Bainistiú Gréasáin & Rialú Tráchta

Is sa Lárionad Rialaithe Trácht Mótarbhealaigh, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, a dhéanaimid an gréasán a bhainistiú agus na háiseanna rialaithe tráchta a chomhordú.

Lárionad Rialaithe Trácht Mótarbhealaigh

Tá an Lárionad Rialaithe freagrach as monatóireacht agus bainistiú níos mó na 65 milliún turas fethicle in aghaidh na bliana. Cinntíonn sé go ndéantar an gréasán bóithre náisiúnta agus tolláin in Éirinn a bhainistiú ar bhealach sábháilte agus éifeachtúil. Oibríonn an lárionad roinnt seirbhísí, ina measc,

  • Ardchórais bainistithe tráchta
  • Teachtaireachtaí leictreonacha do thiománaithe
  • Líonra Teileafóin Éigeandála Cois Bóthair
  • Sceidealú oibreacha bóthair
  • Bainistiú eachtraí

Dearadh é freisin chun freastal ar uasghrádú agus claochlú oibríocht an ghréasáin bóithre náisiúnta ina iomláine lena n-áirítear,

  • Ceamaraí Slándála TCI
  • Líonra cumarsáide snáithe TII
 

Córais Chliste Iompair

Úsáidimid teicneolaíocht agus fearas Córais Chliste Iompair ar ár ngréasán chun cabhrú linn na seirbhísí a rith. Cuireann na hard-fheidhmchláir seo ar a gcumas d’úsáideoirí bóithre eolas níos fearr a bheith acu agus úsáid níos sábháilte, níos comhordaithe agus níos cliste a bhaint as gréasáin iompair. Ar an bhfearas a úsáidtear tá:

  • Aonad Monatóireachta Tráchta
  • Brathadóirí lúibe
  • Córais Uathaithint Uimhirphlátaí
  • Teilifís Chiorcaid Iata
  • Comharthaí Teachtaireachta Inaithreacha
  • Líonra Teileafóin Éigeandála Cois Bóthair
  • Cumarsáid snáithe agus gan sreang
  • Soláthartaí cumhachta
  • Bonneagar sibhialta bainteach

Teileafóin Éigeandála Cois Bóthair

Is teileafóin grianchumhachta iad Teileafóin Éigeandála Cois Bóthair a chuirtear ar fáil ar ár mbóithre le haghaidh glaonna a chur ar na seirbhísí éigeandála.

De ghnáth cuirtear iad i limistéir ina bhfuil dainséar ar leith nó in áiteanna ar dócha nach mbeidh gá leo ach le haghaidh glaonna éigeandála.

Tá beagnach 1,400 de na teileafóin éigeandála ar na príomhbhealaí, 1.6km óna chéile. Bíonn siad á n-oibriú 24 huaire a chloig an lae, 365 lá sa bhliain sa Lárionad Rialaithe Trácht Mótarbhealaigh.

 

Líne Eachtraí Mótarbhealaigh

Tá cabhair le fáil ag úsáideoirí mótarbhealaí a bhfuil deacrachtaí acu ar an líne eachtraí mótarbhealaigh. Glaoigh 0818-715-100 R-phost info@mtcc.ie.

" "

Faisnéis Am Taistil

Úsáidtear ár gComharthaí Teachtaireachta Inathreachcha chun cabhrú linn an trácht a bhainistiú agus tiománaithe a choimeád ar an eolas ar ghréasán bóithre na hÉireann.
Agus iad suite ar stráicí éagsúla den ghréasán mótarbhealaí tá eolas ann ar:

  • Faisnéis Fíor-ama Turais
  • Bainistiú Gníomhach Tráchta le haghaidh imeachtaí agus eachtraí neamhphleanáilte
  • Eachtraí aimsire
  • Bainistiú ar imeachtaí pleanáilte
  • Oibreacha bóthair
  • Mórimeachtaí náisiúnta
  • Feachtais sábháilteachta

Tabhair cuairt ar Trácht TII  ár suíomh gréasáin le haghaidh faisnéis fíor ama tráchta.

Soilsiú Sráide Cliste

Dearann agus bainistíonn BIÉ faoi láthair roinnt scéimeanna píolótacha Soilsiú Sráide Cliste ar fud na hÉireann. Tá siad seo dírithe ar chórais bainistithe lárnacha, soilsiú atá tíosach ar fhuinneamh, giniúint fuinneamh gaoithe, agus raon teicneolaíochtaí cumarsáide nuálaíocha.

Is iad seo a leanas na feidhmeanna a thugann na córais seo:

  • Cianmhonatóireacht, isliú lampaí, agus rialú sócmhainní soilsithe.
  • Leibhéil soilseachta bóthair in-ríomhchláraithe chun líon reatha feithiclí a mhionathrú.
  • Is féidir feidhmeanna lasacháin/íslithe a oibriú mar chuid de chóras cianmonatóireachta nó trí bhallastaí  in-ríomhchláraithe a shuiteáil i lóchrainn chun ísliú céimnithe a oibriú ag amanna réamhshocraithe.
  • Is féidir iad a úsáid mar chineál méadrú sonraí.
  • Uaireanta an chloig a dhóitear lampaí a thaifead chun teipeanna lampaí sa todhchaí a thuar.
  • Teipeanna lampaí, iompraíocht lampaí, lochtanna agus caitheamh fuinnimh a logáil agus a thaifeadadh.
  • Is féidir leo gné Chóras Faisnéis Geografaí (GIS) a chorprú mar chuid de Chóras Lárnach nó de Chóras Bainistíochta Sócmhainní.

Cómhaoiniú AE

Tá páirt-tacaíocht ar a laghad faighte ag gníomhaíochtaí Soilsiú Sráide Cliste ón Tionscadal EasyWay atá cómhaoinithe ag an gCoimisiún Eorpach.