Mótarbhealach an M4/M6 ó Chill Choca go Cionn Átha Gad

Tar éis gur fhógair an Rialtas na tionscadail phíolótacha an 1 Meitheamh 1999, bhí an tionscadal seo le measúnú ag an NRA dá oiriúnacht lena chur chun cinn mar CPP. Cuireadh an tionscadal san áireamh ina dhiaidh sin mar cheann de na tionscadail a faomhadh faoi Thráinse II den chlár Bóithre CPP mar a d’fhógair an NRA i Meitheamh 2000. Bhain 39km de mhótarbhealach ó Chionn Átha Gad go Cill Choca a thógáil leis an tionscadal agus síneadh atá ann leis an mótarbhealach ó Chill Choca go Maigh Nuad go Léim an Bhradáin ar bhealach an N4/N6 ó Shligeach go Gaillimh go Baile Átha Cliath. Gabhann an Mótarbhealach ar sheachbhóthar timpeall ar bhailte an Bhóthair Bhuí agus Chionn Átha Gad.

Bronnadh an Conradh CPP i Márta 2003 ar Chuibhreannas EuroLink (SIAC Construction Ltd agus Cintra – Concesiones de Infraestructuras de Transport S.A.)

DÁTA BRONNTA CONARTHACONRADH BRONNTA ARSAGHAS AN CPP CLÁR RIALTAIS STÁDAS
Márta 2003 Cuibhreannas Eurolink Lamháltas An Plean Forbartha Náisiúnta 2000-2006 Osclaíodh é in 2005

For further information relating to this road please contact Eurolink on 046 954 0266

Please click here for the M4 Eurolink website

Gnéithe Airgeadais Chonradh CPP Mhótarbhealach an M4/M6 ó Chionn Átha Gad go Cill Choca

Cuideachta Lamháltais ar Bhronnadh an Chonartha

Tá SIAC Construction Limited, cuideachta thógála Éireannach, agus Cintra - Concesiones de Infraestrucutras de Iompair S. A., cuideachta mhór Spáinneach ag a bhfuil leasanna lamháltais bóithre sa Spáinn, sa Phortaingéil, i gCeanada, agus sa tSile, i gCuibhreannas EuroLink

Dualgais agus oibleagáidí na Cuideachta Lamháltais

Tá ar Eurolink tabhairt faoi na tascanna seo a leanas don scéim mótarbhealaigh 39km, 19 dtardhroichead, 7 bhfodhroichead, agus 3 íosbhealach san áireamh:

  • Dearadh
    • Dearadh mionsonraithe iomlán a dhéanamh ar gach gné nuathógála;
    • CNa measúnuithe riachtanacha ar struchtúir a dhéanamh ag céimeanna éagsúla i rith na tréimhse lamháltais
  • Tógáil
    • Na hoibreacha nua go léir a thógáil;
    • Glacadh le freagracht as dálaí talún, monatóireacht agus réiteach seandálaíochta, athlonnú fóntais agus tírdhreachú.
  • Cothabháil
    • Pábháil bhóthair, struchtúir, tírdhreachú, comharthaí, líniú, soilsiú, bacainní sábháilteachta, fálú agus gach gné eile den bhóthar a chothabháil;
    • Tabhairt faoi chothabháil chuimsitheach geimhridh, patróil, sailleadh réamhchúramach, agus glanadh sneachta san áireamh.
  • Oibriú
    • An bóthar a bhainistiú i dtaobh sábháilteachta, bainistíocht tráchta, eolais don úsáideoir bóithre, doirteadh ola, timpistí;
    • An córas dolaí a oibriú i leith na leibhéal riachtanach seirbhíse agus é a uasghrádú mar is gá chun freastal ar éileamh;
  • Ath-infheistiú
    • Sula dtabharfar ar ais don earnáil phoiblí é ag deireadh an lamháltais, na háiseanna go léir a uasghrádú is gá (e.g. athdhromchlú, athlíniú bóthair) chun an tsaolré riachtanach iarmharach a sholáthar don bhóthar.
    • Maidir le struchtúr an bhóthair, tá ar an lamháltóir é a thabhairt ar ais agus saolré bhreise 10 mbliana aige sula mbeadh aon neartú struchtúrach ag teastáil.
  • Airgeadas
    • Airgeadas a thiomsú don scéim agus freagracht a ghlacadh as na haisíocaíochtaí go léir;
    • An baol i leith róchaiteachas costais a láimhseáil.

An Tréimhse Lamháltais

Síníodh an conradh an 24 Márta 2003 agus leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm ar feadh 30 bliain ón dáta sin. Ceapadh go nglacfadh an tógáil thart ar 3.5 bliain agus beidh EuroLink freagrach as dolaí a bhailiú ar feadh tréimhse thart ar 26.5 bliain.

Costas an tionscadail

Measann an tÚdarás, dá dtabharfadh sé féin faoi na tascanna uile dearaidh, tógála, cothabhála, oibrithe agus ath-infheistíochta ar gá do EuroLink tabhairt fúthu gurbh ionann a bheadh an costas agus thart ar €550m de réir luachanna 2003.

Measann an tÚdarás gurb ionann a bheidh an costas talún, réamhstaidéar/dearaidh a theastaíonn leis an mbealach a shainaithint, cáipéisí reachtúla a ullmhú (Scéim Mótarbhealaigh agus Ráiteas Tionchair Timpeallachta), réamh-imscrúdú talún, tástáil agus réiteach tosaigh seandálaíochta, agus maoirseacht ar a tógáil agus thart ar €64m. Baineann na costais seo, gan aird ar bhealach an chonartha a d’fhéadfaí a úsáid leis an scéim a sholáthar.

Maoiniú Eurolink

Shocraigh Eurolink cistiú ó thrí fhoinse:

  • Dhá bhanc Spáinneacha - Banco Bilbao Vizcaya Argentaria, S.A. agus Banco Santander Central Hispano, S.A.1 1
  • An Banc Eorpach Infheistíochta – banc faoi úinéireacht bhallstáit an Aontais Eorpaigh a infheistíonn i mbonneagar riachtanach AE.
  • Cistí ó Cintra agus SIAC.

Is é EuroLink an páirtí atá freagrach as na fiachais seo a aisíoc.

1Rinneadh fiachas iarscoir airgeadais a shindeacáitiú do thrí bhanc bhreise - Banco Português de Investimento (Banco BPI - banc Portaingéalach), Banco San Paulo (banc Iodálach), agus Instituto de Credito Official (ICO - banc Spáinneach).

Íocaíochtaí ón Údarás le Eurolink

Tá íocaíochtaí an Údaráis le Eurolink seasta agus íocaíochtaí €146m (luachanna 2003) i gcaitheamh na tréimhse tógála atá iontu, a scaoiltear ar chríochnú sásúil príomhghnéithe tógála, agus €6m (luachanna 2003), ar an iomlán, i dtréimhse an oibrithe.

Íocaíochtaí ó Eurolink leis an Údarás

Íocfaidh EuroLink sciar leis an Údarás, ag brath ar an leibhéal tráchta ar an mbóthar, de na hioncaim ó dholaí a bhailítear. Gan na sonraí iomlána a nochtadh mar gheall ar íogaireacht tráchtála an togra chruinn, measann an tÚdarás gur suim an-substainteach airgid a bheidh san ioncam seo a aisíocfaidh na híocaíochtaí fóirdheontais go páirteach a bheidh déanta ag an Údarás agus go mbeidh siad le híoc i rith thréimhse an lamháltais.

Íocaíochtaí ó Eurolink leis an Stát

Anuas ar an sciar ioncaim a íocfaidh sé leis an Údarás, beidh oibleagáid ar EuroLink na híocaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Rátaí tráchtála: I gcomhréir leis an Acht Luachála, 2001, EuroLink a bheidh in áititheoir réadmhaoine inrátáilte mar gheall ar na saoráidí dola a bheidh á n-oibriú acu. Ceanglófar ar EuroLink, ag brath ar na líonta feithiclí agus a ríomhtar i gcomhréir le modheolaíocht a leagann an Oifig Luachála amach, rátaí a íoc leis na trí údarás a ngabhann an bóthar trína limistéar riaracháin.
  • Cáin Chorparáide.
  • CBL ar fháltais neamh-inghnóthaithe.

Mar a tharla leis an sciar ioncam, ní mian leis an Údarás méid measta na n-íocaíochtaí seo a lua ach is féidir leis a dheimhniú gurb ionann agus suim shubstainteach airgid a bheidh iontu.

Léargas Ginearálta Achomair

I gcás bonneagair ar a bhfuil costas measta €550m, gan costais talún/ullmhúcháin a áireamh, íocfaidh an Stát €152m, gan costais talún/ullmhúcháin a áireamh, agus forchúiteoidh sé airgead ansubstainteach trí scair ioncaim, rátaí, agus cánacha.