Comhairliúchán Poiblí Luas Chorcaí á Sheoladh ag BIÉ

Cuirfear fáilte roimh aighneachtaí ón bpobal maidir leis an Rogha Bealaigh do Luas Chorcaí ó Baile an Chollaigh go Machain

Tá an próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir leis an Rogha Bealaigh (PR) do Luas Chorcaí seolta ag Bonneagar Iompair Éireann inniu.

Tá an seoladh á dhéanamh ar Lá Domhanda Iompair Phoiblí, ceiliúradh domhanda ar an ról ríthábhachtach atá ag an iompar poiblí i saol laethúil daoine. Beidh an comhairliúchán poiblí ar siúl go dtí Dé hAoine an 12 Meitheamh ag 5.30pm.

Is líne iarnróid éadroim é Luas Chorcaí atá beartaithe, a mbeidh suas le 27 stad uirthi idir Baile an Chollaigh agus Rinn Mhachan, ag nascadh príomhchinn scríbe mar shampla, Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Lár Chathair Chorcaí, Stáisiún an Cheanntaigh, Ceantar Dugaí Chorcaí, Páirc Uí Chaoimh, An Charraigh Dhubh agus Machain.

Tá an Rogha Bealaigh cosúil, a bheag nó a mhór, leis an mBealach is Dealraithí a Roghnófar a foilsíodh anuraidh, ach tá roinnt feabhsúchán air, ina measc stadanna nua a chur leis agus stadanna eile a athchomrú chun an tionchar ar chónaitheoirí agus gnólachtaí áitiúla a íoslaghdú.

Is ag an taobh ó thuaidh de Bhóthar Melbourn atá an t-athrú is mó: casfaidh an bealach soir agus taistealóidh sé in aghaidh an chnoic thar Phobalscoil Bhaile an Easpaig, Plásóg Bhaile an Easpaig, CLG Bhaile an Easpaig, Club Rugbaí an Ghoirt Aird, Coláiste an Spioraid Naoimh, Clochar Cholm Cille agus ansin rachaidh sé trí champas Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh.

Laghdóidh sé sin amanna turais, soláthróidh sé rochtain den scoth ar na scoileanna agus ar na clubanna spóirt agus laghdóidh sé brú tráchta sa cheantar. Le rochtain dhíreach ar Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh, cuirfear malairt rogha tharraingteach ar ghluaisteáin ar fáil do bhaill foirne, othair agus cuairteoirí.

Tá mionsonraí an togra seo á bplé ag BIÉ leis na clubanna, scoileanna agus Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh cheana féin chun an tionchar ar a gcuid tailte a íoslaghdú agus chun na buntáistí do chách a uasmhéadú.
I mBaile an Chollaigh tá an bealach á chur níos faide siar go dtí Flynn’s Road, rud a mhéadóidh an dobharcheantar, agus tá roinnt athruithe déanta ar Station Road chun rochtain air a fheabhsú agus chun an tionchar ar Shéipéal Naomh Muire agus Naomh Eoin a íoslaghdú.

Tá Corcaigh ceaptha a bheith ar an gcathair is sciobtha ó thaobh fáis de in Éirinn sna 20 bliain amach romhainn, agus táthar ag tuar go dtiocfaidh méadú idir 50% go 60% ar an daonra. Tá ríthábhacht ag baint le Luas Chorcaí chun athnuachan agus infheistíocht mhórscála atá beartaithe do Chorcaigh a sholáthar, mar shampla forbairt Cheantar Dugaí Chathair Chorcaí – meastar go gcuirfear 20,000 teach nua agus beagnach 25,000 post ar fáil ar fud an tsuímh 4.2 acra ag Cé Uí Chinnéide.

Fáiltíonn BIÉ agus ÚNI roimh rannpháirtíocht an phobail sa chomhairliúchán a leanas ar www.luascork.ie áit a bhfuil sonraí na dtograí le fáil.  Beidh roinnt laethanta oscailte ann ar fud na cathrach le linn an chomhairliúcháin inar féidir líníochtaí a iniúchadh agus beidh foireann BIÉ ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt. Féach thíos chun mionsonraí iomlána a fháil.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin: “Is tionscadal bonneagair tábhachtach é Luas Chorcaí a dhéanfaidh iompar agus nascacht sa chathair seo a nuachóiriú agus a fheabhsú. Mar sin, tá áthas orm go bhfuil an comhairliúchán poiblí maidir leis an rogha bealaigh á sheoladh agus molaim do gach duine a thuairim a thabhairt faoin tionscadal bunathraitheach seo a léiríonn ár ngealltanas i gClár an Rialtais chun iompar straitéiseach agus inbhuanaithe a fhorbairt sna háiteanna is mó ina dteastaíonn sé.”

Dúirt an tAire Iompair, Darragh O’Brien: “Tá áthas orm go bhfuil an Rogha Bealaigh do Luas Chorcaí á sheoladh inniu, tar éis tuairimí úsáideacha a bheith faighte ón bpobal anuraidh faoin mBealach is Dealraithí a Roghnófar. Molaim don phobal a bheith rannpháirteach sa chomhairliúchán poiblí nua seo agus muid ag iarraidh an líne iarnróid éadroim thábhachtach seo a sholáthar. Tá infheistíocht ollmhór ón Rialtas mar bhonn agus taca léi agus cuirfidh sí athrú ollmhór ar chúrsaí iompair do mhuintir Chorcaí.”

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Jerry Buttimer: “Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtabharfar tús áite do thuairimí na gcónaitheoirí, na gclubanna, na scoileanna agus na bpobal a bhfuil Luas Chorcaí le freastal orthu, sa phleanáil bealaigh agus sa rannpháirtíocht seo. Teastaíonn rannpháirtíocht láidir, leanúnach agus ní mór dúinn a chinntiú go ndéanfar cinntí ciallmhara faoi shuíomh na líne. Molaim do dhaoine a bheith rannpháirteach sa chomhairliúchán poiblí seo agus gheall ÚNI agus BIÉ dom go bhfuil an comhairliúchán sin fíorthábhachtach.”

Dúirt Anne Shaw, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair (ÚNI): “Is iontach an dul chun cinn ar an tionscadal seo a fheiceáil, agus molaim do dhaoine i gCorcaigh an deis seo a thapú agus páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo. Creidim go bhféadfaidh Luas Chorcaí a bheith ina thionscadal bunathraitheach a rachaidh chun tairbhe do phobail sa chathair agus taobh amuigh di, do na glúnta atá le teacht.”

Dúirt Lorcan O’Connor, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ): “Ní féidir iarnród éadrom a shárú ó thaobh an tionchar bunathraitheach atá aici ar chathracha trí iompar poiblí ísealcharbóin, iontaofa, ardlín paisinéirí a chur ar fáil. Tá BIÉ ullamh le Luas Chorcaí a sheachadadh agus fás leanúnach, inbhuanaithe chathair Chorcaí a chumasú.”

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le tionscadal Luas Chorcaí www.luascork.ie    
Má tá ceist faoi na meáin agat, téigh i dteagmháil le: media@luascork.ie 

CRÍOCH 
Dáta Foilsithe: 17.04.2026

Nótaí
Seachadfaidh Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) Luas Chorcaí agus dearadh é i gcomhar leis an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNT). Tá sé á fhorbairt i ndlúthchomhairle le BusConnects chun tacú leis an aistriú ó ghluaisteáin go hiompar poiblí agus taisteal gníomhach. 

Seo a leanas na laethanta oscailte:
6 Bealtaine – Kingsley Hotel, Crois Victoria 12pm – 8pm
7 Bealtaine – Páirc Uí Chaoimh 12pm – 8pm
12 Bealtaine – The Carraig Centre, Baile an Chollaigh 12pm – 8pm
13 Bealtaine – Metropole Hotel, Sráid Mhic Curtáin 12pm – 8pm
Socróidh foireann tionscadail Luas Chorcaí seisiúin faisnéise ar an láthair le heagraíochtaí eile agus le páirtithe leasmhara a ndéantar difear dóibh i rith an chomhairliúcháin. 
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le: Media@luascork.ie