Faomhadh don N6, Cuarbhóthar Chathair na Gaillimhe

Cuireann Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) fáilte roimh chinneadh an Choimisiúin Pleanála i dtaca le faomhadh a thabhairt don N6, Cuarbhóthar Chathair na Gaillimhe (N6 CCG). 

Croíghné den réiteach iompair níos leithne do Chathair agus do Chontae na Gaillimhe is ea N6 CCG, rud a chuireann le BusConnects, feabhsúcháin iarnróid atá ar siúl cheana féin, Taisteal Gníomhach agus seachadadh leanúnach mórthionscnamh iompair eile faoi Straitéis Iompair na Gaillimhe (SIG). 

Aithníonn Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus BIÉ go raibh an próiseas pleanála faidréiseach a bhain le N6 CCG an-chrua ar úinéirí tí agus réadmhaoine a mbainfidh an bealach beartaithe dóibh. 

Leanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus BIÉ, tar éis dóibh athbhreithniú mionsonraithe a dhéanamh ar chinneadh an Choimisiúin Pleanála, ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile den tionscadal.  Áirítear leis an gcéim Chumasaithe agus Sholáthair dul chun cinn ar dhearadh mionsonraithe, ullmhú cáipéisíochta conartha agus an próiseas soláthair. 

CRÍOCH 

Dáta Foilsithe: 09.04.2026