Ionchur BIÉ i Laethanta Seandálaíochta na hEorpa 2025

Ar an gcéad dul síos, tá rannáin GIS agus Seandálaíochta agus Oidhreachta BIÉ tar éis comhoibriú le Taisclann Dhigiteach na hÉireann (DRI) chun Tairseach Bhailiúcháin Oidhreachta Digití BIÉ, a chruthú, feidhmchlár nua GIS gréasáin a ligeann d’úsáideoirí acmhainní atá i mBailiúcháin Oidhreachta Digití BIÉ atá caomhnaithe go digiteach sa DRI a chuardach agus a íoslódáil. Is féidir rochtain a fháil ar an Tairseach ar ghléasanna deisce agus móibíleacha araon agus cuireann sé rochtain éasca ar fáil ar bhailiúchán de bheagnach 3,000 mír, lena n-áirítear tuarascálacha tochailte seandálaíochta, tuarascálacha geofisiceacha seandálaíochta, tacair sonraí, agus scanadh léasair 3T. Cuireann an Tairseach roinnt bealaí ar fáil d’úsáideoirí chun sonraí a roghnú agus ansin iad a easpórtáil (mar chomhad .csv) chun críocha a dtaighde féin, rud a fhágann gur uirlis ilúsáideach í do thaighdeoirí, don phobal, do phleanálaithe, agus d’údaráis reachtúla. Is é seo an chéad uair gur féidir taifid iolracha a roghnú agus a easpórtáil ó na Bailiúcháin agus iad a ionchorprú i gcóras GIS na n-úsáideoirí féin, más mian leo é sin a dhéanamh. Le himeacht ama, leathnófar an Tairseach chun rochtain a cheadú ar acmhainní eile BIÉ um oidhreacht dhigiteach.
Is é an dara tionscnamh foilsiú StoryMap nua a cruthaíodh i gcomhar le Abarta Heritage chun saibhreas Bhailiúcháin Oidhreachta Digití BIÉ a léiriú tuilleadh trí aird a tharraingt ar na fionnachtana suntasacha seandálaíochta a rinneadh ar cheann dár scéimeanna bóithre oidhreachta—mótarbhealach M7 Port Laoise–Baile an Chaisleáin/M8 Port Laoise–An Chúlchoill i gContae Laoise, a osclaíodh go hoifigiúil in 2010. Is StoryMap é Aistear siar sa stair ar Mhótarbhealach an M7/M8 atá thar a bheith tarraingteach agus a thugann cuireadh duit taisteal feadh 52 km de mhótarbhealach agus de thaobh-bhóithre, faoina ndearnadh fionnachtain nua seandálaíochta amháin gach 500 m ar an meán. Tosaíonn d’aistear sa tréimhse fhíorghairid sula dtaistealaíonn tú siar trí na mílte bliain de stair go dtí do cheann scríbe deiridh—nuair a bhuaileann tú leis na chéad fheirmeoirí riamh a shaothraigh ithir Chontae Laoise. Éascaíonn StoryMap rochtain dhíreach ar na tuarascálacha tochailte deiridh go léir ón M7/M8, chomh maith le go leor acmhainní digiteacha eile atá i mBailiúcháin Oidhreachta Digití BIÉ agus atá ar fáil trí shuíomh gréasáin BIÉ..
Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi imeachtaí Laethanta Seandálaíochta na hEorpa a bheidh ar siúl ar fud na hÉireann an deireadh seachtaine seo.