Eisíonn MetroLink Fógraí Conartha le haghaidh an Chreata um Fhóntais agus Oibreacha Cumasúcháin
Tá fógraí conartha á n‑eisiúint ag Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ), thar ceann MetroLink, le haghaidh Chreat M14 um Fhóntais agus Oibreacha Cumasúcháin.
Tá Creat M14, rud a bhunaítear faoi Chreat agus sraith conarthaí NEC4, deartha chun tacú le Clár Réamhoibreacha an M100 agus leis an gClár MetroLink trí chéile a sholáthar.
Mairfidh Creat NEC4 ar feadh ceithre bliana ar dtús, agus beidh roghanna ann chun é a leathnú suas le tréimhse uasta 12 bhliain, trí athnuachan ceithre bliana eile ina dhiaidh sin, móide suas le ceithre cinn d’athnuachaintí breise aon bhliain amháin. Tá an tréimhse 12 bhliain ríthábhachtach chun tacú leis an gclár MetroLink agus ailíniú le tréimhsí conartha M400 agus M500.
D’fháiltigh Stiúrthóir Pleanála agus Infheistíochta Iompair ag an Údarás Náisiúnta Iompair, Hugh Creegan, roimh fhógraí conartha a eisiúint don Chreat, agus dúirt sé an méid seo a leanas: “Tá an gharsprioc seo ina cuidiú leis an mbunchloch a leagan síos le haghaidh na mílte post agus deis iontach atá inti do FBManna le bheith rannpháirteach in MetroLink ón tús, agus caidrimh láidre agus mharthanacha á dtógáil de réir mar a théann an clár ar aghaidh.”
Idir an dá linn, dúirt POF BIÉ, Lorcan O’Connor, go raibh tréimhse fhada an Chreata ina beart pleanála straitéiseach a rachaidh chun tairbhe do phleanáil iompair phoiblí fhadtéarmach.
“Tá an méid sin ina thaca le leanúnachas, nuálaíocht agus luach ar airgead sna blianta atá le teacht, agus é á chumasú do BIÉ na socruithe sin a ghiaráil le haghaidh tionscadail líonra a bhaineann leis an Luas i gcás inarb iomchuí”, a dúirt sé.
Dúirt Seán Sweeney, Stiúrthóir Cláir MetroLink, go bhfuil gá le comhoibriú marthanach le soláthraithe fóntas, pobail áitiúla agus comhpháirtithe tionscail de bharr scála agus chastacht MetroLink.
“Tríd an gcreat seo, beimid in ann conraitheoirí ag a bhfuil taithí a fhostú chun oibreacha fíor‑riachtanacha a dhéanamh amhail glanadh láithreáin, scartáil agus atreorú fóntas ar bhealach comhordaithe agus tráthúil. Táimid ag tnúth le caidrimh thábhachtacha a thógáil leis na FBManna oilte sin, rud a bheidh tairbhiúil do gach páirtí,” a dúirt sé.
Beidh cúig chuid i gceist le scóip na n‑oibreacha le haghaidh Chreat M14 agus meastar go n‑áireofar an méid seo a leanas iontu:
- Rochtain Talún: Na hoibreacha uile a bhaineann leis an mbonneagar atá ann cheana a choigeartú chun rochtain talún / seilbh ghlan a fháil, rud a éilítear le haghaidh tógáil scéime. Na hoibreacha uile a bhaineann leis na botháin thógála a chur ar bun
- Scartáil: Na hoibreacha uile a bhaineann le struchtúir a scartáil chun tógáil MetroLink a éascú
- Glanadh láithreáin: Na hoibreacha uile a bhaineann le glanadh fásra lena n‑áirítear speicis choimhthíocha ionracha
- Na hoibreacha uile a bhaineann le bearta cosanta crann a bhunú
- Modhnuithe ar pháirceanna imeartha: Na hoibreacha uile a bhaineann le páirceanna imeartha a mhodhnú
- Na hoibreacha uile a bhaineann le déileáil le siléir
- Oibreacha oidhreachta: Míreanna oidhreachta sainaitheanta a bhaint, a stóráil, a dheisiú, a chaomhnú agus a chur ar ais
- Coinneáil aghaidhe
- Seandálaíocht: Na hoibreacha uile a bhaineann leis an imscrúdú, leis an tuairisciú agus leis an réiteach seandálaíochta ag suíomhanna sonracha inarb ann do shrianta seandálaíochta
- Tírdhreachú crua agus bog
- Oibreacha sibhialta lena n‑áirítear tógáil agus aischur bóithre buan agus sealadach, oibreacha créafóige, fóntais, draenáil, déanaimh bóithre agus oibreacha coimhdeacha eile i gcás inar gá
- Athchóirithe réadmhaoine, lena n‑áirítear bearta maolaithe torainn
- Díchoimisiúnú, atreorú, cosaint agus neartú fóntas lena n‑áirítear naisc fóntais nua a sholáthar i gcás inarb iomchuí
- Atreoruithe sócmhainní fóntais lena n‑áirítear leictreachas, gás, uisce, draenáil chamrais, draenáil dromchla agus cumarsáid
- Pléití le húinéirí sócmhainní fóntais agus páirtithe leasmhara trí chéile
- Athlíneáil séarach agus oibreacha cosanta
- Oibreacha tógála
- Oibreacha imscrúdaithe láithreáin i gcás inar gá
- Suirbhéireacht, faireachán agus tástáil
- Maoirseoir Tionscadail le haghaidh Chéim na Tógála (PSCS)
I ngach cuid faoin gCreat, áireofar gnéithe den raon feidhme thuas. Cé go bhfuil na Creataí curtha ar bun, den chuid is mó, le haghaidh an tionscadail MetroLink, forchoimeádann BIÉ an ceart chun na socruithe sin a úsáid ar Thionscadail Líonra BIÉ eile a bhaineann leis an Luas ag a bhfuil raon feidhme agus cineál comhchosúil.
Ba cheart do na heagraíochtaí uile ar mian leo a bheith rannpháirteach sa soláthar le haghaidh an Chreata um Fhóntais agus Oibreacha Cumasúcháin clárú ag an Tairseach Ríomhfhoinsithe MetroLink: https://metrolink.app.jaggaer.com/
Le haghaidh sholáthar Chreat M14 um Fhóntais agus Oibreacha Cumasúcháin, beartaíonn an tÚdarás Conarthach tairgeoirí a roghnú agus a cheapadh mar a leanas:
-
Cuid 1 (Príomhchumasú Láithreáin): Cuirfear suas le cúigear iarratasóirí ar ghearrliosta le haghaidh Cuireadh chun Tairisceana, agus ceapfar suas le triúr tairgeoirí chuig an gCreat
-
Cuid 2 (Príomhfhóntais): Cuirfear suas le seachtar iarratasóirí ar ghearrliosta le haghaidh Cuireadh chun Tairisceana, agus ceapfar suas le ceathrar tairgeoirí chuig an gCreat
-
Cuid 3 (Mionchumasú Láithreáin): Cuirfear suas le cúigear iarratasóirí ar ghearrliosta le haghaidh Cuireadh chun Tairisceana, agus ceapfar suas le triúr tairgeoirí chuig an gCreat
-
Cuid 4 (Mionfhóntais): Cuirfear suas le cúigear iarratasóirí ar ghearrliosta le haghaidh Cuireadh chun Tairisceana, agus ceapfar suas le triúr tairgeoirí chuig an gCreat
-
Cuid 5 (Oibreacha Ildisciplíneacha): Cuirfear suas le cúigear iarratasóirí ar ghearrliosta le haghaidh Cuireadh chun Tairisceana, agus ceapfar suas le triúr tairgeoirí chuig an gCreat
Ní mór d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara go gceadaítear dóibh cur isteach ar thrí chuid, ar a mhéad, faoi Chreat M14 um Fhóntais agus Cumasú Oibreacha. Beidh an soláthar á chéimniú ag BIÉ le haghaidh sholáthar na gcúig chuid faoin gCreat‑Chomhaontú.
Dámhfar conarthaí ar glao faoi Chreat M14 um Fhóntais agus Cumasú Oibreacha go príomha trí mhionchomórtais i measc Chonraitheoirí an Chreata a cheaptar chuig an gcuid ábhartha.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin tionscadal MetroLink agus faoi raon feidhme Chreat M14, téigh chuig www.metrolink.ie.
Is é MetroLink an chéad chóras meitreo iomlán uathoibrithe, ardlín paisinéirí in Éirinn, a dearadh chun iompar poiblí a chlaochlú sa chathair. Feadh timpeall 19km, nascfaidh sé Sord le Charlemont trí Aerfort Bhaile Átha Cliath agus lár na cathrach.
Bunchloch de spriocanna aeráide agus soghluaisteachta na hÉireann is ea an clár nuálach agus ríthábhachtach seo, a thacaíonn le fás eacnamaíoch chomh maith le nascacht agus athnuachan uirbeach. Tabharfaidh sé deiseanna gnó nua do raon leathan eagraíochtaí, ó ghnólachtaí móra idirnáisiúnta go Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna) áitiúla.
Tacóidh MetroLink freisin leis na mílte post foirgníochta díreach i ngach bliain den ghníomhaíocht tógála suas go dtína oscailt, chomh maith le 2,500 go 3,000 post indíreach a bhaineann leis an slabhra soláthair agus tacaíocht gach bliain.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin bpreasráiteas seo, déan teagmháil le Niall McHugh, Ceann Chumarsáid Straitéiseach MetroLink ag niall.mchugh@tii.ie
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Soláthróidh MetroLink:
Bonneagar den chéad scoth d’Éirinn
An clár oibreacha is mó i stair an Stáit
Athróidh sé Baile Átha Cliath agus an ceantar máguaird ó bhonn
Soláthróidh sé líonraí taistil comhtháite agus
Rochtain ar chúlsoláthairtí talún do thithíocht
Dáta Foilsithe: 27.3.2026