Seolann an tAire O’Brien an Straitéis Náisiúnta um Bonneagar Feithiclí Leictreacha 2026-2028

ZEVI post.jpg

D’fhógair an tAire Iompair Darragh O’Brien inniu seoladh na Straitéise Náisiúnta um Bonneagar Feithiclí Leictreacha 2026-2028, straitéis ina leagtar amach an chéad chéim eile de phlean na hÉireann chun líonra luchtaithe feithiclí leictreacha na hÉireann a leathnú, líonra a sheasfaidh an aimsir.

Comhlíonann an Straitéis seo tiomantas Chlár an Rialtais chun Straitéis Náisiúnta nua um Bonneagar Feithiclí Leictreacha a fhorbairt, agus chun a chinntiú go mbeidh an bonneagar luchtaithe chun tosaigh ar an éileamh atá ag dul i méid i gcónaí, de réir mar a dhéanann níos mó tiománaithe an t-aistriú chuig feithiclí leictreacha.

Tá níos mó ná 270,000 feithicil leictreach cláraithe ar an mbóthar in Éirinn anois, rud a sháraíonn an sprioc do 2025 sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide. Is iad feithiclí leictreacha an cineál innill díola is mó in Éirinn go hoifigiúil, agus gabhann siad 26.3% den mhargadh gluaisteán nua, an líon is mó riamh. Ina theannta sin, tá os cionn 3,620 pointe luchtaithe ann anois ar fáil don bpobal, a chuireann thart ar 280MW d’acmhainneacht luchtaithe ar fáil, ag níos mó ná 1,200 suíomh go náisiúnta, agus tá an figiúr sin ag dul i méid i gcónaí. Leagtar amach sa Straitéis conas a thacóidh an Rialtas le leathadh amach leanúnach bonneagair luchtaithe inrochtana, iontaofa agus chuimsithigh idir seo agus deireadh 2028, de réir mar a théann an líon atá ag glacadh le feithiclí leictreacha i méid.

An tAire Iompair, Darragh O’Brien:

“Agus an t-aistriú go leictreach faoi lán seoil in Éirinn, tá sé ríthábhachtach go gcoinneoidh ár mbonneagar luchtaithe suas leis an bhfás sin agus go mbeidh sé iontaofa agus inrochtana i gcónaí.“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt sa chomhairliúchán poiblí níos luaithe i mbliana. Bhí ról tábhachtach ag na haighneachtaí a fuarthas i múnlú na Straitéise seo agus maidir lena chinntiú go léiríonn an Straitéis chéanna riachtanais phraiticiúla na dtiománaithe feithiclí leictreacha, an phobail, tionscail agus comhlachtaí poiblí de réir agus a aistrítear chuig soghluaisteacht leictreach in Éirinn.”

‘Le seachadadh bonneagair ardchumhachta ar fud na tíre, amhail láithreán luchtaithe LDV Chiorcal K i Maigh Nuad atá á sheoladh againn inniu freisin, léirítear i ndáiríre an dul chun cinn atá á dhéanamh cheana féin agus na deiseanna atá ann chun ár líonra luchtaithe náisiúnta a neartú a thuilleadh."

An tAire Stáit ag an Roinn Iompair Seán Canney:

“Tá dul chun cinn suntasach déanta in Éirinn san aistriú chuig feithiclí leictreacha, agus tá sé ríthábhachtach go leanfaidh an líonra luchtaithe air ag fás in éineacht leis an mborradh seo agus go gcuirfear leis. Cuireann an Straitéis seo léarscáil shoiléir ar fáil chun an bonneagar a theastaíonn chun tacú le tiománaithe ar fud na tíre a sholáthar, idir luchtú comharsanachta i gceantair uirbeacha go dtí moil ardchumhachta ar an mbóthar náisiúnta. Déanann infheistíocht leanúnach i líonra atá iontaofa agus inrochtana an t-aistriú chuig feithiclí leictreacha níos éasca agus níos áisiúla don duine aonair, don teaghlach agus do ghnólachtaí araon."

Príomhfheidhmeannach Bhonneagar Iompair Éireann, Lorcan O’Connor

“Is céim thábhachtach é na Scéimeanna Deontais um Bonneagar Athluchtaithe d’Fheithiclí Saothair Éadroim (LDV) ar Bhóithre Náisiúnta de chuid ZEVI TII chun bonneagar athluchtaithe feithiclí leictreacha a leathnú ar Bhóithre Náisiúnta na hÉireann. 

I dteannta a chéile, tacaíonn na trí scéim náisiúnta luchtaithe bóthair LDV le bonneagar athluchtaithe ardchumhachta a sheachadadh feadh príomhchodanna den ghréasán bóithre náisiúnta, rud a sholáthraíonn rochtain iontaofa agus níos minice ar phointí athluchtaithe d’úsáideoirí bóithre ar fud na tíre. Mar thoradh ar an tionscnamh seo beidh níos mó muiníne ag úsáideoirí go mbeidh luchtú ar fáil ar an ngréasán bóithre náisiúnta agus neartóidh sé an t-aistriú chuig córas iompair atá níos inbhuanaithe agus níos éifeachtúla ar fud na tíre.”

Is é seo an dara leagan den Straitéis, lena gcumhdaítear 2026-2028. Cuireann sé leis an dul chun cinn láidir a rinneadh faoin straitéis roimhe seo agus leagtar amach ann bealaí soiléire chun comharsanacht, ceann scríbe agus luchtú ar an mbealach a leathnú ar fud na tíre. Dírítear sa Straitéis ar an méid seo a leanas:

Moil luchtaithe ardchumhachta a sheachadadh feadh bóithre náisiúnta agus príomhchonairí iompair chun tacú le taisteal fadraoin

Cinntiú go bhfuil an bonneagar uile inrochtana, idir-inoibritheach agus deartha i gcomhréir le prionsabail uilíocha

Oibleagáidí na hÉireann faoi Rialachán an Aontais maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha (AFIR) a chomhlíonadh agus leathadh amach cothrom réigiúnach a choinneáil ar bun ag an am céanna

Roghanna luchtaithe comharsanachta a leathnú do dhaoine nach bhfuil fáil acu ar luchtú baile, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil cónaí orthu in árasáin agus tithíocht ar dhlús níos airde

Pleanáil chun réitigh luchtaithe iosta agus faoi bhealach a sheachadadh le haghaidh flíteanna tráchtála agus feithiclí tromshaothair

Aithnítear sa Straitéis freisin an ról ríthábhachtach atá ag údaráis áitiúla, comhpháirtithe tionscail agus comhlachtaí poiblí maidir le líonra luchtaithe comhordaithe a sholáthar a sheasfaidh an aimsir.

Déanfar athbhreithniú meántéarma in 2027 chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn agus ar an bhfreagairt ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus ar riachtanais úsáideoirí.

Tá an Straitéise ar fáil ag https://www.gov.ie/en/department-of-transport/publications/national-ev-charing-infrastructure-strategy-2026-2028/