Léarscáileanna Torainn

Treoir 2002/49/CE ón AE, trasuite i ndlí na hÉireann le hIonstram Reachtúil uimhir 140 de 2006 (An Bille um Thorann 2006), ina n-éilítear go bhforbrófar léarscáileanna straitéiseacha torainn agus pleananna gníomhaíochta do phríomhbhóithre, iarnróid, aerfoirt agus cathracha.

Faoi na Rialacháin, tá TII freagrach as léarscáileanna torainn a fhorbairt do na bóithre náisiúnta ar fad a iompraíonn breis is 3 mhilliún feithicil in aghaidh na bliana.

Do chéim 2012 den léarscáiliú torainn, cuireadh léarscáileanna torainn le chéile do bhreis is 3000km de bhóithre náisiúnta. Cuireadh léarscáileanna torainn eile le chéile le haghaidh bóithre nach bóithre náisiúnta iad. Taispeántar na léarscáileanna torainn de na príomhbhóithre taobh amuigh de chathracha Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí ar an suíomh gréasáin. Chuir an tÚdarás na léarscáileanna seo le chéile in 2012.

Cad is Léarscáil Torainn ann?

Is léargas grafaiceach é léarscáil torainn ar an staid tuartha maidir le torainn i limistéar ar leith le dathanna éagsúla air chun leibhéil éagsúla torainn a léiriú in deicibeilí [dB(A)].

D’fhonn léarscáil torainn a chur le chéile ní mór roinnt athróga a dheimhniú chun an méid torainn a ghintear ag an bhfoinse, i.e. trácht ar an mbóthar, a léiriú i gceart. Is é luas an tráchta is mó a dheimhníonn leibhéal an torainn, é sin agus cáilíocht fhoriomlán na bhfeithiclí sa sruth tráchta, an méid díobh ar feithiclí troma tráchtála iad agus an cineál dromchla atá ar an mbóthar sa limistéar.

Ní mór an bealach a ghluaiseann an torann amach ón bhfoinse a ríomh ansin agus ní mór an laghdú ar leibhéal an torainn is é ag imeacht ón bhfoinse a ríomh chuige sin. Imreoidh fad, clúdach talún agus cé acu an bhfuil bacainní ar nós ballaí, bacainní torainn etc. ann tionchar ar leibhéal tanaithe torainn.

Cuirtear gach léarscáil torainn i láthair i dtéarmaí dhá tháscaire torainn: Lden agus Lnight.

Is é Lden an táscaire lá-tráthnóna-oíche agus léiríonn sé an táscaire torainn ó thaobh barrán foriomlán. Tá sé ‘ualaithe’ chun léiriú a thabhairt ar bhearráin breise sna tráthnónta agus istoíche.

Is é Lnight an táscaire torainn istoíche agus úsáidtear é nuair a bhítear i mbun cur isteach ar chodladh a thomhas.

Tá na táscairí seo bunaithe ar mheáin fad bliana an lae (07:00-19:00), tráthnóna (19:00-23:00) agus oíche (23:00-07:00).

Léarscáileanna Straitéiseacha Torainn

Léarscáiliú Straitéiseach Torainn 2012 Léarscáil Gréasáin Lden

Is é Lden an leibhéal torainn lá-tráthnóna-oíche agus léiríonn sé an táscaire torainn ó thaobh barrán foriomlán. Ríomhtar é thar thréimhsí lá-tráthnóna-oíche ar feadh bliain amháin. Is é an tréimhse lae 07:00 go 19:00, tréimhse an tráthnóna 19:00 go 23:00 agus an tréimhse oíche ó 23:00 go 07:00. Sa táscaire Lden tugtar ualach breise do thréimhsí an tráthnóna agus na hoíche toisc gur mó a chuireann an bearráin isteach ar dhaoine ag na hamanta sin. Sa léarscáil thíos tá na bandaí deiceiblí Lden (dB) a tuairiscíodh don Strategic Noise Mapping 2012.

Léarscáiliú Straitéiseach Torainn 2012 Léarscáil Gréasáin Lden

Is é Lnight an táscaire torainn istoíche agus úsáidtear é nuair a bhítear i mbun cur isteach ar chodladh a thomhas. Is é an meánleibhéal torainn a ríomhadh thar gach tréimhse oíche, 23:00 go 07:00, ar feadh bliana. Sa léarscáil thíos tá na bandaí deicibeilí (dB) Lden a tuairiscíodh don Strategic Noise Mapping 2012.

Léarscáileanna Straitéiseacha Torainn

Tagair le do thoil don tábla thíos le haghaidh léarscáileanna de réir contae.

Chun breathnú ar an léarscáil náisiúnta torainn, cliceáil anseo.