Ceapachán Príomhoifigigh Feidhmiúcháin Bhonneagar Iompair Éireann

Inniu, d'fhógair Gareth Llewellyn, Cathaoirleach Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ), ceapachán Lorcan O’Connor mar an chéad Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin eile ar BIÉ.

Tosóidh Lorcan sa ról ar an 1 Deireadh Fómhair 2025 tar éis do Peter Walsh dul ar scor. Tagann a cheapachán tar éis cuardach idirnáisiúnta, próiseas fairsing agallaimh a raibh baint ag baill de Bhord BIÉ agus an Roinn Iompair leis agus deimhniú ón Aire Iompair.

Ag labhairt ar an gceapachán dúirt, an tAire Iompair Darragh O’Brien, “Bhí lúcháir orm Lorcan O’Connor a dheimhniú mar an chéad Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin eile ar BIÉ. Ní féidir saintaithí agus saineolas Lorcan a shéanadh ó thaobh cúrsaí iompair de, agus tá an ról tuillte go hiomlán aige a bheith ina chomharba ar Peter Walsh agus é réidh le dul ar scor. Le roinnt tograí ríthábhachtacha ag teacht aníos sna blianta amach romhainn, tá ról BIÉ maidir lena chinntiú go bhfuil ár mbonneagar agus ár seirbhísí iompair inbhuanaithe agus straitéiseach níos tábhachtaí ná riamh. Tá mé cinnte de go mbeidh fís agus uaillmhian iontach ag Lorcan agus é ag feidhmiú le BIÉ, agus go leanfaidh an borradh atá faoi BIÉ faoina cheannasaíocht. Tréaslaím le Lorcan as a cheapachán agus guím gach rath air. Chomh maith leis sin, ba mhaith liom an deis seo a thapú le buíochas a ghabháil le Peter Walsh as a ról sárluachmhar agus guím gach rath air agus é ag dul ar scor.”

Ag labhairt ar a cheapachán, dúirt Gerard Llewellyn “Tá saintaithí shuntasach forbartha ag Lorcan maidir le seachadadh seirbhísí iompair inbhuanaithe agus tá an-meas ag ár bpáirtithe leasmhara air. Is é díreach an cineál ceannaire atá ag teastáil uainn é agus an chéad chéim eile den PFN curtha de chúram orainn “

Ag tabhairt aitheantais do Peter Walsh, an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin atá ag éirí as, dúirt Gareth “Le linn a chuid ama mar Príomhfheidhmeannach, cuireadh de chúram ar BIÉ sainchúram atá ag leathnú i gcónaí a sheachadadh. Ó bhealaí glasa agus an gréasán náisiúnta raonta rothar go luchtú feithiclí leictreacha agus Metrolink, tá cur chuige gairmiúil agus díograiseach Peter tar éis an eagraíocht a threorú trí roinnt mhaith athruithe, agus tuigim go leanfaidh sé leis sin go dtí go rachaidh sé ar scor níos déanaí sa bhliain.”

LFaoi láthair, tá Lorcan mar Phríomhfheidhmeannach Grúpa Chóras Iompair Éireann (CIÉ) agus bhí sé ar an gcéad Phríomhfheidhmeannach ar Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann. Chomh maith leis sin, tá sé mar chomhalta boird ar an tSeirbhís Dócmhainneachta sa Ríocht Aontaithe agus mar bhall dá Coiste Iniúchta agus Riosca. Ag labhairt ar a cheapachán, dúirt Lorcan “Is mór an onóir dom an ról a ghlacadh le BIÉ mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin san fhómhar. Táim ag tnúth le bheith ag obair leis an bhfoireann dhíograiseach in BIÉ agus muid ag bogadh ar aghaidh go dtí céim an tseachadta i roinnt tograí ríthábhachtacha. Le chéile, cinnteoimid go gcomhlíonann BIÉ a shainordú chun gluaiseacht éifeachtach, shábháilte, inbhuanaithe daoine agus earraí ar fud na hÉireann a éascú”