€67 milliún do Ghlasbhealaí na hÉireann in 2025

D’fhógair an tAire Iompair Darragh O’Brien, an tAire Stáit Seán Canney agus an tAire Stáit Jerry Buttimer go dtabharfar maoiniú €67 milliún do Ghlasbhealaí agus Bonneagar Taistil Ghníomhaigh ar Bhóithre Náisiúnta trí Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ) in 2025. Tá an leithdháileadh seo tiomanta d’áiseanna siúil agus rothaíochta a fhorbairt a chuireann rogha taistil shábháilte, inbhuanaithe agus níos sláintiúla ar fáil do phobail.   

Measfar go mbeidh tuairim is 24km de Ghlasbhealaí curtha i gcrích in 2025. Measfar go mbeidh tuilleadh codanna ag oscailt feadh Ghlasbhealach na Canálach Móire agus Glasbhealach an Oirdheiscirt, agus leanfar ar aghaidh ag obair ar Ghlasbhealach Chiarraí Theas agus tionscadail eile lonnaithe ar fud na tíre.  

Cuirfear maoiniú ar fáil leis an leithdháileadh seo freisin do thuairim is 60 Scéim Glasbhealaigh le bogadh trí na céimeanna pleanála agus dearaidh. Áirítear leo sin Slí Chósta Fhine Gall, Luimneach go dtí an Scairbh, Glasbhealach Ailt an Chorráin go Leitir Ceanainn, agus Glasbhealach an Inbhir Mhóir go dtí an Síol Éalaigh.  

Bainfear úsáid as an leithdháileadh chomh maith chun bonneagar taistil ghníomhaigh a chur ar fáil ar bhóithre náisiúnta, agus dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an nGréasán Náisiúnta Raonta Rothair, a shainaithníonn 3,500km de raonta rothair ar fud na tíre, ag nascadh cathracha agus bailte.  

Tabharfar leithdháileadh €67 milliún do chlár na nGlasbhealaí mar aon le tuairim is €293 milliún a leithdháileadh chun an clár Taistil Ghníomhaigh a mhaoiniú, fógartha ag ÚNI (Údarás Náisiúnta Iompair) i mí Eanáir 2025. Tacaíonn an clár Taistil Ghníomhaigh le raon scéimeanna siúil agus rothaíochta, lena n-áirítear feabhsú na dtimpeallachtaí do choisithe, raonta rothaíochta scartha amach nua, droichid do choisithe agus do rothaithe, agus trasrianta coisithe. Léiríonn an leithdháileadh iomlán €360 milliún do bhonneagar siúil agus rothaíochta in 2025 tiomantas leanúnach an Rialtais do roghanna taistil atá sábháilte, inbhuanaithe agus sláintiúil.  

Ag fógairt dó na Leithdháiltí do Ghlasbhealaí, dúirt an tAire O’Brien: “Léiríonn an leithdháileadh €360 milliún in 2025 do bhonneagar taistil ghníomhaigh agus glasbhealaí tiomantas láidir an Rialtais chun roghanna taistil inbhuanaithe a fhorbairt. Tacóidh an maoiniú seo le forbairt na n-áiseanna ardchaighdeáin siúil agus rothaíochta i gcathracha, i mbailte, i sráidbhailte agus i gceantair thuaithe. Inniu i Mullach íde, tá áthas orm €67 milliún den infheistíocht seo a fhógairt, a chabhróidh le príomhthionscadail glasbhealaí a sheachadadh ar fud na tíre. Tá muintir mo phobail ar bís agus muid ag tnúth go mór le cur i gcrích Ghlasbhealach an Mhóinéir Leathain in 2026 agus táimid ag súil le dul chun cinn shlí Chósta Fhine Gall ó thuaidh go Baile Brigín.”  

Dúirt an tAire Stáit Seán Canney: “Is conairí iompair iad Glasbhealaí atá sábháilte, inrochtana, a spreagann níos mó rothaíochta agus siúil, seachas carranna príobháideacha, d’úsáideoirí fóillíochta, turasóirí agus comaitéirí. Tá forbairt leanúnach ár líonra siúil agus rothaíochta trí na Glasbhealaí agus an bonneagar taistil ghníomhaigh ar ár mbóithre náisiúnta ríthábhachtach ó thaobh rogha taistil níos sábháilte a chur ar fáil do rothaithe agus do choisithe. Cuireann sé freisin lenár ndul chun cinn i dtreo na Físe Nialais, ár straitéis sábháilteachta ar bhóithre ina leagtar amach an sprioc nach mbeadh aon bhásanna ar bhóithre nó gortuithe dona ann faoi 2050.”

Dúirt an tAire Stáit Jerry Buttimer: “D’éirigh go hiontach le Glasbhealaí faoin tuath in Éirinn, ag léiriú ár dtírdhreacha álainn, ag tabhairt cuairteoirí chuig ceantair a ndéantar dearmad orthu agus ag cabhrú le gnólachtaí beaga áitiúla a bheith faoi bhláth. Is áis áineasa allamuigh iad Glasbhealaí, ar féidir le gach duine den phobal sult a bhaint aisti. Cuirim fáilte roimh fhógra maoinithe an lae inniu do thionscadail na nGlasbhealaí agus táim ag súil go mór le bealaí nua, forbartha a sheachadadh sna blianta amach romhainn.”  

Dúirt Peter Walsh, Príomhfheidhmeannach BIÉ: “Tarraingíonn maoiniú na nGlasbhealaí 2025 aird ar thiomantas na Roinne Iompair agus an Rialtais chun roghanna taistil ghníomhaigh a sheachadadh fud fad na tíre. Leanfaidh BIÉ ar aghaidh in éineacht lenár bpáirtithe, na hÚdaráis Áitiúla, ag seachadadh agus ag forbairt na dtionscadal tábhachtach Glasbhealaigh seo.”