Fiosrú ar Theicneolaíocht Dola atá ag Teacht Chun Cinn ar an M50

Tá tionscnamh nuálach taighde agus forbartha ar bun ar an M50 le teicneolaíochtaí dola atá ag teacht chun cinn a fhiosrú trí réiteach atá bunaithe ar aip mhóibíleach. Tá an tionscadal á stiúradh ag Indra Sistemas, le tacaíocht ó Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ) agus Easytrip.

Mar chuid den chruthúnas coincheapa, úsáidfidh custaiméirí rannpháirteacha Easytrip aip mhóibíleach lena dturais ar an M50 a thaifeadadh thar thréimhse cúig mhí fad agus a choinneoidh siad orthu ag úsáid na clibe dola atá acu cheana féin. Leanfar de gach idirbheart dola a phróiseáil trí chuntas Easytrip na rannpháirtithe de réir mar is gnách.

Tá BIÉ ag tacú leis an tionscnamh mar chuid dá thiomantas leanúnach don nuálaíocht agus don taighde ar fud an ghréasáin bóithre náisiúnta. Is éard is cuspóir dó tuiscint níos fearr ar theicneolaíochtaí dola atá ag teacht chun cinn agus ar a bhfeidhmíocht i dtimpeallacht bheo oibríochta a fhorbairt.

Cuirfidh an tionscadal ar fáil léargas ar na hacmhainní, tairbhí, dúshláin agus teorannacha a bhaineann le réitigh dola atá bunaithe ar aip mhóibíleach, rud a chuideoidh le BIÉ coinneáil ar an eolas faoi theicneolaíochtaí dola atá ag fás agus ar fhorbairtí idirnáisiúnta san earnáil.

Níl aon athrú ar shocruithe reatha dola ar an M50, agus ní comhartha é an tionscnamh ar aon athrú beartaithe ar an gcóras dola atá ann cheana féin.

Emerging Tolling Technology on the M50

 

Dáta foilsithe: 08.09.2026