Glao ar Pháipéir - AYIA@BIÉ Seachtain na hOidhreachta 2025
Tá rannóg Seandálaíochta agus Oidhreachta BIÉ, i gcomhpháirtíocht le Cumann Seandálaithe Óga na hÉireann (AYIA), ag tabhairt cuireadh do thaighdeoirí luathghairme, lena n-áirítear fochéimithe, tograí páipéir a chur isteach do chomhdháil Sheachtain Oidhreachta BIÉ a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath.
Caithfidh na páipéir a bheith bunaithe ar thaighde reatha nó ar thaighde a cuireadh i gcrích le déanaí a bhaineann le sonraí oidhreachta a dhíorthaítear ó thionscadail BIÉ (i.e. bóithre náisiúnta, tionscadail iarnróid éadroim, nó glasbhealaí). Is é 17:00 Dé hAoine, an 25 Aibreán 2025 an spriocdháta chun na páipéir a chur isteach (i.e. teideal agus achomaireacht nach faide ná 200 focal) agus ba cheart iad a sheoladh chuig Archaeology@tii.ie
Déanfaidh BIÉ athbhreithniú ar na páipéir agus roghnóidh sé iarrthóirí chun a gcuid páipéar a chur i láthair ag comhdháil Sheachtain Oidhreachta BIÉ na bliana seo ar an Déardaoin an 21 Lúnasa 2025 in Acadamh Ríoga na hÉireann, 19 Sráid Dhásain, Baile Átha Cliath 2, D02 HH58.

Gheobhaidh na hiarrthóirí a n-éireoidh leo:
- meantóireacht ó Sheandálaithe BIÉ chun cabhrú lena gcur i láthair a bheachtú;
- airgead oinigh €300; agus
- taisteal poiblí agus cothú i gcomhréir le rialacha na seirbhíse poiblí
Táthar ag súil go ndéanfaidh an tionscnamh seo an méid seo a leanas:
- aird a tharraingt ar acmhainní BIÉ atá ar fáil le haghaidh taighde (e.g. Bailiúcháin Oidhreachta Digití BIÉ);
- deiseanna a chur ar fáil do thaighdeoirí luathghairme le labhairt go poiblí; agus
- aon ‘cheachtanna a foghlaimíodh’ a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn eolais do chleachtas amach anseo a thaispeáint.