Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid
Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid), 2015 (I.R. 525 de 2015)
Tá an fhaisnéis go léir atá ar ár láithreán gréasáin faoi chóipcheart an Údaráis um Bóithre Náisiúnta (ag feidhmiú mar Bhonneagar Iompair Éireann) (“BIÉ”) mura léirítear a mhalairt.
Le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis ón Earnáil Phoiblí (FEP) a Athúsáid), 2005 (arna leasú le I.R. 103/2008 agus I.R. 525/2015) Athúsáid Fhaisnéis na hEarnála Poiblí - data.gov.ie, cruthaítear creat reachtúil chun go bhféadfaidh gnólachtaí agus saoránaigh faisnéis atá i seilbh chomhlachtaí na hearnála poiblí cheana féin a athúsáid. Déantar foráil sna Rialacháin um Fhaisnéis ón Earnáil Phoiblí maidir le faisnéis a scaoileadh lena hathúsáid i bhformáid nó i dteanga atá ann cheana, agus níl feidhm acu maidir le faisnéis ar gá obair shubstaintiúil a dhéanamh ina leith chun í a ullmhú lena scaoileadh lena hathúsáid.
Faisnéis a Athúsáid
Cloíonn BIÉ leis na Rialacháin um Fhaisnéis ón Earnáil Phoiblí agus spreagaimid athúsáid na faisnéise a tháirgimid. Áirítear le hathúsáid an fhaisnéis a chóipeáil, a mhodhnú, a aistriú, a oiriúnú, a dháileadh nó a úsáid ar shlí eile in aon mheán, ar aon mhodh nó i bhformáid ar bith chun aon chríche dleathaí. Áirítear leis sin críocha tráchtála agus neamhthráchtála freisin.
Ceadúnas FEP
Tá an athúsáid faoi réir na dtéarmaí a bhaineann le Ceadúnas Faisnéise na Seirbhíse Poiblí (FEP), a chomhlíonann caighdeán Cheadúnas Admhála Creative Commons (CC-BY 4.0 Idirnáisiúnta). Faoin gceadúnas FEP, ní mór d’úsáideoirí na faisnéise ó BIÉ foinse na faisnéise a aithint tríd an ráiteas sannta seo a leanas a chur san áireamh:
'Faisnéis a cuireadh ar fáil le caoinchead an Údaráis um Bóithre Náisiúnta (ag feidhmiú mar Bhonneagar Iompair Éireann) faoi Cheadúnas Admhála Creative Commons 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0)'
agus, i gcás inar féidir, nasc chuig an gceadúnas a sholáthar.
Má tá faisnéis ó roinnt soláthraithe faisnéise á húsáid agus mura bhfuil sé praiticiúil iliomad ráiteas sannta a úsáid don táirge nó don fheidhmchlár, ní mór d’úsáideoirí an ráiteas sannta seo a leanas a úsáid:
'Tá Faisnéis ó Earnáil Phoiblí na hÉireann ann atá ceadúnaithe faoi Cheadúnas Admhála Creative Commons 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0)'.
Tá sonraí faoin bhfaisnéis atá ar shuíomh gréasáin Bhonneagar Iompair Éireann le fáil anseo:
Téarmaí maidir le hAthúsáid
Is ar phriacal an té a athúsáideann faisnéis BIÉ a bhaintear aon athúsáid aisti. Níl BIÉ faoi dhliteanas i leith aon chaillteanais, speansais, costais, éilimh, éilimh ar chúiteamh, damáistí ná dliteanais a bhaineann le hathúsáid faisnéise agus/nó le faisnéis BIÉ a bheith á húsáid mar bhonn ag an té nó ag tríú páirtí a athúsáideann í.
Cé go ndéantar gach iarracht a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis cruinn agus cothrom le dáta, ní dheimhníonn BIÉ go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta ná saor ó earráidí.
Ní údaraíonn BIÉ d’aon úsáideoir cearta eisiacha a bheith aige chun faisnéis BIÉ a athúsáid mura measann BIÉ go bhfuil sé sin riachtanach chun seirbhís a sholáthar ar mhaithe le leas an phobail.
Iarratas FEP a dhéanamh chuig BIÉ
Faoi na Rialacháin FEP, féadfaidh duine aonair nó eintiteas dlíthiúil iarratas a dhéanamh i bhfoirm inléite chuig BIÉ chun doiciméid/sonraí a scaoileadh lena n-athúsáid. Cuirfear in iúl go soiléir i ngach iarratas go bhfuil sé á dhéanamh chun faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid.
Ba chóir iarratais i ndáil leis na Rialacháin FEP a dhéanamh i scríbhinn chuig:
An tAonad Rialála agus Riaracháin,
Bonneagar Iompair Éireann,
Ionad Gnó Gheata na Páirce,
Sráid Gheata na Páirce,
Baile Átha Cliath 8,
D08 DK10.
De rogha air sin, is féidir iarratais a chur chugainn ar ríomhphost chuig info@tii.ie.
Cinntigh le do thoil go dtagraíonn líne ábhair an ríomhphoist d’iarratas FEP. Ní mór aistriúchán ar an iarratas go Gaeilge nó go Béarla a bheith ag gabháil le gach iarratas a dhéantar i dteanga seachas Gaeilge nó Béarla. Bí chomh sonrach agus is féidir agus d’iarratas á dhéanamh agat, chun cuidiú le foireann BIÉ d’iarratas a phróiseáil. Chomh maith leis sin, cuir uimhir theileafóin ar fáil ar féidir teagmháil a dhéanamh leat uirthi i rith an lae, ar eagla go mbeadh soiléiriú ag teastáil uainn maidir le d’iarratas. Forchoimeádann BIÉ an ceart chun tuilleadh faisnéise a lorg uait, lena n-áirítear tuilleadh soiléirithe.
De réir fhorálacha na Rialachán, is gnách go dtugtar freagra ar iarratais FEP laistigh de 20 lá oibre tar éis iad a fháil. Más rud é, mar gheall ar mhéid nó ar chastacht an iarratais, go dtógfaidh sé níos mó ná 20 lá oibre ón uair a fhaightear é chun é a phróiseáil, cuirfidh BIÉ é sin in iúl duit laistigh de thrí seachtaine ón uair a fuarthas an t-iarratas tosaigh. In imthosca den sórt sin, tabharfaidh BIÉ freagra iomlán ar an iarratas laistigh de 40 lá oibre ón iarratas a fháil.
Muirir
De ghnáth, beidh faisnéis a chuireann BIÉ ar fáil faoi na Rialacháin FEP saor in aisce. In imthosca eisceachtúla, áfach, mar shampla mura bhfuil an fhaisnéis a iarradh ar fáil go héasca, féadfar costas imeallach a ghearradh chun an costas a tabhaíodh chun an fhaisnéis a atáirgeadh, a sholáthar agus a scaipeadh a léiriú.
Achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise
Cuireann na Rialacháin FEP sásra achomhairc reachtúil ar fáil trínar féidir leat achomharc a dhéanamh in aghaidh na nithe seo a leanas:
cinneadh ó BIÉ diúltú athúsáid doiciméid a cheadú,
cinneadh ó BIÉ diúltú ceart eisiach a dheonú chun doiciméad a athúsáid,
táille a ghearradh as doiciméad a athúsáid,
méid na táille a gearradh, nó
aon choinníollacha maidir le hathúsáid a fhorchuireann BIÉ.
Déanfar aon achomharc laistigh de 4 seachtaine trí scríobh chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise. Déanfaidh an Coimisinéir Faisnéise an t-ábhar a imscrúdú agus a bhreithniú go hiomlán sula n-eiseofar cinneadh. Ba cheart achomhairc a sheoladh chuig:
Oifig an Choimisinéara Faisnéise,
6 Ardán Phort an Iarla,
Ionad Gnó Gheata na Páirce,
Baile Átha Cliath 2,
D02 W773.
Teileafón: +353-1-639 5689
Ríomhphost: info@oic.ie
Faisnéis Bhreise
Faisnéis bhreise ar díol spéise í i ndáil le FEP: