Ionaid Seirbhíse Mótarbhealaigh

Tá baint dhíreach ag TII le soláthar ionaid serbhíse ar líne ar mhótarbhealaí agus ar dhébhealaí ardchaighdeáin.

Glactar leis go forleathan anois gur cuid de ghréasán sábháilte bóithre é go leor limistéir pháirceála a sholáthar le go mbeidh tiománaithe in ann stop agus sos a thógáil. Mar a tharlaíonn tá stádas dlíthiúil tugtha dó seo le déanaí ag rialacháin an Aontais Eorpaigh faoin mbeartas Gréasáin Tras-Eorpacha Iompair.

Amhairc ar agus íoslódáil léarscáil d’Ionaid Seirbhíse Mótarbhealaigh ar an nGréasán Mótarbhealaí.

Ionaid Seirbhíse Ar Líne

Tá baint dhíreach ag TII le soláthar ionaid serbhíse ar líne ar mhótarbhealaí agus ar dhébhealaí ardchaighdeáin. Tá sé seo difriúil ó ionaid eis líne, i.e. suíomhanna ag acomhail nó gar dóibh nó atá níos faide ó phríomhlíne an mhótarbhealaigh/débhealaigh.

Féach ar agus íoslódáil ár Beartas Ionaid Seirbhíse Mótarbhealaigh.

Clár Ionad Seirbhíse TII

Sciar 1 – Ionaid Seirbhíse
 
Bronnadh an chéad sciar de Ionaid Seirbhíse Mótarbhealaigh ar an líne i mí Dheireadh Fómhair 2009 ar an gcuibhreannas Superstop Teo, ina gcuimsítear Petrogas Group Teo agus Tedcastle Oil Products anois. Bronnadh an conradh 25-bliana CPP ar bhonn dearadh, tógáil, maoiniú, cothabháil agus oibriú (DTMCO) do trí ionad seirbhíse ar an líne sna suímh a leanas, atá i bhfeidhm ó bhí 2010 ann:
 
  • Ionad Seirbhíse Lusca: Tá an tIonad Seirbhíse M1 Theas suite cóngarach do Lusca ar mhótarbhealach an M1 i gContae Átha Cliath;
  • Ionad Seirbhíse Bhaile an Ghearlánaigh: Tá an tIonad Seirbhíse M1 Thuaidh suite cóngarach do Bhaile an Ghearlánaigh ar mhótarbhealach an M1 i gContae Lú; agus
  • Ionad Seirbhíse an Bhóthair Bhuí: Tá an tIonad Seirbhíse M4 suite idir an Bóthar Buí agus Cionn Átha Gad ar mhótarbhealach an M4 i gContae Chill Dara.
Sciar 2 – Ionaid Seirbhíse
 
Rinne BIÉ conradh i mí Iúil 2018 le Beech Hill Gateway Services DAC (Ireland), fochuideachta ar lánúinéaracht ag Circle K, le haghaidh an dara sciar de Ionaid Seirbhíse Mótarbhealaigh ar an líne. Bronnadh an conradh CPP ar bhonn dearadh, tógáil, maoiniú, cothabháil agus oibriú (DTMCO) go ceann tréimhse 25 bliana. Cuireadh an trí ionad seirbhíse ar an líne i mbun feidhme i rith na bliana 2019. Is iad suímh na n-ionad seirbhíse ná:
 
  • Ionad Seirbhíse Bhaile Átha Luain: Tá an t-ionad seirbhíse seo suite timpeall 5km soir ó Bhaile Átha Luain i gContae na hIarmhí;
  • Ionad Seirbhíse Chill Chuillinn: Tá an t-ionad seirbhíse seo suite timpeall 10km ó dheas ón acomhal M7/M9 i gContae Chill Dara; agus 
  • Ionad Seirbhíse Guaire: Tá an t-ionad seirbhíse seo suite timpeall 10km ó thuaidh ó Ghuaire i gContae Loch Garman.