Comhdháil um Chaomhnú Digiteach do na hEalaíona, na hEolaíochtaí Sóisialta agus na Daonnachtaí 2026
Chuir seandálaí de chuid BIÉ, Michael Stanley, páipéar i láthair ag Comhdháil um Chaomhnú Digiteach do na hEalaíona, na hEolaíochtaí Sóisialta agus na Daonnachtaí (DPASSH) i mBéal Feirste Déardaoin, an 25 Meitheamh. Ba é ‘Ready, set, preserve! Making space for play in digital preservation’ téama na comhdhála agus ba é ‘Bailiúcháin Oidhreachta Digití BIÉ: ag spraoi leis na sonraí’ teideal chur i láthair Michael.
Tá Taisclann Dhigiteach na hÉireann (DRI) ag reáchtáil DPASSH ó 2015 i leith agus tá sí anois ina príomhimeacht i bhféilire an chaomhnaithe dhigitigh in Éirinn, ag tabhairt le chéile taighdeoirí agus cleachtóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta ó réimsí na n-ealaíon, na n-eolaíochtaí sóisialta agus na ndaonnachtaí. Ba é seo, áfach, an chéad uair a rinne BIÉ rannchuidiú le comhdháil DPASSH.
Ó 2017 i leith, tá BIÉ ag caomhnú agus ag scaipeadh tuarascálacha tochailte seandálaíochta agus sonraí oidhreachta eile óna thionscadail trí Bhailiúcháin Oidhreachta Digití BIÉ, atá á n-óstáil ag DRI. I mí an Mheithimh 2025, sheol BIÉ Tairseach Bhailiúcháin Oidhreachta Digití BIÉ, a fheabhsaíonn an rochtain ar na Bailiúcháin trí chomhéadan léarscáile gréasáin atá deartha chun freastal ar an bpobal i gcoitinne agus ar ghairmithe oidhreachta araon.
I gcomhthráth le forbairt leanúnach na mBailiúchán agus na Tairsí nua, tá roinnt StoryMaps coimisiúnaithe ag BIÉ, ina gcuirtear teicneolaíocht mhapála, téacs insinte agus ábhar ilmheán le chéile ar bhealach cruthaitheach chun scéalta mealltacha a insint. Déanann ceann de na StoryMaps is déanaí iniúchadh go sonrach ar fheidhmiú Bhailiúcháin Oidhreachta Digití BIÉ trí sheandálaíocht Scéim Mhótarbhealaigh an M7 ó Phort Laoise go Baile an Chaisleáin/an M8 ó Phort Laoise go dtí an Chúlchoill i gContae Laoise, a osclaíodh in 2010.
Léirigh páipéar Michael an chaoi ar cuireadh rochtain fhorleathan ar Bhailiúcháin Oidhreachta Digití BIÉ, agus ar an meiteashonraí atá mar bhonn agus mar thaca leo, ar fáil, agus é mar chuspóir níos mó úsáideoirí a mhealladh chuig an acmhainn agus taighde nua a chothú a athraíonn ár dtuiscint ar oidhreacht seandálaíochta na hÉireann.
Áirítear leis na Bailiúcháin comhaid scanta léasair 3T agus, i gcomhréir le téama na comhdhála maidir le rannpháirtíocht spraíúil sa chaomhnú digiteach, thug Michael cuireadh do na toscairí macasamhla 3T-phriontáilte de photaireacht thábhachtach na Cré-Umhaoise a aimsíodh ar Bhóthar Faoisimh an N8/N73 i mBaile Mhistéala in 2004, a láimhseáil. Is féidir le húsáideoirí na mBailiúchán na comhaid 3T sin a íoslódáil agus a gcóipeanna féin a phriontáil go tríthoiseach, más mian leo.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi DPASSH, cliceáil anseo agus chun clár na comhdhála a fheiceáil, cliceáil anseo.
Is féidir leat blagphost Michael ar bhlag DRI faoin gcomhdháil a léamh freisin.