidhm ag clár eMOS éifeachtaí díobhálacha an bhorrtha ar thrácht amach anseo ar leibhéil sábháilteachta ar an M50 a mhaolú trí chórais iompair chliste (ITS) a chur i bhfeidhm ar an mótarbhealach. Anuas ar shábháilteacht ar bhóithre a bharrfheabhsú, cuirfidh sé feabhas ar éifeachtúlacht an bhóthair, agus ar iontaofacht ama aistir tríd an méid ‘stadanna agus tosaithe’ a laghdú a thiteann amach feadh an M50 agus an gá a laghdú atá ag tiománaithe na coscáin a chur ag obair go tobann mar fhreagairt do thrácht atá stoptha. Léiríodh go n-éiríonn lena mhacasamhail de chórais ITS i Meiriceá Thuaidh, an Astráil agus an RA, ina bhfuil fad breis agus 500 míle den saghas seo mótarbhealaigh i bhfeidhm, ar stráicí an M25 timpeall ar Londain san áireamh.

Úsáidfear faisnéis fíor-ama ó lúba uathoibríocha braite teagmhais i ndromchla an bhóthair, ceamaraí CCTV, agus trealamh eile cumarsáide agus cois bóthair leis an luas cuí a dheimhniú ar cheart d’fheithiclí taisteal air. Cuirfear an luas in iúl d’úsáideoirí bóithre trí chomharthaí digiteacha atá lonnaithe os cionn gach lána. I gcás teagmhais ar an M50, oibreacha bóthair nó ag tráthanna tromthráchta, ísleofar na luasanna a thaispeántar ar na comharthaí digiteacha leis an trácht a mhoilliú, a laghdaíonn fanacht i scuaine agus an baol gaolmhar i leith imbhuailtí de réir mar a thaistealaíonn feithiclí go dtí cúl na scuainí.

Tá struchtúir agus trealamh nua á soláthar ag clár eMOS chun tacú le comharthaí digiteacha a thabhairt isteach ar an M50, an méid seo a leanas ina measc:

  • 19 ndroichead shoilsithe nua;
  • 386 Comhartha Rialaithe Lánaí;
  • 64 Comhartha Teachtaireachtaí Athraitheacha (VMS);
  • 45 Ceamara CCTV; agus
  • 54 Comhartha ar Shliosbhóthar ag na pointí iontrála chuig an M50.

An Córas Faisnéise agus Bainistíochta Gréasáin (an NIMS)

Tá réiteach an NIMS ceaptha córas nua a sholáthar d’oibreoirí a sholáthraíonn an fhaisnéis agus na feidhmeanna a theastaíonn chun tacú le fís TII i leith an gréasán mótarbhealaí a bhainistiú go héifeachtach agus go héifeachtúil, anois agus amach anseo araon.

Tacóidh córas an NIMS TII leis an méid seo a leanas a sholáthar:

  • bainistíocht ar an sruth tráchta ar aon dul le cuspóirí na Bainistíochta Luais Inathraithe;
  • comhordú ar fhreagairtí do theagmhais leis na seirbhísí éigeandála agus leis na haonaid freagartha teagmhais ó chonraitheoirí eile; agus
  • eolas tráchta a bhailiú agus a scaipeadh ar úsáideoirí bóithre trí mheáin éagsúla, ar chomharthaí teachtaireachtaí athraitheacha cois bóthair, na meáin shóisialta agus ar shuíomh gréasáin Tráchta TII san áireamh.

Feachtas um fheasacht phoiblí

Tá feachtas um fheasacht phoiblí á thabhairt isteach ag TII agus an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (an RSA) le tiománaithe a chur ar an eolas ar chomharthaí nua luais rabhaidh a thabharfar isteach ar an M50, nuair a chuirfear ar siúl iad, agus an tábhacht a bhaineann leis na comharthaí a leanúint leis an M50 a choimeád sábháilte.