Comhchoiste um Iompar – Cruinniú an Choiste le Bonneagar Iompair Éireann Dé Céadaoin, 12 Samhain 2025
Ráiteas Tosaigh ó Lorcan O’Connor, Príomhfheidhmeannach Bhonneagar Iompair Éireann
Réamhrá
Go raibh maith agaibh as an deis seo teacht os bhur gcomhair inniu agus plé a dhéanamh ar an ról atá ag BIÉ chun tionscadail maidir le taisteal gníomhach agus glasbhealaí a chur i gcrích. Táim in éineacht le mo chomhghleacaithe Geraldine Fitzpatrick, Ceann Chlár Caipitil BIÉ um Bóithre agus Glasbhealaí agus Mary Flynn, Bainisteoir Réigiúnach.
Leagtar amach an ról atá ag BIÉ maidir le bonneagar iompar a sholáthar sna dualgais agus sna feidhmeanna a leagtar ar BIÉ leis an reachtaíocht. Bunaíodh an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta (ÚBN), ag feidhmiú mar Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ) ó bhí 2015 ann, faoi Acht na mBóithre, 1993. Is é dualgas ginearálta BIÉ soláthar gréasáin shábháilte éifeachtúil de bhóithre náisiúnta a dhaingniú ag féachaint do riachtanais na n-úsáideoirí uile. Faoi na Treoirlínte Bonneagair, is é BIÉ atá ina Údarás Formheasa do thionscadail agus oibreacha bóithre náisiúnta i gcomhar leis na hÚdaráis Áitiúla, agus is iad atá ina n-údaráis bóithre do na bóithre uile, lena n-áirítear bóithre náisiúnta.
In 2015, rinneadh ÚBN a chumasc leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród (RPA) agus leasaíodh Acht na mBóithre chun an fheidhm a áireamh le soláthar bonneagar meitreo agus iarnróid éadroim a dhaingniú, nó bonneagar den sórt sin a sholáthar, de réir mar a chinnfeadh an tAire, nó de réir mar a chinnfeadh ÚNI i gcás Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. Faoi na Treoirlínte Bonneagair, is é BIÉ an Ghníomhaireacht Urraíochta agus is é ÚNI an tÚdarás Formheasa le haghaidh tionscadail mheitreo agus iarnróid éadroim.
In 2021, fuair BIÉ Treoir i scríbhinn ón Aire Iompair lenar ceapadh BIÉ mar an tÚdarás Formheasa le haghaidh Glasbhealaí Réigiúnacha agus Náisiúnta
“Dá réir sin, chun críocha alt 32(2) d’Acht na mBóithre, 1993 agus alt 17(2) d’Acht na mBóithre, 2015, aontaím go nglacann BIÉ freagracht as bainistíocht a dhéanamh ar sholáthar an chláir ábhartha Glasbhealaí ón 20 Meán Fómhair 2021 ar aghaidh, lena n-áirítear mar “Údarás Formheasa” faoin gCód Caiteachais Phoiblí, ar an tslí chéanna le bóithre náisiúnta”
Chun tionscadail bóithre náisiúnta agus tionscadail glasbhealaí a chur i gcrích, oibríonn BIÉ i ndlúthchomhar le hÚdaráis Áitiúla trí struchtúr bainistíochta réigiúnaí agus bíonn sé i dteagmháil leo go rialta chun monatóireacht a dhéanamh ar chláir sholáthair agus chun caiteachas a rianú. Maoiníonn BIÉ ceann amháin déag d’Oifigí Bóithre Náisiúnta ar fud na tíre agus is iad baill foirne na nÚdarás Áitiúil a oibríonn iontu. A thúisce a thugann an Roinn Iompair fógra do BIÉ faoi leithdháiltí bliantúla deontais le haghaidh tionscadail bóithre agus glasbhealaí, soláthraíonn BIÉ leithdháiltí bliantúla a bhaineann go sonrach le tionscadail ar leith do gach Údarás Áitiúil. Íoctar na leithdháiltí deontais do na húdaráis áitiúla ansin, i gcaitheamh na bliana, chun costais a thabhaítear le linn na tionscadail sin a chur i gcrích a aisíoc.
Murab ionann agus sainchúram BIÉ maidir le Bóithre Náisiúnta ina bhfuil sainchúram dleathach ag BIÉ a leagtar amach sa dlí, is é an tAire a ordaíonn an sainchúram seo againne i ndáil le Glasbhealaí agus leathnaítear chomh fada le sainchúram Údaráis Formheasa é. Is de fhreagracht na nÚdarás Áitiúil é na Glasbhealaí a chur i gcrích. Is iad na hÚdaráis Áitiúla a mholann, a dhearann agus a chuireann i gcrích na Glasbhealaí ina gcáil mar Ghníomhaireachtaí Urraíochta. Ní le BIÉ í sócmhainn na nGlasbhealaí agus ní airsean atá freagracht as cothabháil a dhéanamh uirthi.
Glasbhealaí Náisiúnta agus Réigiúnacha
Na glasbhealaí a tháinig roimhe arbh iad na hÚdaráis Áitiúla a sholáthair iad go príomha, measadh gur táirge turasóireachta iad a raibh acmhainneacht nach beag iontu chun cuairteoirí ón gcoigríoch a mhealladh, do phobail áitiúla a mhéad a bhaineann le tairbhí eacnamaíocha, agus do gach uile úsáideoir mar áis le haghaidh gníomhaíocht choirp agus mar rud a chuir leis an tsláinte agus leis an bhfolláine. Ar shamplaí de Ghlasbhealaí den sórt sin, tá Glasbhealach Mór an Iarthair i Maigh Eo, Conair an tSeaniarnróid san Iarmhí agus Glasbhealach Phort Láirge.
I mí Iúil 2018, d’fhoilsigh an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt an “Straitéis d’Fhorbairt na nGlasbhealaí Náisiúnta agus Réigiúnacha Amach Anseo”.
“Is é cuspóir na Straitéise seo tacú le forbairt straitéiseach na nGlasbhealaí réigiúnacha agus náisiúnta in áiteanna cuí, agus iad tógtha ag an gcaighdeán cuí, chun eispéireas ardchaighdeáin a chur ar fáil d’úsáideoirí Glasbhealaí. Is é aidhm na Straitéise líon agus leathadh tíreolaíoch na nGlasbhealaí móra agus ardchaighdeáin a mhéadú [timpeall na tíre] sna deich mbliana atá romhainn, agus dá bharr sin, go dtiocfaidh méadú suntasach ar líon na ndaoine a úsáideann Glasbhealaí mar eispéireas cuartaíochta agus áis fóillíochta”.
Cuimsítear an méid seo a leanas leis na príomhghnéithe den Straitéis;
• Tugtar Glasbhealaí Náisiúnta ar bhealaí atá níos faide ná 100 ciliméadar agus tugtar Glasbhealaí Réigiúnacha ar bhealaí atá níos faide ná 20 ciliméadar
• Caithfidh Glasbhealaí arna maoiniú arna maoiniú faoin Straitéis a bheith Straitéiseach, Radharcach, Scartha go mór, le haghaidh úsáid chomhroinnte agus caithfidh siad neart le feiceáil agus le déanamh a chur ar fáil. (Na Cúig Chritéar).
• Leagtar amach an próiseas comhairliúcháin agus na caighdeáin riachtanacha.
• Luaitear go gcuirfidh Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) Cód Dea-Chleachtais maidir le Glasbhealaí le chéile, agus gur meitheal lena gcuimsítear an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, Oifigeach Fóillíochta Tuaithe agus ionadaithe ar na grúpaí úinéirí talún a dhéanfaidh an Cód céanna a fhorbairt.
• Aithnítear, in ainneoin iarracht mhór gach duine, go bhféadfadh sé nach féidir teacht ar chomhaontú deonach agus nach mbeadh bealach eile atá indéanta go heacnamúil ann a chomhlíonann ceanglais na n-úsáideoirí, ó thaobh grádáin, rochtain ar radhairc agus rudaí le déanamh agus le feiceáil de, i gcásanna áirithe. Sna cásanna sin agus nuair atá gach iarracht déanta chun réiteach a bheidh comhaontaithe go frithpháirteach a aimsiú, d’fhéadfadh sé gur gá plé a dhéanamh ar cheannach talún agus na sásraí dleathacha atá ar fáil á n-úsáid.
Tar éis meitheal a chur ar bun agus rannpháirtíocht na bpáirtithe le tacaíocht ó chathaoirleach neamhspleách i mí na Nollag 2021, comhaontaíodh agus foilsíodh an Cód Dea-Chleachtais do Ghlasbhealaí Náisiúnta & Réigiúnacha (an Cód). Bhí an mheitheal comhdhéanta d’Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann (IFA), Cumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann (ICMSA), Cumann Feirmeoirí Eallaigh agus Caorach na hÉireann (ICSA), an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, Spórt Éireann, Fáilte Ireland, an Roinn Iompair, Ionadaithe na nÚdarás Áitiúil agus BIÉ.
An Cód
• Soláthraítear faisnéis maidir le pleanáil, dearadh agus tógáil na nGlasbhealaí.
• Tugtar forléargas ar na céimeanna agus ar na tacaíochtaí atá ábhartha don chomhairliúchán.
• Éilítear an breithniú tosaigh ar thailte stáit.
• Agranamaí Tionscadail le ceapadh ó chéim na srianta
• Comhairleoirí neamhspleácha Agranamaíochta agus maoine atá ar fáil d’úinéirí talún aonair
• Déantar foráil maidir le Próiseas Fála Talún Deonach agus íocaíocht inbhuanaitheachta glasbhealaigh a íoc le héifeacht ó Eanáir 2022.
• Déanfar athbhreithniú ar an gCód dhá uair sa bhliain ar dtús agus ansin uair sa bhliain.
Íoctar na híocaíochtaí Inbhuanaitheachta a chomhaontaítear faoin gcód ina 2 gcéim.
• Luathshíniú ar Íocaíocht – tá feidhm aige i gcás ina gcomhaontaítear Comhaontú Deonach um Fháil Talún (VLAA) sula ndéanann an t-údarás pleanála a chinneadh agus tá sé iníoctha tar éis an VLAA a fhorghníomhú.
• Íocaíocht Chomhair – Iníoctha nuair a osclaítear an Glasbhealach.
Mura síneofar an VLAA nuair a bhainfear ceadú pleanála amach, leanfar den rannpháirtíocht go ceann 12 mhí eile sula seirbheálfar fógra gnóthaíochta.
Maidir le horduithe ceannaigh éigeantaigh, leagtar amach sa Chód freisin gur trí chomhaontuithe deonacha atá an sásra tosaíochta chun talamh a fháil; mar sin féin, ceadaítear sásraí ceannaigh éigeantaigh, cé gur rogha dheireanach é sin chun a áirithiú go seachadfar bealach leanúnach.
Leagtar amach sa chód cur chuige comhoibritheach comhaontaithe chun Glasbhealaí Náisiúnta agus Réigiúnacha a sholáthar, arb é is aidhm dó toradh cothrom a bhaint amach d’úinéirí talún, do phobail áitiúla, do pháirtithe leasmhara agus d’úsáideoirí. Tá sé de dhualgas ar na páirtithe a d'aontaigh an cód sin é a chur i bhfeidhm maidir le dul chun cinn agus seachadadh chlár na nGlasbhealaí.
Ról BIÉ mar Údarás Formheasa na nGlasbhealaí
• Leithdháileann sé maoiniú go bliantúil agus íocaíocht maoinithe ar bhonn rialta de réir “na ndeontas um Inmhuirireacht Maoiniúcháin do Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ)” Meán Fómhair 2024.
• Soláthraíonn sé Treoir agus Caighdeáin maidir le Breithmheas, pleanáil, agus dearadh.
• Cuireann sé cur chun feidhme an chóid chun cinn.
• Bíonn sé rannpháirteach i seachadadh na nGlasbhealaí agus déanann sé maoirseacht air trí struchtúr na Bainistíochta Réigiúnaí.
An Plean um Thaisteal Gníomhach agus an Gréasán Náisiúnta Raonta Rothar
Is é sainchúram BIÉ faoi Acht na mBóithre gréasán bóithre sábháilte agus éifeachtúil a chur ar fáil do gach úsáideoir bóithre agus, ar an ábhar sin, bhí ról ag BIÉ i gcónaí chun áiseanna taistil ghníomhaigh a sholáthar mar chuid den ghréasán bóithre náisiúnta, agus leanann sé ar aghaidh sa ról sin.
In R2 2021, d’iarr an Roinn Iompair (DoT) ar BIÉ plean a ullmhú, thar a gceann, le haghaidh gréasán náisiúnta raonta rothar (NCN). Tar éis comhairliúchán cuimsitheach leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara, d’fhormheas an Rialtas an Plean i mí na Nollag 2023 agus d’fhoilsigh an tAire Iompair é i mí Eanáir 2024. Moladh i bPlean NCN thart ar 3,500km de ghréasán raonta rothar a nascfadh príomh-mhoil daonra, iompair, turasóireachta agus fostaíochta/oideachais agus moltar úsáid a bhaint as bonneagar rothaíochta atá ann cheana agus atá beartaithe nuair is féidir.
I lár 2024, chuir DoT de chúram ar BIÉ ról na hOifige Bainistíochta Cláir (PMO) a chomhlíonadh maidir le Plean NCN a chur chun feidhme. Agus an ról seo á chomhlíonadh aige, tá BIÉ ag comhordú le DoT, le ÚNI agus le húdaráis áitiúla chun tionscadail atá le cur i gcrích faoi NCN a shainaithint agus a chur in ord tosaíochta
Beartais Ábhartha Eile de chuid an Rialtais
Seo a leanas liosta de phríomhdhoiciméid bheartais an Rialtais a thacaíonn le glasbhealaí a fhorbairt.
• Clár an Rialtais 2025
• An Plean Forbartha Náisiúnta 2021-2030
• An Beartas Náisiúnta maidir le Soghluaisteacht Inbhuanaithe 2022
• Straitéis d’Fhorbairt na nGlasbhealaí Náisiúnta agus Réigiúnacha Amach Anseo 2018
• Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025
• An Straitéis Náisiúnta Áineasa Faoin Aer 2023 go 2027.
Seachadadh na nGlasbhealaí agus Dúshláin a Bhaineann leo
Osclaíodh 186km de Ghlasbhealaí lena n-úsáid ag an bpobal ó tháinig BIÉ chun bheith ina Údarás Formheasa in 2021. Tá BIÉ ag maoiniú os cionn 90 cuid de na Glasbhealaí ag céimeanna éagsúla den seachadadh, agus tá 88% díobh sin ag céim na pleanála agus an dearaidh. Is ionann an meánmhaoiniú atá ar fáil don chlár agus €60m in aghaidh na bliana.
Tá sé léirithe go gcuireann na glasbhealaí tairbhí eacnamaíocha nach beag ar fáil in Éirinn agus thar lear araon, lena n-áirítear méadú ar thurasóireacht agus fás ar ghnólachtaí áitiúla. Luaitear an méid a leanas sa “Tacar Uirlisí maidir le hEispéireas agus Léirmhíniú na gCuairteoirí ar na nGlasbhealaí” de chuid Fáilte Ireland: “Bhí an t-eispéireas i bPort Láirge, san Iarmhí agus i Maigh Eo thar a bheith dearfach agus bhí éifeachtaí claochlaitheacha aige sin ar ghnólachtaí beaga agus ar bhailte feadh na nGlasbhealaí agus in aice leo”.
Bíonn tionchar ag na dúshláin atá roimh gach tionscadal bonneagair phoiblí ar sholáthar na nglasbhealaí freisin. Is iomaí cúinse a chuireann leis sin; mar shampla, athruithe beartais, caighdeáin nuashonraithe, agóidí dlíthiúla, agus fadhbanna rochtana, cuireann siad uile le hamlínte tionscadail níos faide, costais mhéadaithe, agus éileamh nach beag ar acmhainní.
Tá teorainn le méid na ngnéithe líneacha faoi úinéireacht an Stáit atá ann cheana féin (amhail canálacha agus iarnróid as úsáid) agus baineadh amach cuid mhór den acmhainneacht sin cheana féin. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé nach féidir tailte stáit a úsáid i gceantair ar leith mar gheall ar shrianta oibríochtúla a éilítear chun foraoisí Choillte agus/nó portaigh Bhord na Móna a bhainistiú. Tá coinne leis go mbeidh gá le dáileachtaí talún príobháideacha a fháil le haghaidh an chuid is mó de ghlasbhealaí na todhchaí. I bhfianaise leibhéal na hinfheistíochta, éilíonn an Stát gealltanais go bhfanfaidh conair ghlasbhealaí ar oscailt agus go mbeidh sí ar fáil don phobal ar bhonn leanúnach.
Tátal
Mar a luaitear sa straitéis um Glasbhealaí, “Tá Glasbhealaí ann ar mhaithe le gach duine... [agus] baineann coisithe, úsáideoirí cathaoireacha rothaí, leanaí i bpramanna chomh maith le daoine a úsáideann gach cineál rothar úsáid as Glasbhealaí. Ba cheart go gcomhlíonfadh Glasbhealaí arna maoiniú faoin Straitéis seo riachtanais gach úsáideora”. Cuireann siad áis shábháilte scartha ar fáil do mhuintir na háite agus do chuairteoirí agus tacaíonn siad leis an aistriú i dtreo modhanna iompair níos inbhuanaithe.
Ina cháil mar an tÚdarás Formheasa do Ghlasbhealaí, cuireann BIÉ maoiniú agus tacaíocht ar fáil d’Údaráis Áitiúla maidir le Glasbhealaí agus áiseanna Taistil ghníomhaigh a sholáthar i gcomhréir le beartas an Rialtais mar atá leagtha amach sa straitéis. Cuireann BIÉ soláthar chun cinn freisin i gcomhréir leis an gCód Dea-Chleachtais mar an sásra comhaontaithe um rannpháirtíocht agus soláthar.