Fógraíodh na Chéad Chonarthaí Dearaidh agus Tógála Bonneagair le haghaidh MetroLink
- Cuireann MetroLink tús le soláthar ar sheoladh na bhfógraí conartha le haghaidh chonarthaí M401 agus M402
- Tollánú trom, ailíniú iarnróid a ullmhú, stáisiúin agus struchtúir amhail droichid agus tolláin is ea an fhreagracht a bhaineann le gach conradh.
3 Feabhra 2026: Ar an 3 Feabhra, chuir Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ), thar ceann chlár MetroLink, tús leis an bpróiseas maidir le tairgeoirí ionchasacha a roghnú le haghaidh na bpríomhphacáistí bonneagair shibhialta do chonarthaí M401 agus M402.
Is ionann na conarthaí sin agus cloch mhíle thábhachtach do MetroLink, rud a chuimsíonn soláthar oibreacha troma innealtóireachta sibhialta an chláir. Arna gcur le chéile, áirítear leis na pacáistí tollánú, ailíniú iarnróid a ullmhú, stáisiúin agus réimse fairsing struchtúr amhail droichid, tarbhealaigh, agus tolláin, arb iad príomh-bhonneagar nithiúil an chéad chórais mheitreo in Éirinn.
Bhí le rá ag Anne Shaw, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Iompair Náisiúnta: “Tá MetroLink lárnach i straitéis an Údaráis Náisiúnta Iompair chun gréasán iompartha poiblí iompair atá lán-chomhtháite d’ardlíon paisinéirí a sholáthar do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. Agus dul chun cinn á dhéanamh againn ar na conarthaí seo, táimid ag cur bonn le córas a dhéanfadh méadú suntasach ar líon na bpaisinéirí a bhféadfaidh iompar poiblí freastal air, a chuirfidh feabhas ar nascacht don aerfort agus do phríomhchinn scríbe, agus a thacóidh le cuspóirí aeráide agus inbhuanaitheachta na hÉireann sna blianta amach romhainn.”
Dúirt Lorcan O’Connor, Príomhfheidhmeannach BIÉ, “Cloch mhíle thábhachtach in aistear MetroLink is ea an fógra seo. Is é an tús le próiseas ina n-aithneofar na heagraíochtaí a sholáthróidh na príomhoibreacha innealtóireachta sibhialta a bhainfidh le MetroLink. Léiríonn sé freisin an tábhacht a bhaineann le comhoibriú an stáit agus na n-earnálacha príobháideacha lena chéile. Ar son BIÉ, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a raibh baint acu leis an gcloch mhíle seo a bhaint amach agus guím gach rath ar sholáthar chlár MetroLink.”
Chuir an Dr Seán Sweeney, Stiúrthóir Cláir MetroLink, fáilte roimh chloch mhíle an lae inniu, a dúirt, “Is ionann foilsiú fhógra conartha M401 agus M402 cloch mhíle mhór do chlár MetroLink agus cuireann sé tús foirmiúil leis an bpróiseas soláthair maidir le tairgeoirí ionchasacha a roghnú le haghaidh ár bpríomhoibreacha sibhialta. Is céim shuntasach chun cinn é seo maidir leis an gcéad chóras meitreo de chuid na hÉireann a sholáthar.”
“Is mar gheall ar dhua agus comhoibriú leanúnach a d’éirigh linn an chéim seo a bhaint amach, agus is mian liom aitheantas a thabhairt do cheannaireacht agus do thacaíocht an Aire, an Údaráis Náisiúnta Iompair agus Bhonneagar Iompair Éireann, chomh maith le tiomantas agus obair chrua de chuid fhoireann chláir MetroLink níos leithne. Bhí a gcuid tiomantais agus saineolais ríthábhachtach maidir leis an gclár a thabhairt chomh fada leis an gcéim thábhachtach seo.”
Cur Chuige Soláthair:
Tosaíonn an próiseas soláthair le céim Ceistneoir Réamhcháiliúcháin (CRC), arb ionann sin agus céim thosaigh scagthástála an chomórtais.
Ceaptar an chéim CRC le measúnú a dhéanamh ar acmhainn an tairgeora an conradh a sholáthar sula dtugtar cuireadh dó tairiscint iomlán a chur isteach.
Ar chríochnú an phróisis CRC, tabharfar cuireadh do ghearrliosta d’iarratasóirí réamhcháilithe chun tairiscintí mionsonraithe le haghaidh chonarthaí M401 agus M402 a chur isteach.
Is é €7.9 billiún (CBL as an áireamh) an luach conartha iomlán uasta a luaitear san Fhógra Chonartha , lena n-áirítear oibreacha agus seirbhísí tógála, agus costais bhoilscithe agus riosca le haghaidh an dá chonradh araon, conradh M401 agus M402. Iarrfar ar na Conraitheoirí roghnaithe tairiscintí a réiteach agus tá BIÉ ag súil leis go mbeidh na tairiscintí i bhfad níos lú ná luachanna an Fhógra Conartha.
Tá fáil ar chonarthaí ar an suíomh gréasáin do ríomhthairiscintí anois agus beifear in ann teacht orthu ar shuíomh gréasáin OJUE 24/48 uair ina dhiaidh seo.
Inbhuanaitheacht agus Feidhmíocht Charbóin:
I gcomhréir le reachtaíocht an Rialtais maidir le Gníomhú ar son na hAeráide agus le gealltanais MetroLink maidir le hinbhuanaitheacht agus le bainistiú carbóin, beidh creat struchtúrtha i gceist le conarthaí M400 chun ailíniú le cuspóirí sainithe carbóin a chinntiú.
Is aidhm leis an gcur chuige sin an nuálaíocht maidir le modhanna tógála, le hamhábhair agus le lóistíocht ísealcharbóin a spreagadh, agus beidh sé ina chuid den mheasúnú foriomlán ar fheidhmíocht an chonartha
Scóip an Chonartha:
1. Cuid Theas M401 (Charlemont go dtí an Choill Thuaidh):
- Tolláin iarnróid thollta, tairseacha tolláin, seafta aslonnaithe/idirghabhála agus conairí aerála
- Tochailtí stáisiúin faoi thalamh ag Charlemont, Faiche Stiabhna, Stáisiún na Teamhrach, Sráid Uí Chonaill, An Mater, Glas Naíon, Páirc Uí Ghríofa, Ascaill Uí Choileáin, Baile Munna, An Choill Thuaidh chomh domhain le 35m, lena n-áirítear struchtúir bhlaoscacha agus croístruchtúir
- Oibreacha cóiríochta agus sibhialta coimhdeacha atá ag teastáil Luach an Fhógra Conartha ( CBL as an áireamh): €4.565 Billiún
2. Cuid Thuaidh M402 (An Choill Thuaidh go dtí an tInbhear):
- Tarbhealach M50, bealach dromchla (gearradh coinnithe, gearrtha agus cumhdaithe) agus codanna comhréidhe (i.e. codanna iarnróid a thógtar ag leibhéal na talún agus i dtochailtí éadoimhne, lena n-áirítear roinnt codanna clúdaithe)
- Tarbhealach Abhainn Ghabhra
- Saoráid Páirceála agus Taistil Stáisiún an Inbhir (ullmhú suímh)
- Ullmhú shuíomh agus bhóthar rochtana Iosta Bhaile an Dairdisigh
- Tolláin agus tairseacha tollta, seaftaí aslonnaithe/idirghabhála
- Stáisiúin, tochailtí agus lóistíocht ghaolmhar, lena n-áirítear Baile an Dairdisigh, Baile an Fhoraistéaraigh, Lár Shord, Baile na Mara, agus An tInbhear
Luach an Fhógra Conartha ( CBL as an áireamh): €3.347 Billiún
Beidh an próiseas soláthair le haghaidh chonarthaí M400 á bhainistiú ag BIÉ, a bheidh ag feidhmiú mar Údarás Conarthach, agus is é BIÉ an t-aon phointe teagmhála d’iarratasóirí a bheidh ann. Déanfar an próiseas soláthair faoi rialacháin AE.
Beidh dhá sciar i gceist leis an gcomórtas tairisceana: Sciar 1: Conradh M401 agus Sciar 2: Conradh M402. Beidh dhá chéim i gceist leis chomh maith:
1. An chéim réamhcháiliúcháin, ina ndéantar measúnú agus gearrliostú ar iarratasóirí de réir critéir áirithe lena n-áirítear cobhsaíocht airgeadais, cumas teicniúil agus taithí ábhartha.
2. An chéim tairisceana, a bhféadfadh an iomad céim a bheith i gceist léi, cuirtear tús léi siúd nuair a eiseoidh BIÉ doiciméid tairisceana do gach iarratasóir gearrliostaithe.
Measúnófar na tairiscintí atá le cur isteach sa dara céim de réir na gcritéar seo a leanas: Comhlíontacht, Cáilíocht agus Costas. Roghnófar na conraitheoirí rathúla i ndiaidh na céime sin.
Féadfaidh iarratasóir iarratas a dhéanamh ar sciar amháin nó ar an dá cheann acu ach ní fhéadfar ach aon chonradh amháin a bhronnadh air nó uirthi. Déanfar triúr iarratasóirí a ghearrliostú le haghaidh gach sciar má tá spéis ag a ndóthain páirtithe ann. Forchoimeádann BIÉ an ceart an t-iarratasóir a thagann sa cheathrú háit a ghearrliostú le haghaidh aon chonradh amháin nó le haghaidh an dá cheann acu.
Is i gcomhthráth a reáchtálfar an chéim réamhcháiliúcháin le haghaidh chonarthaí M400. An chéim le haghaidh gach conartha ina dhiaidh sin, beidh sí agaithe, agus cuirfear tús le céim thairisceana chonradh M401 i dtosach, agus beidh céim thairisceana chonradh M402 ann roinnt míonna ina dhiaidh sin féin.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir leis an bpreasráiteas seo, déan teagmháil le Niall McHugh, Ceann Chumarsáid Straitéiseach MetroLink ag niall.mchugh@tii.ie nó ar 086 832 2413
04.02.2026 - First Major Design And Build Civils Contracts