Ráiteas Straitéise BIÉ

 

Is ag Bord BIÉ atá an t-údarás deiridh do Ráiteas Straitéise 2026-2030 BIÉ, lena leagtar síos treoir na heagraíochta. Agus Ráiteas Straitéise nua á cheapadh, cuireann an Bord a thosaíochtaí agus a uaillmhianta do BIÉ in iúl. Ansin, aistríonn feidhmeannas agus foireann BIÉ ina Straitéis BIÉ é ansin, agus comhairliúchán agus aiseolas leanúnach ann ón mBord sula nglacann an Bord an straitéis ar deireadh.

Mar a leagtar amach inár ráiteas reatha, Ráiteas Straitéise 2026-2030, táimid tiomanta do na spriocanna seo a leanas, spriocanna a sainaithníodh mar spriocanna atá tacúil lenár gcuspóir, agus ár bhfís agus ár mbunluachanna á n-aithint:

Tá trí sprioc straitéiseacha inár Ráiteas Straitéise nua: 

  1. Sábháilteacht
    Riosca agus líon na n-imbhuailtí, na ngortuithe agus na mbásanna ar ár líonraí go léir a laghdú.
    Bonneagar Nua
  2. Bonneagar Nua
    Díriú ar chur chun cinn agus ar sholáthar rathúil phunann chuimsitheach tionscadal
    de chuid an Phlean Forbartha Náisiúnta (PFN). Is é is aidhm leis an sprioc straitéiseach ná forbairt bhonneagair a fheabhsú, ag cinntiú cur i gcrích tráthúil agus ag déanamh tairbhí socheacnamaíocha
    a uasmhéadú don phobal.
  3. Bainistiú Líonra (Bainistiú Sócmhainní, Oibríochtaí agus Seirbhísí)                                       Bonneagar, líonraí, sócmhainní agus seirbhísí iompair BIÉ a bhainistiú, a chothabháil agus a oibriú ar bhealach sábháilte, éifeachtúil agus inbhuanaithe d'fhonn infheistíocht an stáit i mbonneagar iompair a chosaint agus na tairbhí eacnamaíocha agus sochaíocha a thagann chun cinn de bharr na n-infheistíochtaí seo a uasmhéadú.