Ceannaíonn BIÉ suíomh Uí Chonaill chun tacú le Seachadadh MetroLink
Tá Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) i ndiaidh láithreán suntasach a cheannach atá tuairim is 200 méadar ar fhad feadh Shráid Uí Chonaill i lár cathrach Bhaile Átha Cliath Thuaidh, céim thábhachtach maidir le seachadadh MetroLink a éascú.
Tá láithreán atá tábhachtach go straitéiseach faoi úinéireacht phoiblí anois de bharr na fála sin, rud a chinntíonn gur féidir é a bhainistiú ar bhealach comhordaithe chun tacú le hoibreacha tógála agus don phleanáil forbartha amach anseo.
D’fháiltigh an tAire Iompair, Darragh O’Brien, roimh an gceannach agus mhol sé comhoibriú leantach na gcomhlachtaí stáit éagsúla.
“Tá a fhios againn go spreagfaidh MetroLink tithíocht feadh an bhealaigh, agus go gcabhróidh sé freisin le dul i ngleic leis an mbrú tráchta a fhulaingíonn oiread sin daoine gach lá istigh agus thart ar Bhaile Átha Cliath.
“Ach seo í an chéad deis a bheidh ag go leor daoine tuiscint a fháil ar an mbealach a thabharfaidh MetroLink deis dúinn feabhas a chur ar an bhfearann poiblí agus an chuma atá ar ár gcathair a athshamhlú i ndáiríre.”
D’fháiltigh Lorcan O’Connor, POF Bhonneagar Iompair Éireann roimh cheannach an láithreáin i mBaile Átha Cliath Láir freisin, agus dúirt sé gur sampla iontach é den chaoi gur ‘i bhfad níos mó ná tionscadal iompair’ é MetroLink.
Ghabh sé buíochas le Hammerson as obair ar bhealach tairbheach leis an Stát chun an comhaontú seo a dhéanamh indéanta, agus dúirt gurb ionann an cinneadh seo agus infheistíocht i dtodhchaí Bhaile Átha Cliath. Thug sé aitheantas freisin d’fhís agus do cheannaireacht Thascfhórsa Chathair Bhaile Átha Cliath, an OPW, na Gníomhaireachta Forbartha Talún agus Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (DCC), ó thaobh plean soiléir a leagan sin maidir le croí na príomhchathrach a athbheochan.
“Tríd an láithreán tábhachtach seo a fháil, beimid ábalta an limistéar tábhachtach seo a athfhorbairt chun tairbhe mhuintir na hÉireann, agus buntáistí a chruthú freisin a dhéanfaidh tógáil MetroLink níos éasca,” a dúirt sé.
“Agus an limistéar anois faoi úinéireacht an Stáit, is féidir linn obair go dlúth le Tascfhórsa Bhaile Átha Cliatha agus le gníomhaireachtaí eile rialtais chun forbairt agus cur chun feidhme máistirphlean a chumasú ionas go mbeidh ár bpríomhshráid ina sráid ar féidir linn ar fad bheith bródúil aisti”
Dúirt Anne Shaw, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair gurb ionann fáil Stáit an tsuímh Bhaile Átha Cliath láir agus céim spreagúil chun tosaigh don phríomhchathair.
“Is cor cinniúnach é fáil an láithreáin seo do chathair Bhaile Átha Cliath,” a dúirt sí. “Tugann sé seo léiriú ar an mbealach ar féidir bonneagar iompair bheith ina chatalaíoch riachtanach don athbheochan uirbeach níos leithne”
Dúirt Michael Flynn, Stiúrthóir Cláir Eatramhach MetroLink go gcruthaíonn fáil an láithreáin deis uathúil do MetroLink obair lena chomhpháirtithe chun príomhshuíomh a chur ar fáil, an nascacht a fheabhsú agus cabhrú le cathair níos inrochtana agus inbhuanaithe a sholáthar do chách.
“Tá i bhfad níos mó i gceist le fáil an láithreáin seo ná MetroLink a sholáthar. Is deis é atheagar a chur ar chroílár Bhaile Átha Cliatha agus a chinntiú go mbíonn rath ar lár na cathrach do na glúnta amach romhainn,” a dúirt sé.
Beidh stáisiún MetroLink ar Shráid Uí Chonaill, a dearfar chun comhtháthú leis an Luas agus le seirbhísí bus agus a fhreastalóidh ar éileamh suntasach paisinéirí. I mbliain a oscailte, réamh-mheastar go n-iompróidh MetroLink tuairim is 53 milliún turas paisinéirí ar fud an ghréasáin.
Le linn na tógála, beidh lucht saothair mór ag teastáil thar roinnt céimeanna den tionscadal. Meastar go mbeidh suas le 1,000 oibrí bainteach i soláthar shuíomh Shráid Uí Chonaill amháin, lena n-áirítear tuairim is 100 go 200 le linn na réamhoibreacha, 250 go 450 le linn na príomhthógála, agus 250 go 350 eile mar chuid den chonradh Dearaidh, Tógála, Airgeadais, Oibrithe agus Coimeádta.
Ar fud an chláir níos leithne, síltear go dtacóidh MetroLink le tuairim is 8,000 post díreach tógála go bliantúil, agus 2,750 post indíreach breise á gcruthú gach bliain tríd an slabhra soláthair níos leithne.
Le haghaidh breis eolais, déan teagmháil le hEoin Murphy, Stiúrthóir Cumarsáide MetroLink. Féach íomhá ardtaifigh agus léarscáil an láithreáin thíos.
CRÍOCH
Dáta Foilsithe: 08.07.2026
Nótaí don Eagarthóir:
Tá íomhá ardtaifigh ar fáil ag: https://www.metrolink.ie/ga/bealach/gailearai-iomhanna/
Soláthróidh MetroLink:
- Bonneagar den chéad scoth d’Éirinn
- An clár oibreacha is mó i stair an Stáit
- Athróidh sé Baile Átha Cliath agus an ceantar máguaird ó bhonn
- Soláthróidh sé líonraí taistil comhtháite agus
- Rochtain ar chúlsoláthairtí talún do thithíocht