Tástáil i leith Measúnú Oiriúnachta

Rinne BIÉ an cinneadh gur theastaigh Tástálacha i leith Measúnú Oiriúnachta maidir le roinnt dá chuid tionscadal mar gheall nárbh fhéidir é a eisiamh, ar bhunús eolas oibiachtúil eolaíochta, go mbeidh éifeachtaí suntasacha ag na tionscadail, ar bhonn aonair nó in éineacht le pleananna nó tionscadail eile, ar láithreáin Eorpacha. Mar gheal gur ghá dó tabhairt faoi Thástálacha i leith Measúnú Oiriúnachta maidir le tionscadail áirithe ar bheartaigh sé tabhairt fúthu, d’iarr BIÉ go n-ullmhófar Ráitis Tionchair Natura (RTNanna). Is féidir teacht ar na RTNanna seo trí na naisc ábhartha thíos a leanúint. I ndiaidh gur cuireadh na RTNanna seo faoi bhráid an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, d’fhan BIÉ ar feadh tréimhse ar a laghad sé seachtaine sular chuir sé na Tástálacha i leith Measúnú Oiriúnachta go léir i gcrích. Tugann BIÉ faoi deara go gceanglaítear air aon aighneachtaí a chur i gcuntas a rinne an tAire leis. I dtabhairt faoi na Tástálacha i leith Measúnú Oiriúnachta seo, chuir BIÉ roinnt ceisteanna i gcuntas, na RTNanna ina measc. Áiríodh le Tástálacha i leith Measúnú Oiriúnachta BIÉ cinntiúcháin maidir le cibé acu an n-imreodh nó nach n-imreodh na tionscadail ábhartha drochthionchar ar iomláine na láithreán Eorpach. Tá na cinntiúcháin seo ar fáil, chomh maith, trí na naisc ábhartha seo thíos a leanúint. Tugadh faoi na tástálacha go léir sula ndearnadh aon chinntí chun tabhairt faoi thionscadail. Níor thug BIÉ faoi na tionscadail seo ach i ndiaidh dó an cinneadh a dhéanamh nach n-imreoidh siad drochthionchar ar iomláine na láithreán Eorpach. Tá cinntiúcháin BIÉ ar fáil, chomh maith, lena n-iniúchadh ag baill den phobal ag a oifigí i rith uaireanta oifige. D’fhéadfadh méideanna beaga d’eolas a chuimsítear laistigh de na cinntiúcháin agus na RTNanna, dá gcuirfí ar fáil go poiblí iad, baol a chruthú do chaomhnú speiceas nó gnáthóg chosanta. Rinneadh an t-eolas seo a chur in eagar dá bharr. Cuireadh sonraí pearsanta in eagar, chomh maith, de bhun an Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí. 
 
Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir le Tástálacha i leith Measúnú Oiriúnachta, seol ríomhphost, le do thoil, chuig: EnvironmentalPolicyCompliance@tii.ie