Tuarascáil faoi chomhairliúchán Poiblí Luas Chorcaí Foilsithe Inniu
Tacaíocht láidir do Luas Chorcaí agus aiseolas ón bpobal ag cuidiú leis an gcéad chéim eile de thogra na líne iarnróid atá beartaithe a mhúnlú.
Inniu d’fhoilsigh Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) an Tuarascáil Iar-Chomhairliúcháin faoi Rogha Bealaigh Luas Chorcaí 2026, ina sonraítear torthaí an chomhairliúcháin phoiblí ocht seachtaine a rinneadh le déanaí faoin iarnród éadrom beartaithe a nascfadh Baile an Chollaigh le Rinn Mhachan.
Le linn an chomhairliúcháin, a reáchtáladh ón 17 Aibreán go dtí an 12 Meitheamh 2026, bhí rannpháirtíocht shuntasach ón bpobal ann: fuarthas 1,733 aighneacht agus ghlac 1,660 duine páirt in imeachtaí poiblí agus seisiúin eolais le páirtithe leasmhara ar fud Chorcaí.
Léiríonn an tuarascáil tacaíocht láidir i measc an phobail d’infheistíocht in iompar poiblí ardtoillte, agus ag an am céanna sainaithnítear ceisteanna agus ábhair imní áitiúla a chuideoidh le bonn eolais a chur faoin gcéad chéim eile d’fhorbairt an deartha.
Leis an gcomhairliúchán sainaithníodh ceithre phríomhthoradh:
- Tacaíoch láidir le hiompar poiblí feabhsaithe i gCathair Chorcaí. Tacaíonn 85.2% de na freagróirí le forbairt Luas Chorcaí.
- Tacaíocht don scéim, ach iarrataí ar mhionchoigeartuithe. Dhírigh an t-aiseolas go minic ar ailíniú na bealaí, socruithe rochtana, bainistiú tráchta áitiúil agus éifeachtaí féideartha ar phobail sheanbhunaithe.
- Ní mór na tionchair ar an bpobal áitiúil a chíoradh agus a mheas go mion. I measc na bhfadhbanna ar ar thug na rannpháirtithe aird bhí na tionchair ar phobail agus ar chlubanna spóirt i mBaile an Easpaig; rochtain agus trácht i mBaile an Chollaigh, i mBaile an Teampaill agus sa Dúcharraig; agus gníomhaíocht mhuirí ar an Laoi.
- Suim mhór i measc an phobail i síntí bealaigh amach anseo agus i gcomhtháthú le busanna, iarnród, siúl, rothaíocht agus saoráidí Páirceála agus Taistil.
Nuair a iarradh ar an bpobal buntáistí Luas Chorcaí a rangú, roghnaigh 76.6% de na freagróirí iompar rialta, iontaofa agus sábháilte, agus roghnaigh 71.7% díobh an fhéidearthacht brú tráchta a laghdú. Ba léir an tacaíocht don taisteal inbhuanaithe agus d’fhreastal ar fhás réamh-mheasta dhaonra Chorcaí.
Sa tuarascáil tarraingítear aird chomh maith ar an tacaíocht shuntasach atá ann le féachaint chuig go seasfaidh an líonra an aimsir, agus d'éiligh go leor freagróirí síntí siar ó Bhaile an Chollaigh, níos faide ná Rinn Mhachan, agus naisc fheabhsaithe le hAerfort Chorcaí agus limistéir fáis eile amach anseo.
Ag trácht ar fhoilsiú na tuarascála, dúirt Lorcan O’Connor, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhonneagar Iompair Éireann, an méid seo a leanas:
"Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt sa chomhairliúchán seo. Léiríonn leibhéal na rannpháirtíochta an tábhacht a leagann daoine ar iompar poiblí ardchaighdeáin a sholáthar do Chorcaigh. Deimhníonn an t-aiseolas go dtacaítear go láidir le Luas Chorcaí, agus ag an am céanna sainaithníonn sé ceisteanna áitiúla ar gá iad a mheas tuilleadh de réir mar a théann an tionscadal ar aghaidh. Táimid tiomanta do bheith ag obair le pobail agus le páirtithe leasmhara chun an tionscadal a mhionleasú agus a fhorbairt. Cuirfear gach aighneacht san áireamh sa chéad chéim eile d’fhorbairt an deartha agus cabhróidh sé sin le Luas Chorcaí a thabhairt níos gaire don chéim seachadta.”
Dúirt Anne Shaw, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair (ÚNI): "Cuirimid fáilte mhór roimh fhoilsiú na Tuarascála faoi Chomhairliúchán Poiblí Luas Chorcaí. Tá rannpháirtíocht an phobail ina cuid ríthábhachtach den phróiseas pleanála iompair, agus is údar misnigh é a fheiceáil gur ghlac an oiread sin daoine páirt sa chomhairliúchán agus gur fuarthas breis agus 1,700 aighneacht inar tugadh aiseolas ar an rogha bealaigh. Is príomhthionscadal é Luas Chorcaí faoi Straitéis Iompair Mhórcheantar Chorcaí (CMATS) agus imreoidh sé ról tábhachtach chun tacú le fás inbhuanaithe Chathair Chorcaí agus a mórcheantar máguaird. Táimid ag tnúth go mór le leanúint ar aghaidh ag obair go dlúth le BIÉ agus páirtithe leasmhara eile de réir mar a théann an tionscadal ar aghaidh chuig céim an iarratais pleanála."
Bainfear úsáid as na torthaí anois chun bonn eolais a chur faoi chéim an réamhdheartha sa tionscadal. Leanfaidh BIÉ de bheith i dteagmháil le pobail, páirtithe leasmhara, gnólachtaí agus ionadaithe poiblí de réir mar a fhorbrófar an scéim. Áireofar sa chéad chéim eile tuilleadh mionchoigeartaithe ar an dearadh, measúnuithe comhshaoil agus teicniúla, rannpháirteachas na bpáirtithe leasmhara agus ullmhúchán do phróiseas pleanála an Ordaithe Iarnróid. Mar chuid de sin, beidh deis eile ag an bpobal a dtuairimí a chur in iúl le linn comhairliúchán poiblí reachtúil.
Tá an Tuarascáil Iar-Chomhairliúcháin ina hiomláine ar fáil ag www.luascork.ie.
Le haghaidh fiosruithe ó na meáin, téigh i dteagmháil le: media@luascork.ie
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
- Is líne iarnróid éadroim 18km é Luas Chorcaí atá beartaithe, a nascfadh Baile an Chollaigh, Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Lár Chathair Chorcaí, Stáisiún an Cheanntaigh, Ceantar Dugaí Chorcaí, Páirc Uí Chaoimh, an Dúcharraig agus Rinn Mhachan. Tá an tionscadal ina chuid thábhachtach de Straitéis Iompair Mhórcheantar Chorcaí agus tacóidh sé le fás leanúnach na cathrach trí chóras iompair phoiblí, atá iontaofa agus inbhuanaithe, a chur ar fáil.
- Tá an tionscadal á fhorbairt ag Bonneagar Iompair Éireann i gcomhpháirtíocht leis an Údarás Náisiúnta Iompair.
- Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.luascork.ie.
Dáta foilsithe: 10 Meán Fómhair 2026