Foilsíonn Bonneagar Iompair Éireann Plean Cur Chun Feidhme Oiriúnaithe Aeráide do Bhóithre Náisiúnta 2026-2030

Inniu, d’fhoilsigh Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) a Phlean Cur Chun Feidhme Oiriúnaithe Aeráide do Bhóithre Náisiúnta 2026–2030, an chéad phlean dá leithéid don eagraíocht. Aithníonn BIÉ na dúshláin a bheidh roimh Ghréasán Bóithre Náisiúnta na hÉireann sna blianta amach romhainn de réir mar a théann an drochaimsir i méid de bharr an athraithe aeráide

Leagtar amach sa phlean seo cur chuige BIÉ maidir le gréasán níos seasmhaí a fhorbairt, agus na réamh-mheastacháin aeráide is déanaí mar bhonn leis. Sainaithnítear ann 20 beart spriocdhírithe a chuirfidh BIÉ chun cinn thar an gcéad chúig bliana eile. Leagtar amach sa phlean seo na céimeanna a ghlacfaidh BIÉ chun aistriú chéim na pleanála go dtí an cur chun feidhme. Tá na bearta uile ailínithe agus bunaithe ar na cuspóirí atá leagtha amach i Straitéis Oiriúnaithe Aeráide BIÉ (a foilsíodh in 2022) chomh maith le tacú leis na gníomhartha a shonraítear i bPlean Oiriúnaithe Earnála Iompair (TSAP II) na Roinne Iompair, a foilsíodh in 2025.  

Ar an iomlán, is ionann luach sócmhainní an Ghréasáin Bóithre Náisiúnta agus thart ar €31 billiún, is infheistíocht í a rinne an stát chun ligean do dhaoine, earraí agus seirbhísí taisteal go sábháilte ar fud oileán na hÉireann, infheistíocht a thuilleann brabús ar na billiúin euro trí shaolta a shábháiltear agus an ghníomhaíocht eacnamaíoch uile a éascaítear léi. Leagann an “Plean Cur i bhFeidhm Oiriúnaithe Aeráide” béim ar an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i gcosaint an Ghréasáin Bóithre Náisiúnta, ionas gur féidir leis feidhmiú mar a beartaíodh dó, i bhfad amach anseo.    

Tá BIÉ ag tnúth le bheith ag obair i gcomhar le páirtithe leasmhara ar fud na hearnála agus an obair seo á cur chun cinn aige chun gréasán Bóithre Náisiúnta sábháilte, iontaofa agus athléimneach ó thaobh na haeráide de a chinntiú d’Éirinn.  

Naisc Ghaolmhara: Plean Cur Chun Feidhme Oiriúnaithe Aeráide do Bhóithre Náisiúnta 2026-2030 

Foilsithe: 23.02.2026