Córas Dola gan Bhacainn an M50

Suíomh: Cuar-bhealach timpeall Bhaile Átha Cliath is ea mótarbhealach an M50, agus trasnaíonn sé na príomhbhóithre gathacha, .i. M1, M2, N3, N4 (a nascann leis an N5 ⁊ N6), N7 (a nascann leis an N8 ⁊ N9), agus N11. Tá córas dola gan bhacainn i bhfeidhm ar an M50 idir Acomhal 6 (M50/N3 Baile Bhlainséir) agus Acomhal 7 (M50/N4 Leamhcán).

Ní mór do gach feithicil a bhaineann úsáid as stráice an M50 idir Acomhal 6 (M50/N3 Baile Bhlainséir) agus Acomhal 7 (M50/N4 Leamhcán) dola a íoc. Níl aon áis íocaíocht airgid thirim ar fáil ag an áit dola. Ní mór d’úsáideoirí neamhchláraithe an dola a íoc roimh 20:00 ar an lá i ndiaidh an turais. Is féidir íocaíocht a dhéanamh le lua an uimhir cláraithe feithicle:

  • Ar line ag www.eflow.ie
  • Ar an guthán le cárta creidmheasa Visa / Mastercard nó cárta dochair Visa ar 0818 50 10 50 / +353 1 461 0122
  • Le íocaíocht airgid thirim ag ionad díolacháin Payzone ar fud na tíre, le haghaidh tuilleadh eolais www.payzone.ie

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais

Táillí dola atá i bhfeidhm ar an M50

CINEÁL FEITHICLEFEITHICIL LE CUNTAS CLIBEFEITHICIL LE CUNTAS FÍSEÁINFEITHICLÍ EILEFEITHICIL LE CUNTAS CLIBE 2024FEITHICIL LE CUNTAS FÍSEÁIN 2024FEITHICLÍ EILE 2024
Gluaisteáin agus feithicil seirbhíse poiblí le suíocháin do suas le ocht bpaisinéir €2.30 €2.90 €3.50 €2.50 €3.10 €3.70
Feithiclí earraí ag a bhfuil meáchan gan ualach nach mó ná 2,000kg Busanna nó cóistí le suíocháin do níos mó ná ocht bpaisinéir €3.20 €3.80 €4.40 €3.50 €4.10 €4.70
Feithiclí earraí ag a bhfuil meáchan gan ualach níos mó ná 2,000kg ach nach mó ná 10,000kg €4.80 €5.30 €5.90 €5.10 €5.70 €6.30
Feithiclí earraí ag a bhfuil meáchan gan ualach níos mó ná 10,000kg €5.90 €6.50 €7.10 €6.30 €6.90 €7.50

Ní mór do úsáideoirí neamhchláraithe an dola dlite a íoc roimh 20:00 an lá i ndiaidh úsáid an dola-bhóthair. Dé réir forálacha na bhfodhlíthe, is iad seo a leanas na dolaí mainneachtana i gcás íocaíochta déanaí le haghaidh 2023:

  • Is é an dola mainneachtana tosaigh d’úsáideoir/aicmiú feithicle ná an dola a bhaineann leis an úsáideoir/aicmiú feithicle móide €3.50
  • Is é an dola mainneachtana breise d’úsáideoir/aicmiú feithicle ná an dola mainneachtana tosaigh a bhaineann leis an úsáideoir/aicmiú feithicle móide €46.50
  • Is é an dola mainneachtana críochnaitheach d’úsáideoir/aicmiú feithicle ná an dola mainneachtana breise a bhaineann leis an úsáideoir/aicmiú feithicle móide €116.00
  • Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar www.eflow.ie nó Locall 0818 50 10 50.
OibritheoirRoghanna Íocaíochta DolaTeagmháil
Turas Mobility Services Teo
  • Airgead Tirim
  • Clibeanna dola leictreonacha idir-inoibritheachta eToll
  • www.etoll.ie

eFlow 
PO Box 13294, South City DSU, Cork 
0818 50 10 50 / +353 1 461 0122

www.eflow.ie