" "

Droichid & Tolláin

Is é Eirspan Córas Bainistíochta Droichead na hÉireann

Tugadh córas bainistíochta droichead Eirspan isteach in 2001 chun gníomhaíochtaí a chomhordú agus a chomhtháthú amhail cigireachtaí, deisiúcháin agus obair athshlánaithe lena chinntiú go ndéanfar bainistiú optamach ar stoc struchtúir bhóithre náisiúnta.

Sa pháipéar seo a leanas tá achoimre ar na cúiseanna a bhí leis an gcóras a thabhairt isteach agus tugtar athbhreithniú ar na gníomhaíochtaí ar leith a bhaineann le Eirspan. Tógadh ó imeachtaí an Bridge Engineering Journal de chuid Institiúid na nInnealtóirí Sibhialta le cead ón Institiúid chéanna (http://www.ice.org.uk/) agus ó Thomas Telford Ltd.

  • Eolas ar fhorbairt Eirspan: Córas Bainistíochta Droichead in Éirinn. Bridge Engineering 157 Issue BE3 (PDF file).
  • Is é an Principal Inspection Manual_RevC_Jan08, an tríú ceann i sraith de lámhleabhair ar bhainistiú na ndroichead atá ann cheana i gcomhréir le Córas Bainistíochta Struchtúr na hÉireann, EIRSPAN. Sa lámhleabhar tugtar cur síos mion ar bhonn teicniúil agus riaracháin na príomhchigireachta. Tá an córas seo bunaithe ar phrionsabail Chóras Bainistíochta Droichead na Danmhairge DANBRO. Is féidir an lámhleabhar a íoslódáil  anseo.
  • Is é an Inventory manual RevC Jan 08 an dara ceann i sraith lámhleabhar atá curtha le chéile ag an Údarás chun cur síos a dhéanamh ar oibriú Chóras Bainistíochta Droichead Eirspan. Fad a thugtar cur síos ginearálta sa chéad lámhleabhar ar oibriú chóras Eirspan, sa lámhleabhar seo agus in gach lámhleabhar dá leanann tugtar cur síos mion ar mhódúil éagsúla laistigh de Eirspan. Is féidir é a íoslódáil anseo.
  • Eorachóid - I dtreo 2010 agus Feidhmiú Náisiúnta: Tá 10 nEurachód ann, ina bhfuil 58 páirt aonair, a chlúdaíonn 10 réimse deartha. An chéad dá réimse (bonn deartha agus bearta nó lódáil) tá siad coiteann do gach dearadh, na chéad sé cinn eile tá siad sonrach d’ábhar agus clúdaíonn an dá chód eile gnéithe geotheicniúla & seismeacha.
    Is féidir eolas ar na eurachóid seo  a íoslódáil anseo.
  • Is féidir eolas ar Eurocodes National Application Status - Dec 2007 a íoslódail anseo.

Gréasán Tolláin TII

Tá TII freagrach as trí thollán ar páirt iad den Ghréasán Bóithre Náisiúnta. Is iad sin Tollán Bhaile Átha Cliath (M50), Tollán Sheáin Uí Loingsigh (N40) agus Tollán Luimnigh (N18). Oibríonn Egis Tollán Bhaile Átha Cliath agus Tollán Sheáin Uí Loingsigh ar son TII. Tá Direct Route freagrach as oibriú agus as cothabháil Thollán Luimnigh mar chuid de Chéim II PPP Chuarbhóthar Theas Luimnigh N7.

Tabhair cuairt ar shúimh gréasáin na trí thollán seo: