Rátaí Dola ón 1 Eanáir 2027

1. Tá deich mbóthar dola ar an nGréasán Bóithre Náisiúnta. Oibrítear ocht gcinn faoi shamhail “Comhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí” (CPP) agus oibrítear dhá bhóthar dola poiblí thar ceann Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ), is é sin Dola M50 agus Tollán Chalafort Bhaile Átha Cliath.

2. Rialaítear méid na ndolaí a ghearrtar ar an nGréasán Bóithre Náisiúnta trí shásra coigeartaithe boilscithe (praghasinnéacs tomhaltóirí - CPI) mar a leagtar amach sna Fodhlíthe Dolaí. Sna cairteacha thíos taispeántar méadú an dola de réir catagóirí feithicle agus dola-scéime / bóthair.

3. Tar éis an figiúr CPI de 3.6% a bhaineann le Lúnasa 2025 go Lúnasa 2026 a chur i bhfeidhm, méadófar ar rátaí dola áirithe, atá inmhuirir thar na hocht mbóthar dola CPP agus an dá bhóthar dola BIÉ ar an nGréasán Bóithre Náisiúnta, ón 1 Eanáir 2027.

4. D’fhaomh Bord BIÉ na méaduithe dola sin don bhliain 2027 le haghaidh Thollán Chalafort Bhaile Átha Cliath, an M50 agus an méadú ar na dolaí do na hocht ndola-scéim CPP.

5. Ar an M50, beidh méadú le haghaidh gach catagóir feithiclí. I gcás úsáideoirí cláraithe gluaisteán (i.e. úsáideoirí rialta den chuid is mó) a bhfuil clib nó cuntas físe acu, is é €0.10 cent an méadú agus íocfaidh úsáideoirí neamhchláraithe gluaisteán (i.e. úsáideoirí neamhrialta den chuid is mó) €0.20 sa bhreis. Méadófar an dola €0.10 cent i gcás feithiclí earraí nach mó ná 2,000 kg, i gcás úsáideoirí cláraithe a bhfuil clibeanna acu nó úsáideoirí neamhchláraithe, agus €0.20 cent i gcás úsáideoirí cláraithe a bhfuil cuntais físe acu. Cuirfear méadú €0.20 nó €0.30 cent ar dholaí HGVanna níos troime ar an M50.

6. Ar bhóithre dola CPP, ní athrófar na rátaí do ghluaisteáin ná do ghluaisrothair ar an M3 idir Cluain Aodha agus Ceanannas, ach méadófar na rátaí do ghluaisteáin ag gach suíomh dola eile €0.10 cent, áfach. Cuirfear méadú €0.20 cent ar dholaí HGVanna níos troime agus méadú €0.30 cent ar na dolaí HGVanna atá os cionn 3,500kg a bhfuil 4 acastóir orthu (ach amháin ar an M3 idir Cluain Aodha agus Ceanannas, áit a mbeidh an méadú €0.10 cent).

7. Méadófar an dola i dTollán Chalafort Bhaile Átha Cliath €1 (ó €14 go €15) le haghaidh trácht atá ag dul ó dheas i dtreo Bhaile Átha Cliath le linn bhuaicthréimhse na maidine (Luan go hAoine, 6 r.n. go 10 r.n.), agus fanfaidh na rátaí dola eile gan athrú don bhliain 2027. Tá an méadú seo ag teacht leis an gcur chuige a glacadh le blianta beaga anuas agus léiríonn sé an méadú ar líon na bhfeithiclí a bhíonn ag taisteal ó dheas le linn bhuaicthréimhse na maidine, chomh maith leis an ngá atá le hacmhainn a chaomhnú d’fheithiclí earraí troma atá ag dul isteach i gCalafort Bhaile Átha Cliath.

Cén úsáid a bhaintear as ioncam dolaí?

Cuirtear an t-ioncam dolaí a bhailíonn BIÉ le leithdháiltí maoinithe ar leith ón Státchiste. Tacaíonn ioncam dolaí le feidhmeanna agus gníomhaíochtaí BIÉ a bhaineann le hoibriú, cothabháil agus bainistiú sócmhainní ghréasán na mbóithre náisiúnta ar feadh a saolré. Ceanglaítear ar BIÉ faoin reachtaíocht gréasán sábháilte éifeachtúil bóithre náisiúnta a chothabháil agus is é príomhchuspóir an ioncaim ó dholaí go ginearálta ná gníomhaíochtaí ‘cosanta agus athnuachana’ ar an nGréasán Bóithre Náisiúnta a mhaoiniú. Cuireann an t-ioncam a bhailítear ar na scéimeanna dola poiblí (i.e. an M50 agus Tollán Bhaile Átha Cliath) go mór leis an maoiniú atá riachtanach do bhuiséad Cosanta agus Athnuachana BIÉ don bhliain 2027.

Maidir leis na scéimeanna dola a oibrítear faoi CPP, ba cheart a thabhairt ar aird go n-úsáidtear an t-ioncam a bhailíonn na Cuideachtaí Dola faoi seach freisin chun iasachtaí a fuair na cuideachtaí chun an mótarbhealach a thógáil a aisíoc, chomh maith le hoibriú agus cothabháil an mhótarbhealaigh a mhaoiniú.

Sonraí maidir le Ríomh na nDolaí don bhliain 2027

Dola an M50

Deimhníodh gurb é 3.6% an CPI is infheidhme don tréimhse 12 mhí go Lúnasa 2026, rud a chiallaíonn gur féidir na dolaí ar an M50 a mhéadú mar seo a leanas (taispeántar na méaduithe i ndath dearg):

M50 Toll - Table 1.png

M50 Toll - Table 2.png

Ocht n-oibríocht phríobháideacha dola ar fud na tíre.

Mar thoradh ar an CPI, tiocfaidh na méaduithe dola seo a leanas i bhfeidhm ar na hocht mbóthar lamháltais dola (taispeántar na méaduithe i ndath dearg):

Tolling Rates for 2027 - Table 3.png

Tollán Chalafort Bhaile Átha Cliath

Tá sé i gceist leis na socruithe dola ag Tollán Chalafort Bhaile Átha Cliath go mbeifear in ann dul i ngleic leis an éileamh le linn buaicthréimhsí (Ó Dheas 6:00 r.n. go 10:00 r.n., Ó Thuaidh 4:00 i.n. go 7:00 i.n.) agus go gcinnteofar nach gcuirfeadh trácht agus brú tráchta breise aon bhac ar ghluaiseachtaí HGVanna go Calafort Bhaile Átha Cliath agus amach as (taistealaíonn HGVanna saor in aisce trí Thollán Chalafort Bhaile Átha Cliath). Chun acmhainneacht a chaomhnú i dTollán Chalafort Bhaile Átha Cliath le linn bhuaicthréimhse na maidine ó dheas, tá BIÉ ag méadú na ndolaí le haghaidh trácht atá ag dul i dtreo na cathrach le linn na n-uaireanta buaicthráchta sin, ó €14 go €15. Fanfaidh an táille dola buaicthréimhse Ó Thuaidh ag €12. Fanfaidh táillí seachbhuaice Ó Thuaidh agus ó Dheas ag €3.50.

Dublin Port Tunnel - Table.png

-DEIREADH-

Dáta foilsithe: 30.10.2026