Fógraíonn MetroLink conradh chun traenacha, rianta agus stáisiúin agus seirbhís oibriúcháin a sholáthar ar feadh 25 bliain

  • Eisíodh fógra conartha don chonradh M500 ‘Dear, Tóg, Maoinigh, Oibrigh agus Déan Cothabháil’ (DBFOM)
  • Soláthrófar an conradh mar chonradh Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí (PPP) atá bunaithe ar infhaighteacht, ag nascadh íocaíochtaí a fhaightear ó sholáthraithe le hinfhaighteacht agus feidhmíocht na bpríomhghnéithe córais
  • Is é seo an conradh is mó i gclár MetroLink agus clúdaíonn sé soláthar, oibriúchán agus cothabháil chomhtháite na seirbhíse poiblí do phaisinéirí ar feadh 25 bliain   
  • Tagann an fógra i ndiaidh fhoilsiú na bhfógraí conartha do mhóroibreacha innealtóireachta sibhialta agus bonneagair, lena n-áirítear tollánú, agus d’oibreacha cumasaithe, atá á soláthar leo féin

Chuir Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ), thar ceann MetroLink, tús inniu leis an bpróiseas d’fháilte a chur roimh thairgeoirí ionchasacha chun páirt a ghlacadh sa chéad chéim den phróiseas tairisceana don chonradh Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí (PPP) atá mar chuid de chlár níos leithne MetroLink.

Is conradh ‘Dear, Tóg, Maoinigh, Oibrigh agus Déan Cothabháil’ (DBFOM) atá bunaithe ar infhaighteacht é an conradh. Bronnfar é ar chuibhreannas aonair a bheidh freagrach as oibreacha iarnróid sonraithe a sholáthar, in éineacht le hoibriú agus cothabháil chomhtháite na seirbhíse meitreo poiblí do phaisinéirí (Seirbhísí M500) ar feadh tréimhse 25 bliain.  

Ní áirítear móroibreacha innealtóireachta sibhialta agus bonneagair, lena n-áirítear tollánú, ná oibreacha cumasaithe, leis an gconradh PPP. Bíonn na gnéithe seo mar chuid de chlár níos leithne MetroLink agus bíonn siad á soláthar leo féin trí mheicníochtaí nach meicníochtaí PPP iad. Mar chuid den phróiseas seo, tá Ceistneoir Réamhcháiliúcháin (PQQ) don mhargadh le haghaidh an conradh PPP á eisiúint ag BIÉ inniu.

Is garsprioc shuntasach é seo do MetroLink, a léiríonn an dul chun cinn a rinneadh ó phleanáil an tionscadail go soláthar agus seachadadh, agus a leagann béim ar an móiminteam leanúnach atá taobh thiar den tionscadal bonneagar iompair phoiblí is mó in Éirinn.

Leanann sé seicheamh tiomnaithe de rannpháirtíochtaí margaidh, ag tosú le lorg tairiscintí an chonartha Comhpháirtí Seachadta Cláir (PDP) chun seirbhísí gairmiúla bunriachtanacha a chur ar fáil, lena n-áirítear bainistiú sábháilteachta, bainistíocht tionscadal agus maoirseacht láithreáin. Tosaíodh an conradh M100 ina dhiaidh sin chun oibreacha cumasaithe a chur ar fáil agus conarthaí M400 chun oibreacha troma innealtóireachta sibhialta a chur ar fáil, nithe a tosaíodh níos luaithe i mbliana.

Táthar ag súil le go ngearrliostófar agus go roghnófar an triúr iarratasóirí incháilithe is airde a rangaítear don chonradh chun leanúint ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas.

Chuir an tAire Iompair Darragh O’Brien fáilte roimh an bhforbairt seo, ag rá go raibh sé ina céim iontach chun cinn don iompar poiblí in Éirinn.

“Is ionann seoladh an phróisis soláthair seo agus comhartha soiléir den uaillmhian atá againn chun bonneagar iompair inbhuanaithe den chéad scoth a sholáthar,” ar seisean, ag rá: “Tá an Rialtas seo tiomanta do MetroLink a sholáthar le cáilíocht, luach ar airgead agus leas fadtéarmach an phobail i gcroílár an tionscadail.”

Agus í ag labhairt faoi thábhacht na céime seo i soláthar MetroLink, dúirt Anne Shaw, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair:

“Is cúis áthais dom an tionscadal tábhachtach seo a fheiceáil ag dul chun cinn, ag léiriú an fhoinn láidir atá ag fás chun an tionscadal claochlaitheach seo a thabhairt chun cinn. Is bunchloch de Straitéis Iompair Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath (2022-2024) é MetroLink agus is cuid lárnach den Phlean Forbartha Náisiúnta é, ag treisiú nasc ar fud an líonra Transport for Ireland níos leithne agus ag cumasú iompar níos inbhuanaithe do chomaitéirí, do chuairteoirí agus do phaisinéirí. Tá an fhéidearthacht ag an tionscadal tacú le soláthar tithíochta, fás eacnamaíoch agus astaíochtaí laghdaithe, fad atá aghaidh á tabhairt ar dhúshláin sheanbhunaithe maidir le brú tráchta. Trí mheán an tsoláthair sin, cuirimid fáilte roimh chomhpháirtithe uaillmhianacha a bhfuil taithí acu chun bheith mar chuid de thionscadal iompair nach dtarlaíonn ach an uair fhánach agus chun ról ríthábhachtach fadtéarmach a imirt i ndearadh, tógáil, oibriú agus cothabháil córais a athmhúnlóidh an tsoghluaisteacht ar fud Bhaile Átha Cliath agus níos faide i gcéin.”

Tá Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) dírithe ar “próiseas soláthair láidir, iomaíoch a mheallfaidh comhpháirtithe idirnáisiúnta a bhfuil taithí acu agus an cumas acu tionscadal ar scála chomh mór seo a sholáthar,” a rith dar le Príomhoifigeach Feidhmiúcháin BIÉ, Lorcan O’Connor.

“Leagadh an conradh amach go cúramach chun riosca a leithdháileadh ar bhealach cuí, chun nuálaíocht a spreagadh, agus chun barr feabhais oibriúcháin fadtéarmach a chinntiú. Táimid ag tnúth le bheith ag obair go dlúth leis an margadh chun an píosa bonneagair náisiúnta ríthábhachtaigh seo a thabhairt chun críche,” ar seisean.

Áireofar le raon feidhme an chonartha:  

  • Dearadh, soláthar, tógáil, oibriú, cothabháil agus maoiniú rothstoc an mheitreo, córas comharthaíochta ar Ghrád Oibriúcháin 4, iarnród uathoibrithe (‘GoA4’)
  • Iosta iarnróid agus áis chothabhála, áis pháirceála agus taistil, foirgneamh/foirgnimh lárionaid rialaithe meitreo
  • Iarnród ar fud na líne, córas teagmhála lasnairde, córais chumhachta agus chumarsáide
  • Córais mheicniúla agus leictreacha lena n-áirítear aeráil tholláin agus stáisiúin, córais ghluaiseachta daoine   
  • Tógáil ballaí inmheánacha agus oibreacha sibhialta agus tógála tánaistí laistigh de struchtúir bhlaoscacha agus lárnacha na stáisiún faoi thalamh
  • Feistiú agus bailchríocha i 16 stáisiún (os cionn na talún agus faoin talamh) mar aon le dearadh agus tógáil feabhsuithe sa réimse uirbeach
  • Oibriú agus cothabháil na sócmhainní ar fad atá mar chuid de MetroLink
  • Tá sé beartaithe ag BIÉ Comhaontú Luathsheirbhísí a bhronnadh ar an Tairgeoir Roghnaithe d’fheidhmíocht na Luathsheirbhísí le linn Chéim an Tairgeora Roghnaithe 

Tugtar cuntas níos mionsonraithe ar raon feidhme an chonartha i gcuid a trí de phacáiste an cheistneora réamhcháiliúcháin (PQP). 

Cur Chuige Soláthair  

Tosóidh próiseas an tsoláthair le céim réamhcháiliúcháin (PQP), arb ionann sin agus céim thosaigh scagthástála an chomórtais. Ceaptar an chéim seo le measúnú a dhéanamh ar acmhainn, ar thaithí agus ar chumas an tairgeora an conradh a sholáthar sula dtugtar cuireadh dó tairiscint iomlán a chur isteach.

Ar chríochnú an phróisis PQQ, tabharfar cuireadh do ghearrliosta d’iarratasóirí réamhcháilithe chun tairiscintí mionsonraithe a chur isteach.

Éilíonn rialacha soláthar an Aontais Eorpaigh go gcuireann an t-údarás conarthach ábhartha luach measta an chonartha in iúl i bhfógra na chonartha. Bíonn an meastachán seo bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil tráth an fhoilsithe agus tá sé beartaithe chun tairgeoirí féideartha a threorú maidir le scála ionchasach an tionscadail, dá gcumasú chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a thiteann sé laistigh dá bparaiméadair nó nach dtiteann. Ní bhíonn an luach measta ceangailteach ó thaobh conartha de. Is féidir le fíorphraghsanna tairisceana a bheith níos airde nó níos ísle ná an meastachán seo agus léireoidh siad réimse tosca lena n-áirítear coinníollacha an mhargaidh agus brúnna iomaíocha atá ann faoi láthair.    

Is é €7.3 billiún (CBL as an áireamh) an luach conartha measta a luaitear san fhógra chonartha CBL) i dtéarmaí Glanluacha Láithrigh (NPV). Léiríonn an meastachán NPV seo pointe measúnaithe thar am ar leith (Feabhra 2026) bunaithe ar réamh-mheastacháin an údaráis chonarthaigh ar na costais tógála, oibriúcháin agus saolré, in éineacht le tuiscintí a bhaineann leis an gclár tógála atá beartaithe, leithdháileadh riosca, costais mhaoinithe, rátaí úis atá ann faoi láthair, agus tosca eile. Bíonn na tuiscintí seo faoi réir athraithe.

Foilsíodh an fógra conartha seo ar shuíomh gréasáin eTenders agus beidh sé ar fáil trí shuíomh gréasáin an OJEU.  

Bronnfar an conradh i gcomhréir leis na ceanglais rialála agus nós imeachta infheidhme a rialaíonn lorg tairiscintí iomaíoch na gconarthaí seirbhísí poiblí. 

Táthar ag súil le go mairfidh an conradh ar feadh thart ar 32 bliain, ag cuimsiú:  

  • tréimhse oibreacha a mhairfidh thart ar seacht mbliana go dtí go gcuirfear na hoibreacha i gcrích; agus 
  • tréimhse seirbhísí a mhairfidh 25 bliain d’oibriú agus cothabháil shócmhainní MetroLink. 

Beidh an conradh PPP struchtúrtha mar chonradh atá bunaithe ar infhaighteacht, le meicníocht íocaíochta atá ceaptha chun tacú le soláthar córais meitreo atá sábháilte, iontaofa agus ar ardchaighdeán.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis an bpreasráiteas seo, déan teagmháil le Niall McHugh, Ceann Cumarsáide Straitéisí ag 086 8322413. 

Nótaí don Eagarthóir: 

Íocfar an conraitheoir as MetroLink a chur ar fáil, agus é ag feidhmiú i gceart ar ardchaighdeán don tréimhse ama a aontaítear mar gheall ar chonradh atá bunaithe ar infhaighteacht. Roinneann sé sin an costas thar roinnt mhaith blianta, aistríonn sé an riosca tógála agus cothabhála chuig an gconraitheoir agus spreagann sé caighdeán fadtéarmach na seirbhíse.  

Tá MetroLink mar chuid de réiteach iompair comhtháite do Bhaile Átha Cliath lena mbaineann forbairt seirbhíse iarnróid uirbigh uathoibrithe, de Ghrád Uathoibrithe 4 (GoA4) ag rith ó thuaidh agus ó dheas idir an tInbhear agus Charlemont mar aon le hAerfort Bhaile Átha Cliath, Iarnród Éireann, DART, Bus Átha Cliath agus seirbhísí Luas a nascadh lena chéile. Cuirfidh sé seirbhís iarnróid mheitreo ardluais, ardchumais, ardmhinicíochta, nua-aimseartha agus éifeachtúil ar fáil, a mbeidh áit ann do 20,000 paisinéir (le linn buaicthréimhsí) an treo in aghaidh na huaire agus an cumas aige suas le 50 milliún paisinéir a iompar in aghaidh na bliana. Is é ancuspóir straitéiseach foriomlán atá ag MetroLink ná chun tairbhí suntasacha timpeallachta, pobail agus socheacnamaíocha a thabhairt d’Éirinn.  

Is iad na pacáistí conartha do MetroLink ná:   

  • Conarthaí shraith M100: Ardchonarthaí oibreacha cumasaithe, lena n-áirítear conarthaí le haghaidh: seirbhísí seandálaíochta; oibreacha fóntais; oibreacha cumasaithe agus oidhreachta; seirbhísí monatóireachta agus suirbhéireachta neamhspleácha; agus ardoibreacha troma sibhialta lena n-áirítear tógáil bhosca stáisiúin Aerfort Bhaile Átha Cliath
  • Conarthaí shraith M400 : Dhá chonradh dearaidh agus tógála gheografacha mhóra (M401 agus M402) do chodanna innealtóireachta sibhialta agus stáisiún na scéime (.i. na pacáistí conarthaí thuaidh agus theas), a sholáthraítear leo féin
  • Conradh M500: Conradh ‘Dear, Tóg, Maoinigh, Oibrigh agus Déan Cothabháil’ (‘DBFOM’) (M500) do dhearadh, soláthar, tógáil, oibriú, cothabháil agus maoiniú rothstoc an mheitreo (GoA4), córas comharthaíochta, iosta iarnróid agus áis chothabhála, áis pháirceála agus taistil, lárionad rialaithe oibríochta, suiteáil riain ar fud na líne, córas teagmhála lasnairde, córais chumhachta agus chumarsáide agus chomharthaíochta, córais mheicniúla agus leictreacha lena n-áirítear aeráil tholláin agus stáisiúin, córais ghluaiseachta daoine, feistiú na mbailchríoch i sé stáisiún déag (os cionn na talún agus faoin talamh) mar aon le dearadh agus tógáil an réimse uirbigh; agus oibriú agus cothabháil na sócmhainní ar fad atá mar chuid de MetroLink.

Tógfaidh soláthar gach conradh shraith M400 agus Chonradh M500 idir 18 agus 24 mí, thar thréimhse suas le 30 mí san iomlán.   

Soláthróidh MetroLink:   

  • Bonneagar ar thús cadhnaíochta d’Éirinn – iompróidh sé suas le 53 milliún paisinéir in aghaidh na bliana
  • Soláthróidh an clár €1.40 i sochar eacnamaíoch níos leithne do gach euro a infheistítear, de réir an
  • Réamhcháis Gnó (2022) https://www.nationaltransport.ie/planning-and-investment/transportinvestment/projects/metrolink/metrolink-preliminary-business-case/ 
  • Seirbhís ardmhinicíochta, leis an acmhainneacht le rith gach 90 soicind ag buaic-am
  • An cumas chun suas le 20,000 paisinéir a iompar in aghaidh na huaire, sa dá threo
  • Aerfort Bhaile Átha Cliath go lár na cathrach in 20 nóiméad
  • Soláthar 3,000 Spás Páirceála & Taistil
  • Bonneagar iompair ghníomhaigh chomhtháite a thacaíonn leis an rothaíocht agus leis an siúl
  • Idirmhalartú gan stró le Seirbhísí Luas, Bus agus iarnróid
  • Laghdú ar bhrú tráchta ar an ngréasán bóithre
  • Réiteach iompair phoiblí atá inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol    

CRÍOCH

Dáta Foilsithe: 01.05.2026