Inrochtaineacht

Tá Bonneagar Iompair Éireann tiomanta do na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Suíomh gréasáin inrochtana a choimeád
  • A chinntiú go mbaineann an suíomh gréasáin seo comhréireacht “Leibhéal A” amach i leith na dTreoirlínte maidir le hinrochtaineacht ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1, le Cód Cleachtais ar Inrochtaineacht Seirbhísí Poiblí agus Faisnéise a chuireann Comhlachtaí Poiblí ar fáil de chuid an Údaráis Náisiúnta Mhíchumais.
  • A chinntiú go mbaineann an t-eolas nua go léir ar an suíomh gréasáin comhréireacht “Leibhéal A” amach i leith na dTreoirlínte maidir le hinrochtaineacht ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1.
  • Inrochtaineacht a chur san áireamh nuair a dhéanaimid córais 3ú páirtí a sholáthar nó nuair a uasghrádaimid go dtí córais reatha

Stádas Comhlíonta

Sainítear sna Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) riachtanais do dhearthóirí agus forbróirí chun inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a fheabhsú. Comhlíonann TII WCAG 2.1 go páirteach. Tá iarracht á déanamh ag TII WCAG 2.1 a chomhlíonadh i leith Leibhéal AA trí athbhreithnithe tréimhsiúla a dhéanamh lena chinntiú go leanann an suíomh gréasáin de bheith comhlíontach.

Ábhar Neamh-inrochtana

Táimid ag obair ar na gnéithe seo a leanas den suíomh gréasáin a fheabhsú:

  • ag obair ar na gnéithe seo a leanas den suíomh gréasáin a fheabhsú: • Níl an téacs ar leathanaigh áirithe ag teacht le ceanglais chodarsnachta dathanna íosta WCAG - D'fhéadfadh téacs atá ró-éadrom fadhbanna a chruthú d’úsáideoirí atá dathdhall nó atá faoi lagamharc. Ceanglaíonn WCAG cóimheas codarsnachta dathanna íosta de 4.5:1 ar a laghad do ghnáth-théacs, agus 3.1 do théacs mhór (18pt agus níos mó, nó cló trom 14pt.)

Tá na réimsí neamhchomhlíontachta atá ann faoi láthair le cur ina gceart faoi Dheireadh Fómhair 2025.

 

Ábhar Nach dTagann Faoi Scóip Na Rialachán Inrochtaineachta

Ní cheanglaítear sna rialacháin inrochtaineacht orainn PDFanna nó cáipéisí eile a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair 2018 a dheisiú mura bhfuil siad bunriachtanach maidir lenár seirbhísí a sholáthar. Tá obair á déanamh againn lena chinntiú go sásaíonn na hacmhainní bunriachtanacha go léir na rialacháin inrochtaineachta.

 

An Ráiteas Inrochtaineachta Seo a Ullmhú

Rinneadh an ráiteas seo a athbhreithniú agus a chur ar fáil an uair dheireanach an 29 Meán Fómhair 2022. Leagtar amach na modhanna a úsáideadh leis an ráiteas a ullmhú in Airteagal 3(1) de Cinneadh um Chur chun Feidhme an Choimisiúin (AE) 2018/1523 agus ag an Údarás Náisiúnta Míchumais anseo.

 

Aiseolas agus Eolas Teagmhála

Cuireann an TII fáilte roimh d’aiseolas ar inrochtaineacht an tsuímh gréasáin seo. Más dealraitheach duit nach féidir leat eolas a iarraidh nó teacht air, nó mura féidir leat ábhar a úsáid atá ar shuíomh gréasáin TII ar chúiseanna inrochtaineachta, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh linn tríd an eolas teagmhála a liostaítear a úsáid.

 

An tOifigeach Rochtana

Faoi Acht um Míchumas, 2005, ceanglaítear ar gach Oifig Rialtais Oifigeach Rochtana amháin nó níos mó a cheapadh. Tá Oifigigh Rochtana freagrach as cúnamh a thabhairt do chustaiméirí atá faoi mhíchumas rochtain a fháil ar sheirbhísí agus ar fhoilseacháin a chuireann TII ar fáil agus feidhmiú mar phointe teagmhála do dhaoine faoi mhíchumas ar mian leo rochtain a fháil ar a leithéid sin de sheirbhísí agus d’fhoilseacháin. Seo a leanas sonraí teagmhála Oifigeach Rochtana TII:

Sarah O’Donnell
An tOifigeach Rochtana
Teileafón: 01-6463600
R-phost sarah.odonnell@tii.ie

 

An tOifigeach Fiosrúchán

Tá Oifigeach Fiosrúchán ceaptha ag TII chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin déanta faoi Alt 38 den Acht um Míchumas

Déanfaidh an tOifigeach Fiosrúchán imscrúdú neamhspleách go príobháideach agus cuirfidh sé nó sí tuarascáil i dtoll a chéile ina sonrófar an méid seo a leanas:

  • má tá do ghearán bailí;
  • cibé acu ar mhainnigh nó nár mhainnigh ar TII forálacha ábhartha an Achta um Míchumas a chomhlíonadh, agus
  • sa chás go raibh mainneachtain i gceist, déanfar cur síos ar na céimeanna atá le cur i gcrích chun comhlíonadh a chinntiú amach anseo

Seo a leanas sonraí teagmhála Oifigeach Fiosrúchán TII:

Michael Kennedy
An tOifigeach Fiosrúchán
Teileafón: 01-6463600
R-phost: michael.kennedy@tii.ie

 

Gearáin faoi Acht um Míchumas, 2005

Féadfaidh daoine faoi mhíchumas, nó aon duine ag gníomhú ar a son, gearán a dhéanamh le TII má bhreithníonn siad gur mhainnigh ar an eagraíocht forálacha Alt 25, Alt 26, Alt 27 & Alt 28 d’Acht um Míchumas, 2005, a chomhlíonadh. Baineann na hAilt sin den Acht le rochtain daoine faoi mhíchumas ar:

  • Foirgnimh phoiblí TII;
  • Seirbhísí TII;
  • Seirbhísí agus earraí ceannaithe ag TII; nó
  • Faisnéis.

Má theastaíonn cúnamh ó dhuine chun gearán a dhéanamh maidir le seirbhísí inrochtana, is féidir leis nó léi teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Rochtana a chabhróidh leis nó léi, chomh fada agus is féidir, chun a g(h)earán a dhéanamh. De réir Alt 39 (2) d’Acht um Míchumas, 2005, is iad seo a leanas na nósanna imeachta atá bunaithe chun a leithéid sin de ghearáin a dhéanamh agus a imscrúdú.

 

Gearán a Dhéanamh

Féadfaidh duine gearán a dhéanamh, nó trína c(h)uid

  • céile/páirtí, tuismitheoir nó gaol;
  • caomhnóir nó duine atá ag feidhmiú in loco parentis don duine sin;
  • ionadaí dlí;
  • abhcóide pearsanta, sannta ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh chun ionadaíocht a dhéanamh ar an duine sin; nó
  • duine éigin eile atá ag déanamh abhcóideacht thar ceann an duine sin lena t(h)oiliú.

Ní mór gearán a dhéanamh i scríbhinn, agus d’fhéadfaí uimhir facs nó seoladh r-phoist a chur ar fáil, agus ba cheart sonraí teagmhála, i rith an lae, a chur ar fáil don duine a bhfuil an gearán á dhéanamh aige/aici.

TBa cheart go sonrófaí sa ghearán gur gearán faoi Alt 38 d’Acht um Míchumas, 2005, atá ann agus, a mhéid is féidir, ba cheart a leagan amach go soiléir na forais don ghearán maidir le mainneachtain líomhnaithe TII rochtain a sholáthar faoi Alt 25 - Alt 28 den Acht.

Ba cheart an gearán a sheoladh chuig:

Michael Kennedy,
An tOifigeach Fiosrúchán,
Bonneagar Iompair Éireann,
Ionad Gnó Gheata na Páirce,
Sráid Gheata na Páirce,
Baile Átha Cliath 8
D08 DK10.

Trí r-phost chuig michael.kennedy@tii.ie

 

Gearán a Fhiosrú

Tabharfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin admháil go bhfuair sé an gearán a luaithe agus is féidir ach ní níos déanaí ná cúig lá oibre tar éis é a fháil.

Déanfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin iniúchadh ar an ngearán lena bhunú an mbaineann an mhainneachtain atá á líomhain Alt 25, 26, 27 & 28 den Acht a chomhlíonadh ag TII. Má dhearbhaítear an gearán a bheith neamhbhailí, i.e. measann an tOifigeach Fiosrúcháin nach mbaineann an gearán le cúraimí a chuimsítear le hAilt 25 go 28 den Acht, cuirfidh an tOifigeach Fiosrúcháin an méid sin in iúl don ghearánaí, chomh maith le cúiseanna tacaíochta agus, más féidir, tabharfaidh comhairle don ghearánaí maidir le malairt bealaí chun cúiteamh a fháil.

Nuair a cheapann an tOifigeach Fiosrúcháin go bhfuil an gearán suaibhreosach nó cráiteach, cuirfidh sé nó sí an cinneadh sin in iúl don ghearánaí i scríbhinn agus tabharfaidh deis don ghearánaí uiríll a dhéanamh maidir leis an gcúram. Seachas sin, déanfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin iniúchadh ar an ngearán i gcomhréir leis na hailt seo a leanas.

Féadfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin faisnéis/sonraí breise a iarraidh ar an duine a rinne an gearán agus d’fhéadfadh sé nó sí a éileamh go dtabharfaí dó nó di an fhaisnéis/sonraí sin laistigh de dhá sheachtain ar a mhéad ó iarradh iad.

Féadfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin dul i gcomhairle faoin gcúram leis na páirtithe ar fad a mheasann sé nó sí a bheith oiriúnach agus faisnéis/tuairiscí/comhaid nó aon sonraí eile a iarraidh ar oifigigh ábhartha. Ní mór aon fhaisnéis a iarrtar, a sholáthar laistigh de dhá sheachtain ar a mhéad ó iarradh í.

Le linn don fhiosrúchán a bheith ar siúl féadfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin agallaimh a dhéanamh le daoine a cheapann sé a bheith oiriúnach, lena n-áirítear an té a rinne an gearán, chun faisnéis a fháil.

Coimeádfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin taifead i scríbhinn den fhiosrúchán.

Ullmhóidh an tOifigeach Fiosrúcháin tuairisc i scríbhinn de thorthaí an fhiosrúcháin ina leagfar amach na torthaí in éineacht leis an gcinneadh maidir le:

  • ar theip ar TII cloí le forálacha iomchuí an Achta um Míchumas, agus
  • i gcás gur theip, a bhfuiltear chun a dhéanamh lena chinntiú go gcloífidh TII le forálacha iomchuí an Achta um Míchumas amach anseo.

Tabharfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin cóip den tuairisc don duine a rinne an gearán.

Críochnóidh an tOifigeach Fiosrúcháin an tuairisc laistigh de 20 lá oibre tar éis dó nó di an fhaisnéis ábhartha ar fad a fháil, lena n-áirítear aon fhaisnéis bhreise a iarrtar ar an ngearánaí. Mura mbíonn tuairisc iomlán ar fáil laistigh de 20 lá, seolfaidh an tOifigeach freagra eatramhach agus tabharfaidh sé nó sí le fios cathain a bheidh an tuairisc ar fáil.

Is é deireadh an fhiosrúcháin é nuair a thugtar cóip den tuairisc don duine a rinne an gearán.

Tabharfar comhairle don ghearánaí faoin gceart achomhairc chun Oifig an Ombudsman, mar a leagtar amach thíos.

 

Ceart Achomhairc

Mura mbíonn an gearánaí sásta lenár bhfreagra deiridh, féadfaidh sé nó sí teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman.

Bunaíodh Oifig an Ombudsman chun iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin ó bhaill an phobail a mheasann nár caitheadh go cothrom leo agus iad ag plé le comhlachtaí ar nós TII. Má bhraitheann gearánaí nár caitheadh go cothrom leis nó léi nó má tá sé nó sí míshásta lenár gcinneadh maidir leis an ngearán, is féidir leis an té sin teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ombudsman. De réir dlí, is féidir leis an Ombudsman gearáin i dtaobh aon cheann dár ngníomhartha riaracháin nó cleachtais a fhiosrú chomh maith le haon mhoill nó easpa gnímh inár plé leat. Soláthraíonn an Ombudsman seirbhís réitigh díospóidí atá neamhchlaonta agus neamhspleách.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman ag:

Oifig an Ombudsman, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773.

Fón: +353 1 639 5600 Ríomhphost: complaints@ombudsman.ie