Droichid agus Tolláin

Tá breis is 3,500 struchtúr droichid agus lintéir ar an nGréasán Bóithre Náisiúnta a bhfuil aois agus cineál éagsúil iontu, idir dhroichid áirse cloiche atá níos mó ná 300 bliain d'aois agus droichid staghcháblaí nua-aimseartha.
Eirspan
Is é Eirspan córas bainistithe droichead na hÉireann. Tugadh isteach córas bainistithe droichead Eirspan in 2001, agus comhordaíonn agus comhtháthaíonn sé gníomhaíochtaí amhail cigireachtaí, deisiúcháin agus obair athshlánúcháin chun bainistíocht is fearr a chinntiú ar stoc struchtúr bóithre náisiúnta.
Líonra Tollán BIÉ
Tá BIÉ freagrach as trí thollán mar chuid den Ghréasán Mótarbhealaí Náisiúnta. Is iad seo Tollán Bhaile Átha Cliath (M50), Tollán Jack Lynch (N40) agus Tollán Luimnigh (N18). Tá Tollán Bhaile Átha Cliath agus Tollán Jack Lynch á n-oibriú agus á gcothabháil ag Egis thar ceann BIÉ. Tá Direct Route freagrach as oibriú agus cothabháil Thollán Luimnigh mar chuid de Chéim II de Chomhpháirtíocht Phoiblí Poiblí Príobháideach (PPP) Chuarbhóthar Theas N7 Luimnigh.