Tosaíonn seirbhísí iomlána Líne Dhearg Luas arís i ndiaidh tógáil droichid nua

Tá áthas ar Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ) a dheimhniú go dtosóidh na seirbhísí Líne Dhearg Luas idir Conghaile agus an tIosta arís ar an Aoine 28 Samhain. Tá sé seo i ndiaidh atógáil droichid a bheith curtha i gcrích go rathúil agus oibreacha fhairsing sábháilteachta agus cóirithe ag Duga Sheoirse, a rinneadh i ndiaidh an tine a bhí ann i mí Lúnasa. 

Chun na seirbhísí a thabhairt ar ais ar bhealach sábháilte, rinne BIÉ measúnú mionsonraithe ar an droichead, ar bhonneagar iarnróid éadroim, agus fóntais ghaolmhara. Bunaithe ar an measúnú seo, soláthraíodh dianchlár tógála agus oibreacha athchóirithe i gcomhoibriú le Transdev, Jons Civil Engineering, ROD, GPX Rail, agus Custom House Docks Management Limited. I dteannta an droichead a bheith atógtha, tugadh ceangail fóntais, agus ráillí Luas agus an Córas Teagmhála Lastuas ar ais ina n-iomláine. 

D’fhormheas an Coimisiún um Rialáil Iarnróid (CRR) seirbhísí paisinéirí a thabhairt ar ais an tseachtain seo. Gabhann BIÉ buíochas ó chroí leo siúd ar fad a bhí bainteach leis chun críochnú tráthúil na n-oibreacha casta seo a chinntiú agus seirbhísí a thabhairt ar ais laistigh de cheithre mhí ó tharla an tine. Is mian le BIÉ freisin a bhuíochas a ghabháil leis na paisinéirí Luas as a gcuid foighne agus tuisceana le linn na tréimhse briste seo. A bhuí le bhur gcomhoibriú, bhíomar in ann tús áite a thabhairt don tsábháilteacht agus na seirbhísí Luas a thabhairt ar ais díreach in am do shéasúr gnóthach na Nollag. 

 

Clé go Deas: Lorcan O'Connor (POF BIÉ), Anne Shaw (POF NTA), Darragh O'Brien (an tAire Iompair), Ray MacAdam (Ardmhéara Bhaile Átha Cliath), Ben Dwars (POF Transdev) and Cathal Masterson (BIÉ) 

 

Dúirt an tAire Iompair, Darragh O’Brien an méid seo a leanas:[Text Wrapping Break]Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le BIÉ, Transdev agus NTA ina ról mar Údarás maoinithe, i dteannta na ngníomhaireachtaí, na gconraitheoirí agus soláthróirí fóntais faoina gcomhoibriú agus a n-obair uile lena chinntiú go dtabharfaí seirbhísí paisinéirí Luas ar ais go sábháilte agus go tráthúil. Tá áthas an domhain orm athoscailt na seirbhísí a fheiceáil díreach in am do shéasúr gnóthach na Nollag agus gabhaim buíochas le paisinéirí as a gcuid foighne agus tuisceana ar feadh na tréimhse seo. 

Dúirt Príomhfheidhmeannach BIÉ Lorcan O’Connor go léiríonn an t-éacht seo tiomantas BIÉ i leith bonneagar éifeachtach, sábháilte iompair a sholáthar go pras. D’aithin sé freisin comhoibriú láidir agus díograis na bpáirtithe ar fad a bhí bainteach, le gur féidir na seirbhísí paisinéirí a thabhairt ar ais laistigh d’achar ama an-ghearr. 

Dúirt Stiúrthóir Bainistíochta Iarnród Éadrom Bhaile Átha Cliath Transdev, Ben Dwars an méid seo a leanas:[Text Wrapping Break]Tá áthas an domhain orainn oibreacha dhroichead Dhuga Sheoirse a fheiceáil agus iad críochnaithe agus na seirbhísí Líne Dhearg Luas a athoscailt idir Conghaile agus an tIosta. Tá fáilte mhór roimh an gcuid seo a bheith ar ais in am do shéasúr na Nollag. 

Ba mhaith liom an chomhpháirtíocht iontach seo le Bonneagar Iompair Éireann agus leis na páirtithe leasmhara ar fad a raibh baint acu leis a aithint. D’fhág an chaoi ar tháinig gach duine le chéile gur bhain muid an lá seo amach ar bhealach sábháilte agus in am. Tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh ár bpaisinéirí teacht ar ais ar bord. 

Chuir Anne Shaw, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin NTA an méid seo a leanas leis sin: 

Léiríonn athoscailt na seirbhísí Líne Dhearg Luas idir Conghaile agus an tIosta tiomantas agus comhoibriú na bpáirtnéirí ar fad maidir leis na hoibreacha casta seo a chur i gcrích ar bhealach sábháilte agus éifeachtach. Ach an ceangal ríthábhachtach seo a thabhairt ar ais roimh shéasúr gnóthach na Nollag, cinntítear gur féidir le paisinéirí brath ar an Luas mar rogha taistil atá áisiúil agus inbhuanaithe i gcónaí. Tá áthas an domhain orainn an tseirbhís seo a bheith ar ais ag oibriú agus a páirt á déanamh i líonra níos leithne Transport for Ireland (TFI). 

27.11.25 - Tosaíonn seirbhísí iomlána Líne Dhearg Luas arís i ndiaidh tógáil droichid nua