Fógraíonn an tAire O’Brien Tuilleadh Forbartha ar Bhonneagar FL agus Tacaíochtaí Gnólachtaí do Thodhchaí Astaíochtaí Nialasacha

Sheol an tAire Iompair Darragh O’Brien dhá thogra nua atá dírithe ar aistriú na hÉireann chuig todhchaí astaíochtaí nialasacha a luathú. Cuirfidh na tograí seo leis an líonra náisiúnta athluchtaithe FL agus cuirfear feabhas ar thacaíocht do ghnólachtaí chun glacadh le feithiclí leictreacha tromshaothair. 

Táthar ag glacadh le hiarratais anois do Chéim 3 de Scéim Deontais ZEVI BIÉ um Bonneagar Athluchtaithe do Bhóithre Náisiúnta le haghaidh Feithiclí Saothair Éadroim (LDV). Díreofar sa chéim is deireanaí ar stáisiúin athluchtaithe ardchumhachta a shuiteáil feadh 3,000km de phríomhbhóithre agus bóithre den dara grád náisiúnta, ag cinntiú go bhfuil rochtain ar phointí luchtaithe fud fad na tíre, ar féidir brath uirthi, ag tiománaithe FL. 

Is é is aidhm don scéim cur go mór le toilleadh athluchtaithe FL na hÉireann trí dhíriú ar: 

  • Suíomhanna Spriocdhírithe: Áiseanna poiblí athluchtaithe laistigh de 3km ó bhóithre náisiúnta, lena n-áirítear stáisiúin pheitril, carrchlóis agus ollmhargaí 
  • Maoiniú: Infheistíochtaí i bpointí ardchumhachta athluchtaithe FL 
  • Leathadh amach sciobtha: Seachadadh luathaithe an bhonneagair athluchtaithe fhorleathain a cheadú. 

Dúirt an tAire O’Brien: “Treisíonn an fhorbairt seo ár dtiomantas d’fheabhas a chur ar an toilleadh athluchtaithe ar fud líonra FL na hÉireann. Cinnteoidh sé go mbeidh muinín ag tiománaithe carr leictreach a fháil, agus a fhios acu go mbeidh rochtain ar féidir brath uirthi acu ar an athluchtú sciobtha, is cuma cá háit a dtéann siad.” 

Chun sonraí iarratais a fháil, téigh anseo 

Chun tacú le dícharbónú earnáil lasta agus lóistíochta na hÉireann, d’fhógair an tAire O’Brien freisin go bhforbrófar an Scéim Deontais chun Feithiclí Tromshaothair Astaíochtaí Nialasacha a cheannach (ZEHDV). 

Beidh deontais bonneagair athluchtaithe iostaí agus lóistíochta mar chuid den scéim leathnaithe ZEHDV-I freisin, ionas gur féidir le gnólachtaí rochtain a fháil ar mhaoiniú do stáisiúin athluchtaithe ag iostaí, moil lóistíochta agus áitreabh tráchtála. Beidh deis ag gach gnólacht cur isteach ar an scéim, fiú iad siúd nach bhfuil ZEHDV acu faoi láthair. 

Dúirt an tAire O’Brien: “Trí thacaíocht a thabhairt do cheannach feithiclí agus don bhonneagar riachtanach athluchtaithe araon, táimid ag cur ar chumas na ngnólachtaí dícharbónú go héifeachtach. “Is céim mhór chun tosaigh iad na tograí seo i dtiomantas na hÉireann chun líonra iompair inbhuanaithe, astaíochtaí nialasacha a bheith ann—agus tacaíocht riachtanach á cur ar fáil do thiománaithe agus do ghnólachtaí chun todhchaí níos glaine a ghlacadh chucu féin.” 

Dúirt Peter Walsh, Príomhfheidhmeannach Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ), atá ag obair le ZEVI chun an scéim a reáchtáil: “Leanfaidh BIÉ ar aghaidh ag tacú leis an togra tábhachtach seo arna stiúradh ag an Aire O’Brien agus an Roinn Iompair. Cabhrófar le líonra iompair inbhuanaithe a chruthú do gach úsáideoir bóthair le forbairt Bhonneagar FL na hÉireann.” 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin scéim, téigh anseo