Comhdháil Chumann Seandálaithe Óga na hÉireann 2025

D’fhreastail rannóg Seandálaíochta agus Oidhreachta BIÉ ar chomhdháil Chumann Seandálaithe Óga na hÉireann (AYIA) a bhí ar siúl sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn, an 15 Feabhra. Bhí comhdháil dheireanach AYIA roinnt blianta ó shin, mar sin caithfear comhghairdeas mór a rá leis na heagraithe a chuir beocht sa Chumann agus a chuir ardán ar fáil, a raibh géarghá leis, do sheandálaithe óga atá ag cur tús lena ngairmréim faoin gcúis ‘Guthanna Ag Teacht Chun Cinn sa tSeandálaíocht’. 

Bhí BIÉ ar cheann den iliomad urraitheoirí fud fad na hearnála oidhreachta a thug tacaíocht don imeacht agus ba iad Rónán Swan, Ceann Seandálaíochta agus Oidhreachta BIÉ, agus Michael Stanley, Seandálaí BIÉ, a rinne ionadaíocht air ag an gcomhdháil. Chaith siad an lá i mbun chur chun cinn ghníomhaíochtaí oidhreachta BIÉ agus ag tarraingt aird ar an iliomad bealaí ina dtéann torthaí na hoibre seo chun tairbhe an phobail agus na saineolaithe oidhreachta araon (mar shampla, via Bailiúcháin Dhigiteacha Oidhreachta BIÉ). 

Leagadh béim ar leith ar an iliomad sraitheanna sonraí BIÉ atá ar fáil saor in aisce le staidéar a dhéanamh orthu ag acadóirí seanbhunaithe agus nua, agus bhí áthas orthu a lua go raibh go leor de na cainteoirí comhdhála tar éis a gcuid taighde a bhunú ar shuíomhanna agus ar dhéantúsáin a tochlaíodh mar chuid de thionscadail BIÉ. 

Mar phríomhchoimisinéir mhionstaidéar seandálaíochta na tíre, ghlac BIÉ páirt in Aonach Gairmeacha am lóin chun labhairt le mic léinn faoin réimse roghanna poist atá ar fáil in earnáil seandálaíochta na hÉireann agus tarraingíodh a n-aird ar an easpa príomhscileanna atá ann fud fad na gairme. 

Emerging Voices in Archaeology AYIA Conference 2025

Tá Seandálaíocht agus Oidhreacht BIÉ ag súil le tacú le comhdháil AYIA na bliana seo chugainn agus moltar do mhic léinn fud fad an oileáin glacadh leis an dúshlán agus an deis imeacht den chineál céanna a eagrú in 2026. Guímid gach rath ar na heagraithe, cainteoirí, agus daoine a chur le, agus a d’fhreastail ar AYIA 2025 ina ngairmeacha seandálaíochta agus tá súil againn iad a fheiceáil ag obair ar thionscadail BIÉ roimh i bhfad.