eFlow

Is é eFlow an córas Dola Gan Bhacainn atá i bhfeidhm ar Mhótarbhealach M50 Bhaile Átha Cliath.

I mí Lúnasa 2008 baineadh an dola-phlás a bhí ann go dtí sin agus cuireadh córas leictreonach dola gan bhacainn ina áit. Le eFlow tá deireadh le scuainí agus boinn a lorg ag an dola-phlás

Conas teagmháil a dhéanamh le eFlow?

Is féidir le custaiméirí teagmháil a dhéanamh le eFlow trí úsáid a bhaint as na roghanna thíos:

eFlow

Bosca Oifig Phoist 13294,

Aonad Seirbhíse Seachadta na Cathrach Theas,

Corcaigh

0818 50 10 50

+353 1 461 0122

www.eflow.ie

Cén chuid den M50 ar a bhfuil dola?

Caithfidh feithiclí a úsáideann an chuid den M50 idir Acomhal 6 (N3 Baile Bhlainséir) agus Acomhal 7 (N4 Leamchán) dola a íoc. Breathnaigh ar táillí dola an M50.

Conas a oibríonn sé?

Déantar Dola Gan Bhacainn le córas leictreonach bailithe dola. Braitheann an córas leictreonach dola turais le clib leictreonach (feithiclí atá feistithe le clib leictreonach) nó i gcás feithiclí gan chlibeanna, déanann an córas taifead de chláruimhir na feithicle. Is gléas beag í an chlib leictreonach, ar chomhmhéad le cárta creidmheasa, suite ar ghaothscáth na feithicle. 

Conas a íocann tú?

Tá roinnt slite chun íoc a bhraitheann ar cé acu an bhfuil tú cláraithe nó nach bhfuil.

  • Cuntas Clibe - Cláraigh do chlib leictreonach le eFlow nó le solátharaí údaraithe eile. Gearrtar na táillí is ísle de réir cineál feithicle ar fheithiclí feistithe le clib. Tabhair do d'aire go ngearrtar táillí riaracháin ar chuntais chlibe.
  • Cuntas Físeáin - Mura dteastaíonn cuntas clibe uait, cláraigh le haghaidh cuntas físeáin (cláruimhir) le eFlow.
  • Neamhchláraithe - caithfidh úsáideoirí an M59 nach gcláraíonn an dola a íoc roimh 8p.m. an lá i ndiaidh dóibh an turas a dhéanamh. Féadfaidh úsáideoirí neamchláraithe íoc ar líne le eFlow ach glaoch ar (0818 50 10 50 / +353 1 461 0122) nó ag ionaid brandáilte Payzone ar fud na tíre. Bí ag faire amach don chomhartha Payzone.

Conas is féidir clárú?

Is féidir clárú le haghaidh clib eFlow (€1.23 de tháille riaracháin in aghaidh na míosa) nó cuntas físeáin eFlow (níl aon táille riaracháin). Is féidir clárú ar líne ag www.eflow.ie nó glaoch ar an lárionad glaonna (0818 50 10 50 / +353 1 461 0122). Iarrfar ort sonraí d'fheithicle agus sonraí íocaíochta a thabhairt.

Cad a tharlaíonn mura n-íocann tú ?

Úsáideoirí neamhchláraithe nach n-íocann roimh 8p.m. an lá i ndiaidh an turais, cuirfear píonós €3.50 leis an méid atá gan íoc. Mura n-íocfar an dola agus an píonós €3.50 laistigh de14 lá gearrfar pionós breise €46.50 Mura n-íocfar an méid iomlán laistigh de 56 lá ina dhiaidh sin cuirfear píonós €116.00 leis. Cuirfear tús le himeachtaí dlíthiúla ina dhiaidh sin.

An oibríonn clib eFlow ag dola-phláis eile?

Oibríonn, beidh tú in ann do chlib eFlow a úsáid chun do dholaí a íoc go leictreonach ag dola-phláis ar fud na tíre. Baineann cuntais físeáin eFlow leis an M50 amháin. Is féidir le custaiméirí de chuid solátharaithe eile iad a úsáid ag an M50 freisin.


A thuilleadh eolais ag www.eflow.ie nó 0818 50 10 50 / + 353 1 461 0122