Fáilte curtha ag an Aire Iompair agus Gníomhaireachtaí Rialtais roimh Rún maidir le hAthbhreithniú Breithiúnach MetroLink tar éis Idirghabháil Rathúil
Bhain an t-athbhreithniú breithiúnach le cinneadh an Choimisiúin Pleanála (ACP) Ordú Iarnróid le haghaidh MetroLink a dheonú. Seachnaíonn an rún seo an gá le héisteacht iomlán Ard-Chúirte agus soláthraíonn sé cinnteacht thábhachtach maidir le seachadadh MetroLink, tionscadal iompair phoiblí atá suntasach go náisiúnta.
Dúirt an tAire O’Brien:
“Tá ríméad orm go bhfuil luath-bhronntanas Nollag againn go léir mar thoradh ar an bpróiseas idirghabhála seo, leis an nuacht faoi tharraingt siar na n-imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh i gcoinne MetroLink. Ciallaíonn sé gur féidir linn an Athbhliain a thosú le dóchas athnuaite maidir le seachadadh an tionscadail chlaochlaithigh seo. Tá maoiniú tiomnaithe geallta ag an Rialtas seo don tionscadal agus táimid tiomanta d’fhoras seachadta tiomnaithe a bhunú chun maoirseacht a dhéanamh ar thógáil an tionscadail, agus an bhliain seo chugainn tógfar na chéad chéimeanna i ndáil le soláthar. Ciallaíonn fógra an lae inniu go bhfuil cinneadh glan pleanála againn anois a thabharfaidh an chinnteacht is gá do gach duine maidir leis na chéad chéimeanna eile"
Dúirt Anne Shaw, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair (UNI):
“Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair (UNI) tiomanta do bhonneagar iompair phoiblí claochlaitheach a sholáthar do Bhaile Átha Cliath. Le tarraingt siar an athbhreithnithe bhreithiúnaigh, soláthraítear an chinnteacht atá de dhíth chun MetroLink a choinneáil ag bogadh ar aghaidh - tionscadal lena ndéanfar nascacht a athmhúnlú ar fud na cathrach agus go deimhin ar fud na tíre agus lena dtacófar le fás inbhuanaithe sna blianta amach romhainn.
Beidh MetroLink ina bhunchloch do thodhchaí iompair na hÉireann agus is príomhthionscadal é faoi Straitéis Iompair Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 2022-2042, lena gcumasófar dlúthfhorbairt, lena gcuirfear spriocanna aeráide chun cinn, agus lena gcinnteofar go mbeidh an gréasán nua-aimseartha éifeachtúil atá de dhíth ar Bhaile Átha Cliath ar fáil.”
Dúirt Lorcan O’Connor, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ):
“Le cúpla lá anuas, bhuail mé le cónaitheoirí Chearnóg Dartmouth agus d’éist mé go pearsanta lena n-ábhair imní. Is mór agam an cur chuige dearfach atá acu, as ar eascair comhaontuithe a oibríonn do gach taobh. Is céim shuntasach eile chun cinn é seo don tionscadal bonneagair is mó in Éirinn.”
Ag fáiltiú dó roimh an nuacht, dúirt Seán Sweeney, Stiúrthóir Cláir MetroLink:
“Le tarraingt siar an athbhreithnithe bhreithiúnaigh, tugtar soiléireacht don chlár agus don mhargadh ag pointe criticiúil ina fhorbairt. Agus an t-ábhar seo réitithe, táimid ag díriú anois ar oibreacha cumasúcháin agus ar sholáthar a chur chun cinn, agus tá fógraí conartha le haghaidh na bpríomhphacáistí oibreacha sibhialta le heisiúint in R1 2026. Is infheistíocht aonghlúine é MetroLink i ngréasán iompartha poiblí na hÉireann, agus táimid tiomanta i gcónaí do thairbhí marthanacha a chur ar fáil do phobail, do phaisinéirí agus don gheilleagar i gcoitinne."
Cúlra: Is córas meitreo lán-uathoibrithe é MetroLink, den chuid is mó faoi thalamh, thart ar 19km ar fhad, a nascann Sord le lár chathair Bhaile Átha Cliath agus a nascann go díreach le hAerfort Bhaile Átha Cliath, DART, iarnród trom, Luas, agus seirbhísí bus. Tá sé deartha chun bealach iompair phoiblí tapa, ardlín paisinéirí, ardmhinicíochta a sholáthar, chun tacú le cuspóirí aeráide na hÉireann agus chun forbairt uirbeach inbhuanaithe a chumasú.
Date Published: 23.12.2025