Oscailt Oifigiúil Thús Siúlóide Bhaile Uí Chomáin Dé Luain 7 Iúil 2025

Garsprioc mhór do bhonneagar glas Uíbh Fhailí agus Comhairle Contae Uíbh Fhailí ag comóradh éacht shuntasach ina straitéis maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe agus turasóireacht le hoscailt oifigiúil Thús Siúlóide Bhaile Uí Chomáin nua Dé Luain 7 Iúil 2025. Lonnaithe ag acomhal Ghlasbhealach na Canálach Móire agus Nasc Bhaile Uí Chomáin-Chill Bheagáin, cuireann an áis ardchaighdeáin seo bonneagar nua-aimseartha, sábháilte, agus inrochtana ar fáil do rothaithe, siúlóirí, teaghlaigh, agus cuairteoirí de gach aois agus cumas.

Official opening of the Ballycommon Trailhead on Monday 7th July 2025. (Patrick Duffy is in photo representing TII at the opening.)

Tá 52 spás ar fáil sa charrchlós a críochnaíodh le déanaí, lena n-áirítear pointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha, bonneagar coisithe, soilsiú poiblí, agus naisc shábháilte le conláistí in aice láimhe. Tá sé mar chuid lárnach de Straitéis Ghlasbhealaigh agus Athnuachana Tuaithe Uíbh Fhailí, a chuireann le sláinte an phobail, a neartaíonn gnólachtaí áitiúla, agus a spreagann turasóireacht ghníomhach.

Chuir Cathaoirleach Chomhairle Contae Uíbh Fhailí, an Clr John Leahy fáilte roimh gach duine chuig an imeacht lenar áiríodh an tAire Jerry Buttimer agus ionadaithe ó BIÉ. Ina óráid, leag sé béim ar ghné phobail na háise ag rá “nach mbaineann an áis seo le bonneagar amháin – baineann sí le daoine. Spás atá ann do gach duine, ó rothaithe óga go siúlóirí níos sine, siúlóirí le bugaithe go cuairteoirí ag stopadh le haghaidh caife. Is le muintir Uíbh Fhailí an tús siúlóide seo agus le gach duine a thagann chun taitneamh a bhaint as an áit speisialta seo.”

Ag labhairt ag an oscailt, mhol Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Uíbh Fhailí, Anna Marie Delaney, an iarracht chomhoibritheach taobh thiar den tionscadal ag lua “go léiríonn an fhorbairt seo i bhfad níos mó ná carrchlós nua – is sócmhainn straitéiseach eacnamaíoch agus scéim feabhsúcháin sábháilteachta ar bhóithre atá ann. Cuireann sé le heispéireas an chuairteora, tacaíonn sé le gnólachtaí áitiúla, agus léiríonn sé tiomantas Uíbh Fhailí do bhonneagar inbhuanaithe, ionchuimsitheach a thugann luach ceart dár bpobail thuaithe.”

Mar Aire Stáit le freagracht don Iompar Tuaithe d’oscail Jerry Buttimer an Tús Siúlóide go hoifigiúil, mhol sé an tionscadal mar shampla náisiúnta den dea-chleachtas i seachadadh bonneagair tuaithe ag rá “Taispeántas is ea Tús Siúlóide Bhaile Uí Chomáin ar an gcaoi lena dhéanamh ceart – áis a chuireann na daoine ar thús cadhnaíochta, atá inrochtana, a shuíonn go bródúil laistigh de líonra níos leithne an ghlasbhealaigh. Baineann sé le réabhlóid, ní díreach infheistíocht. Tá mo Roinn bródúil tacú le tionscadail siúil agus rothaíochta mar seo. Tá ceannaireacht agus fís taispeánta ag Comhairle Contae Uíbh Fhailí, agus tá súil agam oibriú leo ar fhorbairtí amach anseo.”

Seachadadh an tús siúlóide i gcomhar le Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) agus Uiscebhealaí Éireann. Tá bearta moillithe tráchta ag Droichead Bhaile Uí Chomáin, trasnuithe feabhsaithe do choisithe, agus bealaí siúil tírdhreachaithe ann, a chruthaíonn timpeallacht shábháilte fháilteach do gach úsáideoir.

Mhaoinigh BIÉ an tionscadal ina iomláine agus thóg Lakelands Civils é, le Foireann Dearaidh Bóithre intí Chomhairle Contae Uíbh Fhailí ag stiúradh an tseachadta. Chuir Comhairle Contae Uíbh Fhailí a buíochas in iúl go gach páirtí leasmhar, go háirithe pobal Bhaile Uí Chomáin, CLG Bhaile Uí Chomáin agus gnólachtaí áitiúla, lena n-áirítear Ballycommon Bakehouse as a dtacaíocht leanúnach.

Táthar ag féachaint ar an gconláiste nua seo mar shócmhainn chlaochlaitheach cheana féin don cheantar – ag nascadh daoine, ag cur folláine chun cinn, ag saibhriú líonra glasbhealach Uíbh Fhailí atá ag fás.