Bord BIÉ

 

Mr. Michael Wall, Cathaoirleach

 

Is abhcóide é an tUasal Wall a bhfuil saineolas aige sa dlí pleanála, comhshaoil agus tógála agus tá MBA aige ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. D’oibrigh sé mar ailtire i gcleachtas príobháideach agus sa bhainistíocht tionscadail, is ánra é d’Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann agus is comhalta é d’Institiúid Pleanála na hÉireann. Tá taithí fhairsing Boird ag an Uasal Wall agus ceapadh é mar chomhalta boird BIÉ in 2023. Is comhalta é freisin ar Bhord na Gníomhaireachta Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) agus is iarchomhalta é de bhoird an Bhoird Pleanála agus Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI). Is Uachtarán é ar Chumann Seoirseach na hÉireann, chomh maith le hiarchomhalta ar bhord Amharclann na Mainistreach agus iontaobhaí de chuid Ospidéal Simpson, Baile Átha Cliath.


Lorcan O'Connor, CEO

 

 

Tháinig Lorcan O'Connor ar bord Bhonneagar Iompair Éireann mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin BIÉ in 2025.  Is mór an taithí atá ag Lorcan san earnáil iompair agus san earnáil phoiblí agus bhí róil aige mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Grúpa in CIÉ, an t-oibritheoir iompair phoiblí is mó in Éirinn, agus mar an chéad Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin do Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann.  Sular bhunaigh sé an tSeirbhís Dócmhainneachta, chaith Lorcan 15 bliana in Deloitte agus é i gceannas ar dhócmhainneachtaí agus slánúcháin chorparáideacha ard-scála. Is Cuntasóir Cairte agus Stiúrthóir Cairte é.  Chomh maith leis sin, tá Lorcan ina chomhalta boird den tSeirbhís Dócmhainneachta sa Ríocht Aontaithe agus ina Chathaoirleach ar a Coiste Iniúchóireachta agus Dearbhaithe Riosca.   


Ms. Mary O'Donovan

 

Mary O'Donovan Image

Is Stiúrthóir Cairte í Mary O’Donovan a bhfuil taithí Bhoird aici sna hearnálacha poiblí, príobháideacha agus carthanacha. I láthair na huaire tá sí ag feidhmiú mar chomhalta Boird ar an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe agus mar Chomhalta Boird de chuid An Post. Tá taithí fhairsing aici ar leibhéal sinsearach ar bhainistíocht oibríochtaí, bainistíocht córas agus bainistíocht ghinearálta agus bhí róil shinsearacha aici lena n-áirítear Stiúrthóir Seirbhísí do Chustaiméirí, Príomhoifigeach Faisnéise, Príomhoifigeach Oibríochtaí agus Bainisteoir Ginearálta sna hearnálacha Teileachumarsáide agus Seachfhoinsithe Próiseas Gnó.


Mr. Aebhric Mc Gibney

 

Aebhric McGibney Image

Oibríonn an tUasal Aebhric McGibney (M.Litt (Eacnamaíocht), MBA, Stiúrthóir Cairte), mar Stiúrthóir Gnóthaí Poiblí agus Idirnáisiúnta le Comhlachas Tráchtála Bhaile Átha Cliath. Is Stiúrthóir Cairte é agus roimhe seo bhí sé mar chomhalta ar Bhord Chóras Iompair Éireann, agus é i mbun cathaoirleachta ar a Choiste Airgeadais agus Réadmhaoine. Roimhe seo, bhí sé ag obair mar léachtóir i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, mar chomhairleoir eacnamaíoch in Fitzpatrick Associates agus mar Eacnamaí Sinsearach in IBEC.


Mr. Desmond Kenny

 

Desmond Kenny Image

Tá breis agus 35 bliain caite ag Des Kenny ag obair in earnáil an mhíchumais in Éirinn, idir obair ghairmiúil agus dheonach araon agus é ag feachtasaíocht ar son cearta do dhaoine faoi mhíchumas agus ionchuimsitheacht na ndaoine sin sa saol agus i seirbhísí príomhshrutha. Bhí sé mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Chomhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill (NCBI) go dtí go ndeachaigh sé ar scor. Rannchuidigh Des le beartais a cheapadh san earnáil agus bhí sé mar chomhalta ar roinnt boird reachtúla lena n-áirítear dhá théarma ceithre bliana san Údarás Náisiúnta Míchumais. Tá MBA bainte amach aige, chomh maith le MSc Eacnamaíochta i mBainistíocht Cúraim Sláinte.


Mr. Aidan Skelly

 

Aidan Skelly Image

Iar-Phríomhoifigeach Airgeadais EirGrid plc é Aidan Skelly. Sular thosaigh sé ag obair do EirGrid bhí roinnt poist shinsearacha airgeadais agus tráchtála aige in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Is Cuntasóir Cairte é a bhfuil B.Comm bainte amach aige ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus MBS sa Cheannaireacht Chorparáideach ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is stiúrthóir é freisin ar AirNav Ireland agus ar an gComhlacht Ceadaithe Tithíochta, Respond.


Dr. Damien Ó Tuama

 

Damian O Tuama Image

Is taighdeoir soghluaisteachta é Damien Ó Tuama a bhfuil breis agus 20 bliain de thaithí aige san earnáil phríobháideach. Chuir sé a thaighde dochtúireachta ar chúrsaí aistrithe i dtaca le córais soghluaisteachta i gcrích in 2015 (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath) agus tá sé ina Mheastóir agus ina Chomhalta anois den Choiste Stiúrtha le haghaidh tionscadail taighde faoi Ghlao Bliantúil Chlár Taighde EPA faoi cholúin na hAeráide agus na hInbhuanaitheachta. Tá sé ina Chomhordaitheoir Náisiúnta Rothaíochta do Líonra Tathanta Rothaíochta na hÉireann agus an Taisce. Bhí sé ina chomhalta boird le Cónaidhm Rothaithe na hEorpa idir 2016 agus 2021.


Ms. Patricia O'Shea

 

Patricia O'Shea Image

Is dlíodóir corparáideach í Patricia O’Shea, atá cáilithe chun cleachtadh i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, agus tá taithí de bhreis agus 30 bliain aici, rud a fuair sí in earnáil TF agus san earnáil eitlíochta go príomha. Bhí sí ag obair ar feadh roinnt blianta in IBM, áit a raibh róil éagsúla aici mar Ard-Abhcóide, Rúnaí Cuideachta agus Stiúrthóir. Tá sí ina Ceann Grúpa ar Chúrsaí Dlí agus Rúnaíochta in daa plc, ról a chuimsíonn oibríochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta na cuideachta. Bhí sí ar Bhord Feidhmiúcháin an Ospidéil Náisiúnta Máithreachais ar feadh na mblianta fada. Comhalta í ar Bhord Comhairleach Asia Matters.


Ms. Colette Byrne

 

Colette Byrne Image

Tá Colette Bryne ina iar-Phríomhfheidhmeannach le Comhairle Contae Chill Chainnigh, agus bhí sí ina Príomhfheidhmeannach le Comhairle Contae Uíbh Fhailí roimhe sin. Tá breis agus 40 bliain caite ag Colette san Earnáil Phoiblí, agus chaith sí breis agus 20 bliain ag obair ar leibhéal Bainistíochta Sinsearaí, agus tá MA aici i mBainistíocht na hEarnála Poiblí. Chuaigh Colette Byrne isteach i mBord BIÉ in Eanáir 2021.


AnnMarie Farrelly

 

Ann Marie Farrelly Image

Is Príomhfheidhmeannach í AnnMarie Farrelly ar Chomhairle Contae Fhine Gall. Is as an gCorr Dhubh i gcontae Muineacháin ó dhúchas í, bhí sí ag obair i gComhairle Contae Bhaile Átha Cliath sula ndeachaigh sí isteach i gComhairle Contae Fhine Gall nuair a bunaíodh í i 1994. Sular ceapadh í mar Príomhfheidhmeannach, bhí sí ina Stiúrthóir Pleanála agus Bonneagar Straitéiseach ó 2015 go 2019 agus roimhe sin ba Stiúrthóir Tithíochta agus Pobail í ar Chomhairle Contae Fhine Gall ó 2011 go 2015.


Sadhbh O Neill

 

Sadbh O'Neill

Comhairleoir sinsearach aeráide is ea í Sadhbh O Neill do Chairde na Cruinne, Éire, is príomhanailísí í i dtaca le beartais aeráide na hÉireann agus is gníomhaí comhshaoil í. Tá céim MA bainte amach aici san Fhealsúnacht agus Gnóthaí Pobail (Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath), agus céim BA i Litríocht an Bhéarla agus Fealsúnacht (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath) agus is iarrthóir PhD í i Scoil na Polaitíochta agus an Chaidrimh Idirnáisiúnta de chuid Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath áit a bhfuil sí ag déanamh taighde ar eitic aeráide agus trádáil charbóin. Chomh maith lena a bheith ag obair go páirtaimseartha do Chairde na Cruinne, oibríonn sí go páirtaimseartha in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath mar léachtóir polaitíochta agus dlí aeráide agus scríobhann sí ar bhonn rialta ar leathanaigh eolaíochta agus tuairimíochta an Irish Times. Sna 1990í bhí sí mar bhall, ar feadh 5 bliana, de Chomhairle Chathair Bhaile Átha Cliath.