TRA2024 ag Teacht go Baile Átha Cliath in Aibreán 2024

" "

Tar éis chomhdháil rathúil TRA2022 i Liospóin an 14-17 Samhain 2022, ghlac Éire anois le huachtaránacht TRA agus thosaigh sí i ndáiríre le pleananna a dhéanamh do TRA2024 Bhaile Átha Cliath a thitfidh amach ag an RDS an 15-18 Aibreán 2024. Ghlac a Shoilse, Ralph Victory, Ambasadóir na hÉireann go foirmiúil leis an bPortaingéil, le freagracht as TRA thar ceann Rialtas na hÉireann ag Searmanas Dúnta TRA2022 an 18 Aibreán 2022.

Scan the QR code to register interest in TRA2024.

Is féidir an cód mearfhreagartha agus an nasc seo a úsáid le spéis in TRA2024 a chlárú.

 

 

Cúlra le TRA

Tá bunús maith anois faoi chomhdháil na hAiréine Taighde Iompair (TRA) agus tá ceann de na comhdhálacha iompair is mó le rá déanta di a eagraítear gach dhá bhliain i gcathair éagsúil Eorpach. I measc spriocghrúpaí an TRA, tá an pobal taighde agus an saol acadúil, an earnáil tionscail agus phríobháideach, an lucht déanta beartas agus forais phoiblí atá gníomhach i réimse an iompair. Is é misean na hAiréine Taighde Iompair (TRA) tacú le gníomhartha taighde, nuálaíochta agus imlonnaithe náisiúnta agus réigiúnacha Eorpacha san iompar a ailíniú agus a chomhoibriú trí bharr feabhais a chur ar líonrú agus braisliú chumas taighde, nuálaíochta agus forbartha na hEorpa bunaithe ar chreataí taighde, nuálaíochta agus imlonnaithe straitéiseacha i gclár comhroinnte.

Chun teacht ar eolas breise, tabhair cuairt ar Chomhdháil TRA - an Airéine Taighde Iompair

TRA2024 Details

Please click on the image to view a larger version and access additional details about TRA2024

For more details about TRA2024 please download a TRA brochure here.

5 Reasons why you should attend TRA in Dublin

  1. Cutting-Edge Research Presentations: One of the primary draws of TRA is the unparalleled opportunity to witness and engage with cutting-edge research presentations. The event serves as a melting pot for the latest developments in transportation technology, infrastructure, and policy. Attend enlightening sessions on topics from sustainable urban mobility to autonomous vehicles, gaining insights to propel your projects and initiatives forward.
  2. Unparalleled Networking Opportunities: TRA 2024 is not just a conference; it’s a networking extravaganza. Engaging with professionals and experts from various corners of the transportation industry can open doors to collaboration, partnerships, and knowledge-sharing. Whether you are an established industry player, a budding entrepreneur, or an academic researcher, the networking opportunities at TRA can be a catalyst for personal and professional growth
  3. Interactive Demonstrations and Exhibitions: Step into the future with hands-on experiences in the latest transportation technologies and solutions. These interactive sessions provide a deeper, practical understanding of the innovations shaping our industry.
  4. In-Depth Policy Insights and Trends: Delve into the critical aspects of policy and regulation that will define the future of transportation. TRA 2024’s focus on the regulatory landscape is essential for professionals navigating the intersection of technology and policy.
  5. Experience Dublin’s Unique Charm: As you plan your trip to TRA 2024, prepare to immerse yourself in the unique charm of Dublin, a city that blends history, culture, and modern vibrancy in a way that few other cities can. Dublin isn’t just a backdrop for the conference; it’s an integral part of the experience, offering a rich tapestry of cultural and historical enrichment alongside the event’s academic and professional offerings.
 
 

Cuireadh chéad chomhdháil TRA ar bun in Gothenburg, an tSualainn, in 2006 agus tá príomhchomhdháil iompair Eorpach déanta di ó shin chun an taighde agus an nuálaíocht is déanaí san earnáil iompair a chur i láthair, ina gcuimsítear na modhanna iompair uile: bóthar, iarnród, uisce, eitlíocht anuas ar thrasmhódúlacht agus iompar paisinéirí/lasta i suíomhanna uirbeacha agus idiruirbeacha. Pléitear sa chomhdháil na príomhdhúshláin maidir le hiompar agus le soghluaisteacht daoine agus earraí, i dtaca le saincheisteanna fuinnimh, timpeallachta, sábháilteachta agus slándála agus socheacnamaíocha. Tá de chuspóir aici na hoibreacha agus na nuálaíochtaí taighde is ceannródaíche, na forbairtí agus an cur i bhfeidhm teicneolaíochta agus tionsclaíoch is déanaí, agus na beartais nuálacha is déanaí san Eoraip agus ar fud an domhain a fhiosrú. Mar fhóram forleathan atá ar fáil do gach páirtí ar spéis leo, is ócáid uathúil í le hiompar a chur chun cinn.

Cuirtear an t-ardán ar fáil sa TRA do na rudaí seo a leanas:

  • Taighde, tionscal, forais phoiblí, oibreoirí iompair, úsáideoirí iompair agus páirtithe leasmhara eile i measc na gcór iompair uile
  • An lucht déanta beartas a bhfuil beartas taighde agus iompair á chumadh acu
  • Smaointe nua, réitigh teicneolaíochta agus samhlacha gnó nua
  • Eispéireas a bhaint de thodhchaí an iompair agus na soghluaisteachta
  • An éirim agus an malartú eolais agus dea-chleachtas is fearr a chur chun feidhme

Comheagraíonn an Coimisiún Eorpach agus roinnt eagraíochtaí Eorpacha a bhaineann le hiompar ina gcuimsítear na modhanna iompair uile, an TRA. Is iad na páirtithe leasmhara:

  • An Coimisiún Eorpach
  • An Chomhdháil do Stiúrthóirí Eorpacha Bóithre (an CEDR)
  • An Chomhairle Chomhairleach Eorpach um Thaighde ar Iompar ar Bóthar (an ERTRAC)
  • An Chomhairle Chomhairleach Eorpach um Thaighde ar Iarnród (an ERRAC)
  • An Clár Oibre Eorpach Teicneolaíochta Uisce-Iompartha (Uisce-Iompartha)
  • Comhaontas an Chláir Oibre Eorpaigh um Nuálaíocht Lóistíochta trí Chomhar san Eoraip (ALICE)
  • An Clár Oibre Eorpach Teicneolaíochta um Fhoirgníocht, an Timpeallacht Thógtha agus Foirgnimh atá Tíosach ar Fhuinneamh (an ECTP)
  • An Chomhairle Chomhairleach um Thaighde agus Nuálaíocht Eitlíochta san Eoraip (ACARE)
  • An Comhaontas Eorpach um Thaighde ar Iompar (an ETRA)
  • Lucht óstála an TRA a bheidh ag teacht aníos - a luaithe a cuireadh an próiseas roghnúcháin i gcrích

D’fhaomh Coiste Bainistíochta TRA Éire mar óstach TRA2024 in Aibreán 2024.